Gníoṁarṫa 11
11
Caibidil XI
Deiṁniġeann Peadar go raiḃ an ceart aige na ciniḋeaċa a ġlacaḋ isteaċ san Eaglais. Tionntuiġeann mórán ċun creidiṁ san Antuaiġ.
1Agus ċuala na h-Abstail agus na bráiṫre a ḃí i n-Iudaia, gur ġaḃ na ciniḋeaċa fosta briaṫar Dé ċuca.
2Agus nuair a ċuaiḋ Peadar suas go h-Ierusalem, ḃí conspóid ag luċt an timċeallġeárrṫa leis,
3Ag ráḋ: Cad ċuige a ndeaċaiḋ tú isceaċ ċuig daoine naċ raiḃ timċeallġearraḋ orṫa, agus gur ċaiṫ tú biaḋ ina gcuideaċta?
4Agus ag toiseaċt do Ṗeadar, ṁíniġ sé an scéal as órd a ċéile dóiḃ, ag ráḋ:
5Ḃí mé i gcaṫair Ioppe ag guiḋe, agus le linn eacstais aigne ċonnaic mé fios, soiṫeaċ áiriṫe ag teaċt anuas, mar línéadaċ ṁór, a ċeiṫre coirnéil ceangailte, dá leigin anuas ó neaṁ, agus ṫáinic sé ḟad liom.
6Agus ag stánaḋ isceaċ ann daṁ, ṫug mé fá dear, agus ċonnaic mé ainṁiḋṫe ċeaṫairċosaċa an talaiṁ, agus beiṫiḋiġ allta, agus piasta, agus éanaċa an aeir.
7Agus ċuala mé fosta guṫ ag ráḋ liom: Éiriġ, a Ṗeadair, marḃ, agus iṫ.
8Aċt duḃairt mé: Ní féidir sin ar ċor ar biṫ, a Ṫiġearna: óir ní ḋeaċaiḋ dadaṁ coitċeann ná neaṁġlan isteaċ i mo ḃéal ariaṁ.
9Agus d’ḟreagair an guṫ an dara h-uair ó neaṁ: Ná h-abair-se gur coitċeann na neiṫe a ndearna Dia a nglanaḋ.
10Agus ṫárla seo fá ṫrí: agus tógaḋ an t-iomlán suas arís ar neaṁ.
11Agus féaċ, ar an ḃall, ḃí triúr fear, a cuireaḋ ċugam ó Ċaesarea, ina seasaṁ ag an tiġ ina raiḃ mé.
12Agus duḃairt an Spiorad liom dul leo, agus gan aṁras ar biṫ a ḃeiṫ orm. Agus ṫáinic na sé bráiṫre seo liom fosta, agus ċuaḋamar isteaċ i dtiġ an ḟir úd.
13Agus d’innis sé dúinn an dóiġ a ḃfaca sé aingeal ina ṡeasaṁ ina ṫiġ, agus é ag ráḋ leis: Cuir go h-Ioppe, agus goir annseo Síomon, ar cóṁainm dó Peadar,
14Agus laḃarfaiḋ sé briaṫra leat, ina ḃfuiġiḋ tú féin agus do ṫeaġlaċ uilig slánuġaḋ.
15Agus nuair a ṫoisiġ mé a ċainnt, ṫuirling an Spiorad Naoṁ orṫa, aṁail mar a ṫuirling sé orainne ar dtús.
16Agus ċuiṁniġ mé ar ḟocal an Tiġearna, mar a duḃairt sé: Ḃaist Eoin leoga le h-uisce, aċt baistfear siḃ-se leis an Spiorad Naoṁ.#Mait. 3, 11; Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 26.
17Ar an aḋḃar sin, má ṫug Dia an grásṫa céadna dóḃḋa-san, agus dúinne a ċreid san Tiġearna Íosa Críost: cérḃ é mise, go ḃféadfainn toirmeasc a ċur ar Ḋia?
18Ar ċluinstin na neiṫe sin dóiḃ, ḃí siad ina dtost: agus ṫug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: Ṫug Dia, mar sin, aiṫriġe ċun beaṫa do na ciniḋeaċa fosta.
19Agus annsin, an ṁuinntir a scaipeaḋ leis an trioblóid a ṫárla as siocair Steapáin, ṡiuḃal siad ḟad le Peinic, an Ċufair, agus an Antuaiġ, gan an briaṫar a laḃairt le h-aoinneaċ, aċt le h-Iúdaiġ aṁáin.
20Aċt ba ḟir as an Ċufair, agus as an Ċuiréin, cuid acu, agus ar ḋul isteaċ san Antuaiġ dóiḃ, laḃaraḋ siad leis na Gréagaiġ fosta, ag fuagraḋ an Tiġearna Íosa.
21Agus ḃí láṁ an Tiġearna leo: agus ċreid mórán, agus ṫionntuiġ siad ċuig an Tiġearna.
22Agus ṫáinic an ġáir fá na neiṫe sin go cluasa na h-eaglaise a ḃí i n-Ierusalem: agus ċuir siad Barnabas go dtí an Antuaiġ.
23Agus nuair a ṫáinic sé, agus ċonnaic sé grásta Dé, ḃí áṫas air: agus ḃrostuiġ sé iad uilig mairstin san Tiġearna le rún a gcroiḋe:
24Óir fear maiṫ a ḃí ann, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ, agus de ċreideaṁ. Agus cuireaḋ sluaġ mór i gcuallaċt an Tiġearna.
25Agus ċuaiḋ Barnabas go Tarsus ar lorg Ṡauil: agus nuair a fuair sé é, ṫug sé ċun na h-Antuaiġe é.
26Agus an feaḋ bliaḋna ḃí siad i gcóṁluadar le ċéile annsin san eaglais: agus rinne siad sluaġ mór a ṫeagasc, san ċruṫ gur goireaḋ Críostaiḋṫe de na deisciobail de’n ċéad uair san Antuaiġ.
27Agus ins na laeṫe seo ṫáinic fáiḋe ó Ierusalem ċun na h-Antuaiġe:
28Agus d’éiriġ duine acu, darḃ ainm Agabus, suas, agus léiriġ sé tríd an Spiorad go mbéaḋ gorta ṁór ar fud an doṁain go léir, rud a ṫárla le linn Ċluaid.
29Agus ċuir gaċ aoinneaċ de na deisciobail roiṁe, caḃair a ċur, do réir a ċumais, ċuig na bráiṫre a ḃí ina gcóṁnaiḋe i n-Iudaia:
30Agus rinne siad sin fosṫa, ġá cur ċuig na seanóirí tré láṁa Ḃarnabais agus, Ṡauil.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 11: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland