YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 9

9
IX Psalm.
1Le m’uile chroidhe bheirim‐se dhuit,
Ard‐mholadh binn a Dhe,
A’s d’oibribh miorbhuileacha air fad,
Sior‐chuirfigh me a ccéill.
2Ionnad fós ghnidhim áoibhneas ait,
A’s gairdeachas an‐mór;
Dod ainmse seinnim moladh binn,
A Righ is áirde glóir.
3Arís trath fillfear air a nais,
Mo namhuide, théid go lár;
Oir tuitfidh siad a’s téidh siad as,
A d’fiadhnuise gan dáil.
4Mo chóir ’s mo cheart do sheasais dhamh,
Go daingion a’s go fíor;
A’d chatháoir chomhthrom shuigh tu suas,
Mar bhreitheamh cheart do shior.
5Do chuir tu air na gceintibh smachd,
Sgrios tu na dáoine dáoi;
A nainm do chuir tu as go glan,
Ó dhín’ go dín’ a choidh’.
6’Eascara, ata crioch air sgrios!
Leag tusa bailte tréan,
A niomrádh san sa ccuimhne fós,
Do theirig sin leo féin.
7Mairfigh Dia a m‐buaine choidhche;
Chuir catháoir suas chum breith.
8Bheir se breitheamhnus air an tsáoghal,
Le cóir don tsluagh fa leith.
9Mar dhaingion mhór biaidh Dia na bhfeart,
Don ti ata fa léun;
A mbuaireadh, ’s tearmuinn dilis é,
Trath fheicion neach a bpéin.
10Gach neach da bhfuil air th’ainmse fios
Ghnidh dochas díot as bun:
Oir an mheud ’sta ad iarruigh Dhé,
Ni threigfir iad a lonn.
11De’n Triath chómhnuighios air Shion náomh,
Seinnfidhe a chlú go binn;
Aithrisidhe fós a measg an tslóigh,
Na gniomhartha do rinn.
12Trath ghnidhse ransadhadh air fhuil,
Ag cuimhneagh orra ta:
Ni dhearmodan se éigh’mh na mbochd,
A ghoireas air do ghnath.
13Fóir orm, a Dhé, a’s amhairc air,
Mo bhuaireadh o luchd m’fuath,
A Thighearn’ ta am thógbháil suas,
O dhorsuibh báis go luath.
14A ngeatui’bh inghin Shion cháoimh,
Taisbeanfad dh’uile chludh:
Déanfaidhme gairdeachas air son
An tslánuighe dheónuigh tu.
15Thuit na gceinte sios annsa díg,
Do thochladar do chách,
A’s annsa lion a dfoluigh siad,
Ta ccosa féin a ng’ádh.
16Aithnighthear Dia san mbreith do ghnidh,
Trath thuiteas dáoi ’san díg;
A’s a ngniomharthuibh a lamha féin,
Geabhfuighthear iad fa líg.
17Cuirfighear lucht uilc a’s aingidhe,
Go hifrion sios go deó:
’S gach neach nach ccuimhnighionn air Dhia,
Filltear iad sios gan ghó.
18An tainnis truagh ni théigh go brath
Air dearmad no air dith:
Air dhóchas fós an duine bhoichd,
Go deo ni fhaicfior cláoidh.
19’Thighearna éirigh ’sna léig buaidh,
Le neach d’ar dual an bás,
Breith tucthar air na cinneachuibh,
Ad fhiaghnuise ’sgach cás.
20Cuir eagla orrasan go mór,
Iehobha Dhia na bhfeart;
Go naithneóchadh na slóigh go léir,
Iad féin na ndáoine meat’?

Currently Selected:

Psalm 9: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 9