YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 10

10
X Psalm.
1Creud as fa’r sheasais fhad o laimh,
Iehobha laidir thréin;
A naimsir bróin a’s bua’rtha mhóir,
Fa ndéan tu t’folach féin?
2Ta an droch‐dhuine uaibhreach borb,
Go dian a ttóir na mbochd:
Acht gabhthar iad sna cealguibh truagh,
Do smuaineadar chum lochd.
3Oir, an droch‐dhuine muidhfigh fonn,
Agus mian a chroidhe féin:
’Sna dáoine santach mollan se,
Ge beag air Dhia a méin.
4An droch‐dhuine tre uabhar gnúis,
Ni ghoireann se ar Dhia:
Ann a chroidhe, ni bhfuil uair air bith,
Aon smuaineadh air an dTriath.
5Ta uile shlighe ro dhoilghiosach,
’S ard o na shúil do bhreith:
Ag séideadh pluc go fona’dmhach,
Air eascairibh fa leith.
6Ann a chroidhe féin do labhuir se,
Go deo ni gluaisfior me:
Oir ni thig amhgar or’m go brath,
Na buaireadh fós dom chláoidh.
7Do gho ’s do mhallachd, a’s do cheilg,
A bheulsan lán ata:
Ta urchóidh mhór is diomháoineas,
Fa theanga san do ghnath.
8A ndiomhaireacht na mbailtibh mbeag,
Sior shuidhean se ganfhios:
Ta shúil air bhochduibh a’s fhíréunuibh,
A nuaigneas dhluigh da sgrios.
Ta shuile nimhneach mar an cceudn’,
Ro ghuineadh geur ann lochd,
A dearcadh an a ndiomhaireachd,
Chum sgrios an fhiréin bhoichd.
9Mur leomhan ’na luidhe a bhfeill ata,
Na thamh a bhfuathchuis dhian,
A’ gabhail na mbocht: ’s ghaibh se iad
Da ttarruing ann a lion.
10Cromuigh a’s umhluigh se é féin,
Chum nach mothochadh neach;
Le tréanuibh chor go leagfadh se,
An lag ta triall a steach.
11A’s dubhart se ann a chroidhe féin,
Dia dhearmuid é go fíor:
A’s d’foluigh se a ghnúis a ccéin,
Ni leir dhó súd do shíor.
12Iehobha, éirigh suas go hárd,
A Dhia ta neartmhar tréun,
Tóg suas do lámh ’sna dearmuid choidhch’
An tumhal lag ann fhéidhm.
13Na dáoine cionntach creud fa ndéan,
Siad tarcuisne ort ’Dhé?
No an neach ’dubhairt ann a chroidhe,
Ni iarrfuighthear leat é.
14Chonnairc tu sin, oir dhuit is leir,
Gach dochar a’s gach spíd,
Le do láimh go ttabhairfeadh dhóibh
Oiread a nuilc a ghníd:
Oir, ’s ortsa d’iarr an duine bochd,
É féin a chur fa dhí’ean,
Is tu fear cuidigh agus neirt,
Na ndilleachtuidhe gan mháoin.
15Raigh an drochdhuine a’s an dáoi,
León agus bris a Dhé:
’S ransuigh amach a lochd go geur,
Go tti nach bhfaghfar é.
16Go suthuin a’s go siorruidhe fós,
Iehobha ta na righ:
Sgriosaigh na geinte coidhche ’mach,
A’s glanfuigh se an tír.
17A Dhé do chluinis mian na nú’l,
Ullmhóchuidh tu a ccroidhe;
A’s bhéir tu air do chluas go beachd,
Go neistfeadh guth na ndith.
18Le congbháil ceirt do dhilleachtuibh,
’Sdo dháoinibh bruidhte truagh,
Chum nach ttabhairfeach neach talmhuidhe
Ní’s mó da fhóirneart uadh.

Currently Selected:

Psalm 10: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 10