YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 4

4
1Agus do thosnuigh sé aris ar theagasc do dhéanamh cois na fairrge. Agus do chruinnigh sluagh an‐mhór chuige, i dtreo go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé ann ar an bhfairrge; agus do bhí an sluagh uile ar an talamh, le h‐ais na fairrge. 2Agus thug sé morán teagaisc dóibh i samhlaoidibh, agus adubhairt sé leo ’n‐a theagasc, 3Éistidh liom: Féachaidh, do chuaidh síoladóir amach ag cur sil: 4agus tarla, ag cur an tsíl dó, gur thuit cuid de’n tsíol i n‐aice an bhealaigh, agus tháinig éanlaithe an aeir, agus d’itheadar é. 5Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach, i n‐áit nach raibh mórán úire ann; agus d’fhás sé suas láithreach, de bhrigh nach raibh aon doimhneacht cré aige: 6agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é; agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé. 7Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh, agus d’fhás an drisleach suas, agus do thacht é, agus ní thug sé aon toradh uaidh. 8Agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh, d’fhás agus d’éirigh, cuid de fá thriochaid, cuid de fá thrí fichid, agus cuid de fá chéad. 9Agus adubhairt sé, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.
10Agus nuair do bhí sé ’n‐a aonar, na daoine do bhí ’n‐a thimcheall i n‐éinfheacht leis an dá‐réag, d’iarradar air brigh na samhlaoide do mhíniú dhóibh. 11Agus adubhairt sé leo, Tugadh eolas daoibh‐se ar rúin‐diamhraibh ríoghachta Dé: acht dóibh‐sean atá amuigh, déantar gach nidh i samhlaoidibh: 12ionnas, ag féachain dóibh, go ndearcfaidís agus nach bhfeicfidís; agus ag éisteacht dóibh, go n‐éistfidís agus nach dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóchaidís, agus go maithfidhe a bpeacaidhe dhóibh.
13Agus adubhairt sé leo, An é nach dtuigeann sibh brigh na samhlaoide seo? Cionnas thuigfeas sibh, mar sin, brigh na samhlaoid go léir. 14An síol chuireas an síoladóir, is é an briathar é. 15Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an bhealaigh, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briathar, acht nuair chloiseas siad é, tig Sátan ar an láthair, agus tógann sé uatha an briathar do cuireadh ionnta. 16Agus ar an gcuma chéadna, na daoine gur cuireadh an síol i n‐áiteannaibh clochacha ionnta, is iad‐san na daoine ghlacas chuca an briathar ar an láthair le h‐áthas nuair a chloiseas siad é; 17agus ní fhuil fréamh aca ionnta féin, acht seasann siad ar feadh tamaill; annsin, nuair éirigheas trioblóid nó géir‐leanamhain mar gheall ar an mbriathar, glacann siad scannal ar an láthair.
18Agus atá daoine eile go gcurtar an síol sa drisleach ionnta; is iad‐san na daoine éisteas leis an mbriathar, 19acht tig cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris, agus an‐dúil i neithibh eile isteach ionnta, agus tachtaid‐sean an briathar, agus ní thugann sé aon toradh uaidh.
20Agus iad‐san gur cuireadh an síol sa talamh maith ionnta; is iad na daoine éisteas leis an mbriathar, agus ghlacas chuca é, agus do‐bheir toradh uatha, fá thriochaid, agus fá thrí‐fichid, agus fá chéad.
21Agus adubhairt sé leo, An dtugtar an lóchrann isteach chum go gcuirfidhe é fá bhéal soithigh, nó fá’n leabaidh? an é nach gcurtar é ar choinnleoir? 22Óir ní curtar aon nidh i bhfolach, acht chum go nochtfar é; ná ní dearnadh aon nidh fá rún, acht chum go dtiocfaidh sé chum solais.
23An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.
24Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire do’n méid chloiseas sibh: an tómhas ’n‐a dtómhaiseann sibh, is é sin an tómhas ’n‐a dtómhaisfear chugaibh: agus do‐bhéarfar tuilleadh dhaoibh. 25Óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó: agus an té nach bhfuil nidh aige, bainfear de a bhfuil aige.
26Agus adubhairt sé leo, Is amhlaidh atá ríoghacht Dé, mar do chrothfadh duine síol ar an talamh: 27agus go rachadh seisean a chodladh agus go ndúiseochadh sé oidhche agus lá, agus go mbéadh an síol ag gobadh aníos agus ag dul i bhfás, gan a fhios aige cionnas fhásas sé. 28Do‐bheir an talamh toradh uaidh féin; an geamhar ar dtús, an dias ’n‐a dhiaidh sin, agus annsin an t‐arbhar iomlán sa dís. 29Acht nuair bhíos an toradh aibidh, ar an lathair cuireann seisean an corrán ann, de bhrigh go bhfuil am an fhóghmhair ann.
30Agus adubhairt sé, Cad leis an samhlóchaimíd ríoghacht Dé? cad í an tsamhlaoid ’n‐a dtais‐beánfaimíd í? 31Is cosmhail í le gráinne síl mustáird, nuair curtar é sa talamh, biodh gur lugha é ná na síolta uile d’á bhfuil ar domhan, 32nuair curtar é, fásann sé suas agus éirigheann sé níos mó ná aon luibh eile, agus cuireann sé amach géaga móra uaidh go bhféadann éanlaithe na spéire dul ’n‐a gcómhnaidhe fá n‐a scáth.
33Agus is iomdha samhlaoid eile de’n tsórt sin i n‐ar labhair sé an briathar leo, de réir mar do b’fhéidir leo éisteacht leis: 34agus níor labhair sé leo acht i samhlaoidibh: acht do mhínigh sé gach aon nidh i leathtaoibh d’á dheisceablaibh féin.
35Agus adubhairt sé leo an lá sin, nuair do bhí an tráthnóna ann, Téighmís trasna anonn go dtí an taobh thall. 36Agus ag fágáil an tsluaigh dhóibh, thugadar leo é, mar do bhí sé, sa mbád. 37Agus do bhí báid eile ’n‐a fhochair. Agus d’éirigh anfadh mór gaoithe, agus do bhuail na tonna isteach sa mbád, i dtreo go raibh sí d’á líonadh. 38Agus do bhí sé féin i dtile deiridh an bháid, agus é ’n‐a chodladh ar pheiliúr: agus do dhúisigheadar é, agus adubhradar leis, A Mháighistir, an cuma leat go bhfuilmid‐ne d’ár mbáthadh? 39Agus d’éirigh sé ’n‐a dhúiseacht, agus do bhagair sé ar an ngaoith, agus adubhairt sé leis an bhfairrge, Éist, bí socair. Agus do stad an ghaoth, agus do bhí ciúnas mór ann. 40Agus adubhairt sé leo, Cad chuige a bhfuil eagla oraibh? An é nach bhfuil creideamh agaibh fós? 41Agus do ghabh eagla an‐mhór iad, agus adubhradar le chéile, Cia h‐é seo, go n‐umhluigheann gaoth agus fairrge dhó?

Currently Selected:

Marcus 4: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in