Marcus 5
5
1Agus thángadar go dtí an bruach eile de’n fhairrge, go crích na nGerasénach. 2Agus nuair tháinig sé amach as an mbád, ar an láthair do casadh ’n‐a threo fear ’n‐a raibh spioraid neamh‐ghlan, agus é ag teacht as na tuamaibh, 3fear do chómhnuigheadh ins na tuamaibh; agus níor fhéad duine ar bith a cheangal, le slabhradh féin; 4óir, ba mhinic do ceangladh é le geimhlibh agus le slabhraibh, agus do réab sé na slabhraidhe agus do bhris sé na geimhle ’n‐a mbroscar; agus ní raibh ar chumas aon duine a chur fá smacht. 5Agus do bhíodh sé i gcómhnaidhe, d’oidhche agus de ló, ins na tuamaibh agus ar na cnocaibh, ag screadaigh agus ’g‐a ghearradh féin le clochaibh. 6Agus nuair do chonnaic sé Íosa i bhfad uaidh, do rith sé chuige agus do shléacht sé dhó; 7agus ag glaodhach amach de ghuth árd dó, adubhairt sé, Cad é an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde? Athchuinghim ort, as ucht Dé, gan mo phianadh. 8Óir adubhairt sé leis, A spioraid neamh‐ghlan, tar amach as an bhfear. 9Agus d’fhiafruigh sé dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean leis, Léigiún is ainm dom; óir is sluagh sinn. 10Agus d’iarr sé go dian air gan a gcur as an dúthaigh sin amach. 11Is amhlaidh do bhí tréad mór muc ag inbhear ar thaobh an chnuic ann. 12Agus d’iarradar d’athchuinghe air, ’g‐a rádh, Cuir ins na mucaibh sinn, go rachaimíd isteach ionnta. 13Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spioraide neamh‐ghlana amach, agus do chuadar isteach ins na mucaibh; agus do rith an tréad de ruathar síos le fánaidh isteach sa bhfairrge, fá thuairim míle dhíobh do bhí ann; agus do báthadh iad sa bhfairrge. 14Agus na daoine do bhí ag buachailleacht na muc, do theicheadar, agus d’innseadar sa gcathair agus sa tír é. Agus tháinig na daoine amach d’fhéachain cad tarla. 15Agus thángadar chum Íosa, agus do chonnacadar an fear ’n‐a mbíodh na deamhain, é ’n‐a shuidhe, agus a éadaighe air, agus é ’n‐a mheabhair shaoghalta, an fear céadna ’n‐a raibh an léigiún: agus tháinig eagla ortha. 16Agus na daoine do chonnaic é, d’inniseadar dóibh‐sean créad d’éirigh do’n fhear ’n‐a mbíodh na deamhain, agus i dtaobh na muc. 17Agus do thosnuigheadar ar iarraidh d’impidhe air go n‐imtheochadh sé ar a ndúthaigh. 18Agus nuair do bhí sé ag dul isteach sa mbád, an fear ’n‐a mbíodh na deamhain, d’iarr seisean cead air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair. 19Acht níor leig sé dhó é, acht adubhairt sé leis, Imthigh go dtí do theach agus go dtí do mhuinntear féin, agus innis dóibh na neithe móra do rinne an Tighearna dhuit, agus an trócaire do rinne sé ort. 20Agus d’imthigh an fear, agus do thosnuigh sé ar a innsint sa Decapolis cad iad na neithe móra do rinne Íosa dhó: agus do chuir sé ionghnadh ar gach uile dhuine.
21Agus nuair do chuaidh Íosa thar ais arís go dtí an taobh eile, do chruinnigh sluagh mór chuige: agus do bhi sé ar bhruach na fairrge. 22Agus tháinig fear d’uachtaránaibh na sionagóige chuige, agus Iáirus ab ainm dó; agus nuair do chonnaic sé é, do chaith sé é féin ag a chosaibh, 23agus adubhairt sé leis i n‐athchuingheachaibh, Atha m’inghean bheag i riochtaibh báis: impighim ort teacht agus do lámh do chur uirthi, chum go leigheasfaidhe í, agus go mairfeadh sí. 24Agus d’imthigh sé i n‐éinfheacht leis; agus do lean sluagh mór é, agus do bhíodar ag brúghadh air.
25Agus do bhí bean ann ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, 26agus d’fhulaing mórán ó iomad liaigh, agus do chaith a raibh aici, gan aon bhiseach d’fhágh‐áil, acht í ag éirghe níos measa: 27nuair do‐chuala sise i dtaobh Íosa, tháinig sí taobh thiar de i lár an tsluaigh, agus do chuir sí a lámh ar a bhrat. 28Óir adubhairt sí, Muna ndéanad acht baint le n‐a bhrat, leigheasfar mé. 29Agus ar an láthair do thiormuigh sruth a fola; agus d’aithin sí ar a colainn go raibh sí leigheasta ó’n ngalar. 30Agus ar an láthair do bhraith Íosa ann féin go raibh buaidh imthighthe amach as, agus d’iompuigh sé sa tsluagh, agus adubhairt, Cé bhain lem’ éadaighibh? 31Agus adubhairt a dheisceabail leis, Do‐chí tú an sluagh ag brúghadh ort, agus fiafruigheann tú, Cé bhain liom? 32Agus d’fhéach sé ’n‐a thimcheall go bhfeicfeadh sé an bhean do rinne é. 33Acht tháinig crith‐eagla ar an mnaoi, óir do bhí a fhios aici créad tarla dhí, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí an fhírinne iomlán dó. 34Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin, agus bí slán ód’ ghalar.
35Ag labhairt dó, tháinig daoine ó thigh uachtaráin na sionagóige, agus adubharadar, Atá t’inghean tar éis báis: cad chuige dhuit an Máighistir do bhuaidhreadh feasta? 36Acht nuair do‐chuala Íosa an focal sin, adubhairt sé le h‐uachtarán na sionagóige, Ná bíodh eagla ort, acht creid amháin. 37Agus níor leig sé d’aoinneach teacht leis, acht Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearbhráthair Shéamais. 38Agus thángadar go tigh uachtaráin na sionagóige; agus thug sé fá deara an buaidhreadh agus daoine ag gol agus ag caoineadh go h‐árd‐ghlórach. 39Agus nuair do chuaidh sé isteach, adubhairt sé leo, Cad chuige an fothram agus an t‐árd‐ghol so? ní marbh atá an cailín, acht ’n‐a codladh. 40Agus do rinneadar gáiridhe magamhail faoi. Acht do chúir seisean iad go léir amach, agus thug sé leis athair agus máthair an chailín agus iad‐san do bhí ’n‐a fhochair, agus do chuaidh sé isteach mar a raibh an cailín ’n‐a luighe. 41Agus ag breith ar láimh ar an gcailín dó, adubhairt sé léi, Talitá cúm, is é sin, A chailín, adeirim‐se leat, Éirigh. 42Agus ar an láthair d’éirigh an cailín ’n‐a suidhe, agus do shiubhail sí; óir do bhí sí dhá bhliadhain déag d’aois. Agus tháinig uathbhás an‐mhór ortha. 43Agus d’órduigh sé go dian dóibh gan faisnéis ’n‐a thaobh do thabhairt d’aon duine: agus adubhairt sé rud le n’ithe do thabhairt dí.
Currently Selected:
Marcus 5: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932