YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 7

7
Caibidil VII
Laḃrann Steaṗán i láṫair na ċóṁairle: ġeiḃ sé bás ina ṁairtír.
1Annsin duḃairt uaċtarán na sagart: An ḃfuil na neiṫe seo aṁlaiḋ?
2Agus duḃairt seisean: A ḟeara, a ḃráiṫre agus a aiṫreaċa, éistigiḋ. Ṫaisḃeán Dia na glóire é féin dár n-aṫair Abraham nuair a ḃí sé san Ṁeaspotáim, sul ar ċóṁnuiġ sé i gCaran,
3Agus duḃairt leis:#Gein. 12, 1. Fág do ṫír féin, agus do ċineaḋ, agus tar ċun na tíre a ṫaisḃeánfas mise duit.
4Annsin d’ḟág sé tír na gCaildeaċ, agus ḃain sé faoi i gCaran. Agus as sin, i ndiaiḋ ḃás a aṫar, d’aṫruig sé é go dtí an talaṁ seo, ina ḃfuil siḃ-se i ḃur gcóṁnaiḋe anois.
5Agus ní ṫug sé oiġreaċt ar biṫ dó ann, fiú fad troiġe: aċt ġeall sé a ṫaḃairt mar ṡeilḃ dó féin, agus ḋá ṡlioċt ina ḋiaiḋ, giḋ naċ raiḃ aon duine cloinne aige.
6Agus duḃairt Dia leis:#Gein. 15, 13. Béiḋ do ṡlioċt-sa ina gcóṁnaiḋe i dtír ċoiṁiġṫiġ, agus cuirfear faoi ḋaoirse iad, agus ḃéarfar droċ-úsáid dóiḃ, ar feaḋ ċeiṫre gcéaḋ bliaḋan:
7Agus ḃéarfaiḋ mise breiṫeaṁnas ar an ċineaḋ ag a mbéiḋ siad faoi ḋaoirse, ars an Tiġearna, agus ina ḋiaiḋ sin raċaiḋ siad amaċ, agus ḋéanfaiḋ siad seirḃís daṁ-sa san áit seo.
8Agus ṫug sé connraḋ an timċeallġeárrṫa#Gein. 17, 10. dó: agus mar sin ġein sé Isaac,#Gein. 21, 21. agus rinne sé a ṫimċeallġearraḋ ar an oċtṁaḋ lá: agus ġein Isaac Iacób:#Gein. 25, 25. agus Iacób an dáréag árdaiṫreaċ.#Gein. 29, 21, agus 35, 22.
9Agus ag glacaḋ éada do na h-árdaiṫreaċa, ḋíol siad Ióseṗ ċun na h-Éigipte,#Gein. 37, 28. agus ḃí Dia leis-sean:
10Agus réiḋtiġ sé ó n-a ṫrioblóidí go léir é: agus ṫug sé grásta agus eagna dó i ḃfiaḋnaise Ḟorainn,#Gein. 41, 37. rí na h-Éigipte, agus ċuir seisean ina uaċtarán ós cionn na h-Éigipte, agus ós cionn a ṫiġe féin go h-uile é.
11Agus ṫáinic gorta agus anróġ mór ar an Éigipt go léir, agus ar Ċanán: agus ní raiḃ biaḋ le faġáil ag ár n-aiṫreaċa.
12Agus nuair a ċuala Iacób go raiḃ arḃar san Éigipt,#Gein. 42, 2. ċuir sé ár n-aiṫreaċa annsin ar dtús:
13Agus an dara h-uair d’aiṫin a ḋearḃráiṫre Ióseṗ,#Gein. 45, 3. agus cuireaḋ a ṁuinntir i n-aiṫne do Ḟorann.
14Agus ċuir Ióseṗ scéala ag gairm ar Iacób, a aṫair, agus ar a luċt gaoil go léir i líon a gcúig n-anam déag agus trí fiċid.
15Agus ċuaiḋ Iacób síos go h-Éigipt:#Gein. 46, 5. agus fuair sé féin#Gein. 49, 32. agus ár n-aiṫreaċa bás.
16Agus tugaḋ go Sicem iad, agus cuireaḋ iad san tuamba a ċeannuiġ Abraham#Gein. 23, 16, agus 50, 5 agus 13; Iosue 24, 32. ar luaċ airgid ó ċloinn Hemoir, mac Ṡiceim.
17Agus nuair a ḃí aimsir na geallaṁna, a ṫug Dia do Abraham, ag teaċt ina ngaoḃar, d’ḟás agus ṁéaduiġ na daoine san Éigipt,#Ecs. 1, 7.
18Go dtí gur éiriġ rí eile san Éigipt naċ raiḃ aiṫne aige ar Ióseṗ.
19D’imir sé seo feall ar ár gcineaḋ, agus ċráiḋ sé ár n-aiṫreaċa, ag taḃairt orṫa a gcuid leanḃ a teilgean amaċ, ċun naċ maireaḋ siad beo.
20San am ċéadna seo rugaḋ Maoise,#Ecs. 2, 2; Eaḃ. 11, 23. agus ḃí sé taitneaṁaċ i láṫair Dé, agus h-oileaḋ é ar feaḋ ṫrí míos i dtiġ a aṫar.
21Agus nuair a teilgeaḋ amaċ é, ṫóg inġean Ḟorainn léi é, agus d’oil sí é mar ṁac léi féin.
22Agus fuair Maoise léiġeann i n-eagna na n-Éigipteaċ go h-iomlán, agus ḃí sé cuṁaċtaċ i mbriaṫra agus i ngníoṁarṫa.
23Agus nuair a ḃí a ḋaiċead bliaḋan slán aige, ṫáinic sé ina ċroiḋe cuairt a ṫaḃairt ar a ḃráiṫre, clann Israéil.
24Agus nuair a ċonnaic sé duine áiriṫe ag fuilstin éagcóra, ċosain sé é: agus ag bualaḋ an Éigiptiġ dó, ḃain sé díoġaltas amaċ ar son an té a d’ḟulaing an éagcóir.#Ecs. 2, 12.
25Agus ṁeas sé gur ṫuig a ḃráiṫre go dtaḃarfaḋ Dia fuasclaḋ dóiḃ tré n-a láiṁ-sean: aċt níor ṫuig siad-san sin.
26Agus an lá ina diaiḋ sin, ṫaisbeán sé é féin dóiḃ,#Ecs. 2, 13. agus iad i n-aċrann le n-a ċéile: agus ḃí sé ag déanaṁ síoṫċána eatorṫa, ag ráḋ: A ḟeara, is bráiṫre siḃ, cad ċuige a ndéan siḃ doċar dá ċéile?
27Aċt an té a rinne an éagcóir ar a ċóṁarsain, ḋing sé uaiḋ é, ag ráḋ: Cé ċuir ṫusa i do ṗrionnsa agus i do ḃreiṫeaṁ ós ár gcionn?
28An é gur mian leat mise a ṁarḃaḋ, mar ṁarḃ tú an t-Éigipteaċ indé?
29Agus mar ġeall ar an ḟocal sin ṫeiċ Maoise: agus ḃí sé ina ḋeoraiḋe i dtalaṁ Ṁadiain, mar a rugaḋ beirt ṁac dó.
30Agus nuair a ċuaiḋ daiċead bliaḋan ṫart, ṫaisbeán aingeal é féin dó#Ecs. 3, 2. i ḃfásaċ Ṡliaḃ Ṡina istiġ i lasair ṫeineaḋ i dtor.
31Agus nuair a ċonnaic Maoise é, rinne sé iongantas de’n raḋarc. Agus ar ṫeaċt ní ba deise dó le n-a ḟeiceáil, ṫáinic guṫ an Tiġearna ċuige, ag ráḋ:
32Is mise Dia d’aiṫreaċ, Dia Abrahaim, Dia Isaaic, agus Dia Iacóib. Ṫáiníc criṫ ar Ṁaoise, agus níor leig an eagla dó aṁarc.
33Agus duḃairt an Tiġearna leis: Scaoil na bróga de do ċosa: óir is talaṁ naoṁṫa an áit ina ḃfuil tú i do ṡeasaṁ.
34Ag féaċaint daṁ ṫug mé fá dear cráḋ mo ṗobail acá san Éigipt, agus ċuala mé a n-osnaiġil, agus ṫáinic mé anuas le h-iad a ṡaoraḋ. Agus anois tar, agus cuirfiḋ mé ċun na h-Éigipte ṫú.
35An Maoise seo, ar ḋiúltuiġ siad dó, ag ráḋ: Cé rinne prionnsa agus breiṫeaṁ díoc-sa? ċuir Dia ina ṗrionnsa agus ina ṡlánuiġṫeoir é tré láiṁ an aingil a ṫaisbeán é féin dó san tor.
36Ṫreoruiġ sé seo amaċ iad, agus iongantaisí agus míorḃailte dá ndéanaṁ aige i, dtalaṁ na h-Éigipte, agus san Ṁuir Ruaiḋ, agus san ḟásaċ ar feaḋ ḋaiċead bliaḋan.#Ecs. 7, 8-11 agus 14.
37Is é seo an Maoise a duḃairt le cloinn Israéil: Tógfaiḋ Dia suas fáiḋ díḃ de ḃur mbráiṫre, mar mise: éistfiḋ siḃ leis-sean.#Deut. 18, 15.
38Is é seo an té a ḃí san eaglais san ḟásaċ,#Ecs. 19, 3. leis an aingeal a laḃair leis ar Ṡliaḃ Ṡina, agus le n-ár n-aiṫreaċa: an té a fuair ḃriaṫra na beaṫa le n-a dtaḃairt dúinne.
39Agus níorḃ áil le n-ár n-aiṫreaċa ḃeiṫ uṁal dó: aċt ḋiúltuiġ siad é, agus ṫioinntuiġ siad ina gcroiḋṫe ar an Éigipt,
40Ag ráḋ le h-Aaron:#Ecs. 32, 1. Déan déiṫe dúinn, a raċas róṁainn: óir an Maoise seo, a ṫreoruiġ sinn amaċ as tír na h-Éigipte, ní ḟuil a ḟios againn cad é ṫárla dó.
41Agus rinne siad gaṁain ins na laeṫe sin, agus d’ofráil siad íoḋbairt do’n deilḃ, agus ċuir siad taitneaṁ i n-oibreaċa a láṁ féin.
42Agus ṫionntuiġ Dia, agus ṫug sé suas iad ċun seirḃís á ḋéanaṁ do ṡluaġ neiṁe, mar atá scríoḃṫa i leaḃar na ḃFáid:#Amos 5, 25. A ṫiġ Israéil, naċ ndearna siḃ íoḋbarṫa agus ofrála daṁ-sa ar feaḋ ḋaiċead bliaḋan san ḟásaċ?
43Agus ġaḃ siḃ ċugaiḃ tabarnaicil Ṁoloic, agus réalt ḃur ndé Remṗan, íoṁáiġe a rinne siḃ féin ċun a n-aḋarṫa. Agus ḃéarfaiḋ mise anonn siḃ go dtí an taoḃ tall de’n Ḃaibileoin.
44Ḃí tabarnaicil an ċonnarṫa le n-ár n-aiṫreaċa san ḟásaċ, mar a d’órduiġ Dia dóiḃ, ag ráḋ le Maoise é a ḋéanaṁ do réir na h-eisiompláire a ċonnaic sé.#Ecs. 25, 40.
45Agus ġlac ár n-aiṫreaċa é, agus i n-aoinḟeaċt le h-Íosa#7, 45 Íosa. Is é sin, Iosue, mar a tugaḋ air san Ġréigis. ṫug siad isteaċ leo é go sealḃas na gCiniḋeaċ,#Iosue 3, 14; Eaḃ. 8, 9. ar ṫeilg Dia amaċ as aṁarc ár n-aiṫreaċ iad, go dtí linn Ḋáiḃiḋ.
46Agus fuair seisean grásta i ḃfiaḋnaise Dé,#1 Ríġ. 16, 13. agus ḃí fonn air tabarnaicil d’ḟaġáil do Ḋia Iacóib.#Sailm 131, 5.
47Aċt b’é Salomon#3 Ríġ. 6, 1; 1 Par. 17, 12. a ṫóg teaċ dó.
48Aċt ní i dtiġṫe láiṁ-ḋéanta a ċóṁnuiġeas#7, 48 Ní i dtiġṫe láiṁ-ḋéanta a ċóṁnuiġeas ⁊c. Is é sin le ráḋ, ní ḟuil feiḋm ag Dia ar áruis san tsaoġal seo, agus ní féidir do ṫiġ ar biṫ a ċongḃáil. Tá Dia san uile áit, agus, dá ḃríġ sin, i n-ár dtiġṫe fosta. Ḃí Dia an Mac ina ċóṁnaiḋe i dtiġ mar ḋuine, agus tá sé anois ina ċóṁnaiḋe ar ár n-altóirí san tSacramaint Ró-Naoṁṫa. an Té is Aoirde, mar adeir an fáiḋ:
49Is í neaṁ mo ċaṫaoir:#Isaias 66, 1. agus an talaṁ stól mo ċos. Cad é an teaċ a ṫógfas siḃ daṁ, deir an Tiġearna? nó cad is áit scíste daṁ?
50Naċ í mo láṁ féin a rinne na neiṫe sin uilig?
51A luċt an ṁuinéil riġin, atá gan timċeallġearraḋ i gcroiḋṫe agus i gcluasa, cuireann siḃ i gcóṁnaiḋe i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ: mar a rinne ḃur n-aiṫreaċa, is aṁlaiḋ a ġní siḃ-se fosta.
52Cé acu de na fáiḋe nár ġéirlean ḃur n-aiṫreaċa? Agus ṁarḃ siad iad sin a ṫairngir ar ṫeaċt an Neaċ Ċóir, ag a raiḃ siḃ-se anois i ḃur mbraṫadóirí agus i ḃur ndúnṁarḃṫóirí:
53Agus fuair siḃ an dliġe tré ḟrioṫálaṁ aingeal, agus níor ċongḃuiġ siḃ é.
54Agus ar ċluinstin na neiṫe sin dóiḃ, goineaḋ ina gcroiḋṫe iad, agus ḃí díoscarnaċ dá ḃaint as a gcuid fiacal acu ina aġaiḋ.
55Aċt ag stánaḋ suas ar neaṁ dó-san, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ, ċonnaic sé glóir Dé, agus Íosa ina ṡeasaṁ ar ḋeis Dé. Agus duḃairt sé: Féaċ, tċím na flaiṫis foscailte, agus Mac an Duine ma ṡeasaṁ ar ḋeis Dé.
56Aċt ag béicfiġ dóḃṫa-san as árd a gcinn, stop siad a gcluasa, agus d’ionnsuiġ siad é i n-aoinḟeaċt.
57Agus ġá teilgean amaċ as an ċaṫáir dóiḃ, ġaḃ siad do ċloċa ann: agus ċuir na fiaḋnaisiġ a gcuid éaḋaiġ síos ag cosa óigḟir darḃ ainm Saul.
58Agus ġaḃ siad do ċloċa i Steaṗán, agus é ag guiḋe agus ag ráḋ: A Ṫiġearna Íosa, glac ċugat mo spiorad.
59Agus ag dul ar a ġlúna dó, scairt sé de ġuṫ árd, ag ráḋ: A Ṫiġearna, ná h-aiṫḃir an peacaḋ seo orṫa. Agus nuair a ḃí sin ráiḋte aige, ṫuit sé ina ċodlaḋ san Tiġearna. Agus ḃí Saul ag aontuġaḋ le n-a ḃás.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 7: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníoṁarṫa 7