Gníoṁarṫa 13
13
Caibidil XIII
Cuireann an Spiorad Naoṁ uaiḋ Barnabas agus Saul. Ġní siad seanmóireaċt san Ċufair agus i n-Antuaiġ na Pisidia.
1Agus ḃí fáiḋe agus múinteoirí san Eaglais, a ḃí san Antuaiġ, agus orṫa sin ḃí Barnabas agus Síomon, dá ngoirtí Niger, agus lúic ó’n Ċuiréin, agus Manahen, a ḃí ma ḃráṫair altroma ag Ioruaḋ, Teatrarc, agus Saul.
2Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag frioṫálaṁ do’n Tiġearna, agus ag déanaṁ troscaiḋ, duḃairt an Spiorad Naoṁ leo: Cuirigiḋ ar leiṫ daṁ Saul agus Barnabas fá ċoinne na h-oibre ċun ar ġoir mé iad.
3Annsin ar déanaṁ troscaiḋ, agus urnaiġe, agus ar ċur a láṁ orṫa dóiḃ, ċuir siad ċun siuḃail iad.
4Agus ó ḃí siad-san, mar sin, dá gcur ag an Spiorad Naoṁ, d’imṫiġ siad go Seleucia: agus as sin ṡeol siad ċun na Cufaire.
5Agus nuair a ṫáinic siad go Salamis, ṡeanmóir siad briaṫar Dé i sineagóga na n-Iúdaċ. Agus ḃí Eoin acu fosta san frioṫálaṁ.
6Agus nuair a ṫaisteal siad an t-oileán uilig ḟad le Paṗos, fuair siad fear áiriṫe, darḃ ainm Bariésu, Iúdaċ a ḃí ina ḋraoi agus ina ḟáiḋ bréige.
7Agus ḃí sé i gcuideaċta an urċonsuil, Sergius Paulus, fear céilliḋe. Ċuir seisean fá ċoinne Ḃarnabais agus Ṡauil, agus d’iarr sé briaṫar Dé a ċluinstin.
8Aċt ċuir Elimas, draoi, (óir is mar sin a ṁíniġṫear a ainm) ina n-aġaiḋ, d’ḟonn an t-urċonsul a ṫionntóḋ ó’n ċreideaṁ.
9Annsin ag dearcaḋ air do Ṡaul, dá ngoirtear fosta Pól, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ,
10Duḃairt sé: A ḋuine atá lán de’n uile ċeilg, agus de’n uile feall, a ṁic an diaḃail, a náṁa na córa ar fad, ní stadann tú de ċasaḋ sliġṫe díreaċa an Tiġearna.
11Agus anois féaċ, láṁ an Tiġearna ort, agus béiḋ tú dall agus ní ḟeicfiḋ tú an ġrian go cionn tamaill. Agus ar an ḃomaite ṫuit ceo agus dorċadas air, agus ag dul ṫart dó, ḃíoḋ sé ag cuartuġaḋ duine éigin le n-a ṫreoruġaḋ ar ġreim láiṁe.
12Annsin nuair a ċonnaic an t-urċonsul cad é ṫárla, ċreid sé, agus iongantas air fá ṫeagasc an Tiġearna.
13Agus nuair a ṡeol Pól, agus an méid a ḃí ma ċuideaċta, ó Ṗaṗos, ṫáinic siad go Perge na Pampaille. Aċt d’ḟág Eoin iad, agus ṗill sé go h-Ierusalem.
14Aċt ar dul fríd Ṗerge dóḃṫa-san, ṫáinic siad go h-Antuaiġ na Pisidia: agus ar ḋul isteaċ san tsineagóig dóiḃ ar an tsabóíd, ṡuiḋ siad síos.
15Agus i ndiaiḋ léiġeaṁ an dliġe agus na ḃfáiḋ, ċuir uaċtaráin na sineagóige scéala ċuca, ag ráḋ: A ḟeara, agus a ḃráiṫre, má tá focal ar biṫ teagaisc agaiḃ do’n ṗobal, laḃairigiḋ.
16Aċt d’éiriġ Pól, ṫug cóṁarṫa dóiḃ le n-a láiṁ a ḃeiṫ ina dtost, agus duḃairt: A ḟeara Israéil, agus siḃ-se a ḃfuil eagla Dé ionnaiḃ, éistigiḋ:
17Rinne Dia ṁuinntir Israéil ár n-aiṫreaċa a ṫoġaḋ, agus d’árduiġ sé an pobal nuair a ḃí siad ina gcóṁnaiḋe i dtír na h-Éigipte,#Ecs. 1, 1. agus ṫreoruiġ sé amaċ as sin iad le láiṁ áird.#Ecs. 13, 21, agus 22.
18Agus ar feaḋ ḋaiċead bliaḋan d’aimsir d’ḟulaing sé a mbéasa san ḟásaċ.#Ecs. 16, 3.
19Agus nuair a scrios sé seaċt gciniḋeaċa i dtír Ċanáin, roinn sé a dtalaṁ le crannċur eatorṫa,#Iosue 14, 2.
20I gcionn, tuairim agus ceiṫre ċéad go leiṫ de ḃliaḋanta: agus ina ḋiaiḋ sin ṫug sé breiṫiṁ#Br. 3, 9. dóiḃ go dtí Samuel, fáiḋ.
21Agus annsin d’iarr siad rí:#1 Ríġ. 8, 5, agus 9, 16, agus 10, 1. agus ṫug Dia dóiḃ Saul, mac Ċis, fear de ṫreiḃ Ḃeniamin, daiċead bliaḋan.
22Agus nuair a ṫóg sé eisean uaṫa, d’árduiġ sé Dáiḃiḋ ina ríġ dóiḃ:#1 Ríġ. 13, 14, agus 16, 13. agus rinne sé fiaḋnaise dó-san, agus duḃairt: Fuair mé Dáiḃiḋ, mac Iesse, fear do réir mo ċroiḋe féin, a ḋéanfas mo ṫoil go h-iomlán.#Sailm 88, 21.
23Dá ṡlioċt seo ṫóg Dia suas, do réir na ġeallaṁna,#Isaias 11, 1. slámuġṫeoir d’lsraél, Íosa.
24Agus roiṁ a ṫeaċt ṡeanmóir Eoin#Mait. 3, 1; Marc. 1, 4; Lúc. 3, 3. ar dtús baisteaḋ aiṫriġe do ṗobal Israéil go léir.
25Agus nuair a ḃí Eoin ag críoċnuġaḋ a ṡeala, duḃairt sé: An té a ṡíleas siḃ gur mé, ní mise é, aċt féaċ, tá neaċ ag teaċt i mo ḋiaiḋ, naċ fiú mé bróga a ċos a scaoileaḋ.#Mait. 3, 11; Marc. 1, 7; Eoin 1, 27.
26A ḟeara, agus a ḃráiṫre, a ċlann ċineaḋ Abrahaim, agus an méid agaiḃ a ḃfuil eagla Dé ionnaiḃ, is ċugaiḃ-se a cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo.
27Óir iad sin a ċóṁnuiġ i n-Ierusalem, agus a uaċtaráin, mar naċ raiḃ eolas acu air-sean, ná ar ḃriaṫra na ḃfáiḋ a léiġ-tear gaċ sabóid, ċóiṁlíon siad iad nuair a ṫug siad breiṫeaṁnas air,
28Agus giḋ naċ ḃfuair siad aon ċúis ḃáis ann, d’iarr siad a ċur ċun báis ar Ṗioláit.#Mait. 27, 20, agus 23; Marc. 15, 13; Lúc. 23, 21, agus 23; Eoin 19, 15.
29Agus nuair a ċríoċnuiġ siad gaċ níḋ dá raiḃ scríoḃṫa fá dtaoiḃ de, ġá ṫógáil anuas ó’n ċrann dóiḃ, ċuir siad i dtuamba é.
30Aċt ṫóg Dia suas ó ṁarḃaiḃ é ar an treas lá:#Mait. 28; Marc. 16; Lúc. 24; Eoin 20.
31Agus ar feaḋ mórán laeṫe ḃí sé dá ḟeiceáil acu sin a ṫáinic aníos leis ó’n Ġailile go h-Ierusalem: agus go dtí anois is iad-san a ḟiaḋnaisiġ do’n ṗobal.
32Agus an ġeallaṁaint a tugaḋ dár n-aiṫreaċa, fuagramuid díḃ
33Gur ċóiṁlíon an Dia céadna seo í dár gcloinn, ag tógáil suas Íosa dó, mar atá scríoḃṫa fosta san dara Sailm: Is tusa mo Ṁac, is indiu a ġein mé ṫú.#Sailm 2, 7.
34Agus ċun taḃairt le fios gur ṫóg sé ó ṁarḃaiḃ é, agus naċ bpillfiḋ sé níos mó ċun truailliġṫe, duḃairt sé mar seo: Ḃéarfaiḋ mé díḃ#13, 34 Ḃéarfaiḋ mé díḃ ⁊c. Briaṫra Isaiais, fáiḋ, iad seo (Isaias 55, 3) Do réir na Septuaginte, cialluiġeann siad: Cóiṁlíonfaiḋ mé go fírinneaċ na geallaṁna a ṫug mé do Ḋáiḃiḋ. neiṫe naoṁṫa Ḋáiḃiḋ seasṁaċ.#Isaias 55, 3.
35Agus, mar sin, deir sé i n-áit eile fosta: Ní leigfiḋ tú do do Neaċ naoṁṫa truailliuġaḋ d’ḟeiceáil.#Sailm 15, 10.
36Óir nuair a ḃí seirḃís déanta ag Dáiḃiḋ ina ġlúin féin do réir ṫoil Dé, ċodluiġ sé:#3 Ríġ. 2, 10. agus cuireaḋ le n-a aiṫreaċa é, agus ċonnaic sé truailliuġaḋ.
37Aċt an té ar ṫóg Dia ó ná mairḃ é, ní ḟaca sé truailliuġaḋ.
38Bíoḋ a ḟios agaiḃ, dá ḃríġ sin, a ḟeara agus a ḃráiṫre, gur tríd-sean a ḟoillsiġtear díḃ maiṫeaṁnas ó ṗeacaiḋe, agus ó gaċ níḋ ó narḃ ḟéidir díḃ saoraḋ d’ḟaġáil i ndliġe Ṁaoise.
39Is tríd-sean a ṡaortar gaċ aoinneaċ a ċreideas.
40Taḃairigiḋ aire, dá ḃríġ sin, naċ dtigiḋ oraiḃ an níḋ atá ráiḋte ins na fáiḋe:
41A luċt na tarcuisne,#Habac. 1, 5. feicigiḋ, agus bíoḋ iongantas oraiḃ, agus scriostar siḃ: óir ġním-se obair i ḃur linn, obair naċ gcreid-fiḋ siḃ, má innseann duine díḃ í.
42Agus ag dul amaċ dóiḃ, d’iarr siad orṫa na ḃriaṫra seo a laḃairt leo ar an tsabóid ina ḋiaiḋ sin.
43Agus nuair a leigeaḋ ċun siuḃail cóiṁṫionól na sineagóige, mórán de na h-Iúdaiġ, agus de na coiṁiġṫiġ a ḃíoḋ ag aḋraḋ Dé, lean siad Pól agus Barnabas: agus laḃair siad-san leo, agus, ċóṁairliġ siad dóíḃ mairstin i gcóṁnaiḋe i ngrásta Dé.
44Aċt ar an tsabóid ina ḋiaiḋ sin ċruinniġ bunaḋás na caṫraċ uilig i gcionn a ċéile le briaṫar Dé a ċluinstin.
45Aċt ar ḟeiceáil na sluaġ do na h-Iúdaiġ, líonaḋ le h-éad iad, agus laḃaraḋ siad go diaṁaslaċ i n-aġaiḋ na neiṫe a ḃíoḋ dá ráḋ ag Pól.
46Annsin laḃair Pól agus Barnabas go dána: Is díḃ-ṡe ar dtús ab éigean briaṫar Dé a laḃairt: aċt de ḃríġ go ndiúltann, siḃ-se dó, agus go dtugann sib breiṫ oraiḃ féin naċ airiḋe oraiḃ an ḃeaṫa ṡíoraiḋe; féaċ, tionntuiġimíd ċuig na ciniḋeaċa.
47Óir is mar sin a d’órduiġ an Tiġearna dúinn: Ċuir mé ṫú mar ṡolus do na ciniḋeaċa;#Isaias 49, 6. ċun go mbéiṫeá mar ṡlánuġaḋ go h-imillċríoċa an doṁain.
48Agus ar a, ċluinstin sin do na ciniḋeaċa, ḃí lúṫġáir orṫa, agus ṁol siad briaṫar an Tiġearna: agus an méid acu a réiṁ-ċinneaḋ ċun na beaṫa síorraiḋe, ċreid siad.
49Agus craoḃscaoileaḋ briaṫar an Tiġearna ar fud na tíre go léir.
50Aċt ḃrostuiġ na h-Iúdaiġ mná diaḋanta, fiuntaċa, agus uaisle na caṫraċ, agus ṫóg siad géirleanaṁaint ar Pól agus ar Ḃarnabas: agus ṫiomáin siad amaċ as a gcríoċa iad.
51Aċt ċaiṫ siad-san dusta a gcos#Mait. 10, 14; Marc. 6, 11; Lúc. 9, 5. díoḃṫa ina n-éadan, agus ṫáinic siad go h-Icónium.
52Agus líonaḋ na deisciobail le h-áṫas, agus leis an Spiorad Naoṁ.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 13: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland