Gníoṁarṫa 12
12
Caibidil XII
Ioruaḋ i gcionn ġéirleanaṁna. Saorann aingeal Peadar. Pionós Ioruaiḋ.
1Agus san am ċéadna ṡín Ioruaḋ, rí, a láṁa amaċ le h-olc d’imirt ar ċuiḋ de ṁuinntir na h-Eaglaise.
2Agus ṁarḃ sé Séamus, dearḃráṫair Eoin, le claiḋeaṁ.
3Agus ar ḟeiceáil dó gur ṫaitin sin leis na h-Iúdaiġ, ċuir sé roiṁe Peadar a ġaḃáil fosta. Agus b’iad laeṫe an aráin gan deascaiḋ#12, 3 Laeṫe an aráin gan deascaiḋ. Is é sin lo ráḋ, féile na Ċáisc, a ṫárluiġeaḋ san am de’n ḃliaḋain a mbíonn an Ċáísc againne. a ḃí ann.
4Agus nuair a rug sé air, ċuir sé isteaċ i bpríosún é, ġá ṫaḃairt le coiṁéad do ċeiṫre sraiṫeanna de ṡaiġdiuirí, agus rún aige a ṫaḃairt ós cóṁair an ṗobail i ndiaiḋ na Cásca.
5Dá ḃríġ sin, congḃuiġeaḋ Peadar i bpríosún. Aċt ḃí guiḋe dá déanaṁ gan staonaḋ ag an eaglais ċun Dé ar a ṡon.
6Agus nuair a ḃí loruaḋ ar tí é a ṫaḃairt amaċ, an oiḋċe ċéadna sin ḃí Peadar ina ċodlaḋ eadar ḋá ṡaiġdiuir, agus é ceangailte le ḋá ṡlaḃraḋ: agus ḃí gárdaí ós cóṁair an dorais ag coiṁéad an príosúin.
7Agus féaċ, ṡeasuiġ aingeal leis an Tiġearna annsin: agus ḋeallruiġ solus san tiġ: agus ar ḃualaḋ Ṗeadair san taoiḃ dó, ṫóg sé suas é, ag ráḋ: Bí i do ṡuiḋe go tapaiḋ. Agus ṫuit na slaḃraiḋe dá láṁa.
8Agus duḃairt an t-aingeal leis: Teann ort do ċrios, agus cuir ort do ḃróga. Agus rinne sé sin. Agus duḃairt sé leis: Caiṫ do ḃrat ṫart ort, agus lean mise.
9Agus ar ḋul amaċ dó, lean sé é, agus ní raiḃ a ḟios aige gurḃ ḟíor an rud a ḃí dá ḋéanaṁ ag an aingeal: ṡíl sé gur aisling a ċonnaic sé.
10Agus ag dul ṫar an ċéad agus an dara gárda dóiḃ, ṫáinic siad go dtí an geafta iarainn a ṫreoruiġeas ċun na caṫraċ: agus d’ḟoscail sé dóiḃ uaiḋ féin. Agus ar ḋul amaċ dóiḃ, ċuaiḋ siad fríd sráid aṁáin: agus ar an ḃomaite d’imṫiġ an t-aingeal uaiḋ.
11Agus nuair a ṫáinic Peadar ċuige féin, duḃairt sé: Anois tá a ḟios agam go fíor gur ċuir an Tiġearna a aingeal, agus gur ṡaor sé mé ó láiṁ Ioruaiḋ, agus ó gaċ rud dá raiḃ an pobal Iúdaċ ag dréim leis.
12Agus ġá ḃreaṫnuġaḋ sin dó, ṫáinic sé go tiġ Ṁáire, máṫair Eoin, ar ċóṁainm dó Marcus, mar a raiḃ mórán cruinniġṫe, agus iad ag guide.
13Agus nuair a ḃuail sé ar ḋoras an ġeafta, ċuaiḋ cailín, arḃ ainm dí Róide, amaċ d’éisteaċt.
14Agus nuair a d’aiṫin sí guṫ Ṗeadair, le tréan lúṫġáire; níor ḟoscail sí an geafta, aċt ag riṫ isteaċ dí, d’innis sí go raiḃ Peadar ina ṡeasaṁ ós cóṁair an ġeafta.
15Aċt duḃairt siad-san léi: Tá tú as do ċéill. Aċt ḋearḃuiġ sise gurḃ aṁlaiḋ a ḃí sé. Aċt duḃairt siad-san: Is é a aingeal atá ann.
16Agus lean Peadar de ḃeiṫ ag bualaḋ. Agus nuair a d’ḟoscail siad, ċonnaic siad é, agus ḃí uaṫḃás orṫa.
17Aċt ar ḋéanaṁ cóṁarṫa dóiḃ le n-a láiṁ dó, a ḃeiṫ ina dtost, d’innis sé cad é mar ṫreoruiġ an Tiġearna amaċ as an ṗríosún é, agus duḃairt: Innsigiḋ na neiṫe seo do Ṡéamus, agus do na bráiṫre. Agus ar ḋul amaċ dó, d’imṫiġ sé go h-áit eile.
18Agus nuair a ṫáinic an lá ḃí cearṫaiġ nár ḃeag ar na saiġdiuirí, fá cad é d’éiriġ do Ṗeadar.
19Agus nuair a ċuir Ioruaḋ lorg air, agus naċ ḃfuair sé é: i ndiaiḋ na gárdaí a ċeisduġaḋ, d’órduiġ sé iad a ċur ċun báis: agus ar ḋul síos ó Iudaia go Caesarea dó, ċóṁnuiġ sé annsin.
20Agus ḃí fearg air le muinntir na Tiora agus na Sídoine. Aċt ṫáinic siad-san ċuige d’aon toil, agus nuair a fuair siad ar a leiṫ Blastus, arḃ é seomradóir an ríoġ é, d’iarr siad síoṫ-ċáin air, de ḃríġ go mbíoḋ a ndúiṫċe dá gcoṫuġaḋ aige.
21Agus ar lá áiriṫe a ḃí leagṫa amaċ, ṡuiḋ Ioruaḋ fá n-a éideaḋ ríoġḋa i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus ṫug sé óráid dóiḃ.
22Agus scairt na daoine, ag ráḋ: Is guṫ dé é seo, agus ní guṫ duine.
23Agus ar an ḃomaite ḃuail aingeal leis an Tiġearna é, de ḃríġ naċ dtug sé onóir do Ḋia: agus ar a ḃeiṫ iṫte ag cnuṁógaí, fuair sé bás.
24Aċt d’ḟás agus ṁéaduiġ briaṫar an Tiġearna.
25Agus ṗill Barnabas agus Saul ó Ierusalem, ar ċóiṁlíonaḋ a ḃfrioṫálṁa dóiḃ, agus ṫug siad leo Eoin, ar ċóṁainm dó Marcus.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 12: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland