Gníoṁarṫa 8
8
Caibidil VIII
Tionntuiġeann Pilip na Samáiriteánaiġ ċun creidiṁ, agus baisteann sé an seanascal.
1Agus san am sin d’éiriġ géirleanaṁaint ṁór san Eaglais a ḃí i n-Ierusalem, agus ḃí siad uilig, aċt aṁáin na h-Abstail, scapṫa fríd ċríoċa Iudaia agus na Samáire.
2Agus ṫóg fir ḋiaḋanta leo Steaṗán, agus rinne siad caoineaḋ mór ós a ċionn.
3Aċt ḃí Saul ag scrios na h-Eaglaise, ag dul isteaċ ó ṫiġ go tiġ, agus ṫarraingeaḋ sé amaċ fir agus mná, agus ċuireaḋ sé i bpríosún iad.
4An ṁuinntir a ḃí scapṫa, dá ḃríġ sin, ṫéiġeaḋ siad ṫart ag craoḃscaoileaḋ briaṫar Dé.
5Agus ar ḋul síos go caṫair na Samáire do Ṗilip, rinne sé Críost a ṡeanmóir dóiḃ.
6Agus ṫug na daoine áird d’aon toil ar na neiṫé a duḃairt Pilip, iad ag éisteaċt, agus ag taḃairt fá dear na míorḃail a rinne sé.
7Óir mórán acu sin ina mbíoḋ spioraid neaṁġlana, ṫéiġeaḋ siad amaċ astú, agus iad ag scairtiġ de ġuṫ árd.
8Agus leiġeasaḋ mórán de luċt an ġalair ċreaṫaiġ agus de ḋaoine bacaċa.
9Ar an aḋḃar sin, ṫárla áṫas mór ar fud na caṫraċ sin. Agus ḃí fear áiriṫe darḃ ainm Síomon, a ḃí ina ḋraoi san ċaṫair sin roiṁe seo, agus ṁeall sé muinntir na Samáire, ag ráḋ gur ḋuine éigin mór é féin:
10Agus ṫug siad uilig éisteaċt ḋó, ó’n ḃeag go dtí an mór, ag ráḋ: Is é seo cuṁaċt Dé, dá ngoirtear mór.
11Agus ṫug siad áird air: de ḃríġ gur ċuir sé draoiḋeaċt orṫa ar feaḋ i ḃfad le n-a ġeasróga.
12Aċt nuair a ċreid siad Pilip, agus é ag seanmóireaċt ar ríoġaċt Dé, baisteaḋ iad eadar ḟir agus mná i n-ainm Íosa Críost.
13Annsin ċreid Síomon é féin fosta: agus nuair a baisteaḋ é, ġreamuiġ sé de Ṗilip. Agus ar ḟeiceáil na gcóṁarṫaí agus na míorḃail an-ṁór a ḃí dá ndéanaṁ dó, ṫáinic iongantas agus uaṫḃás air.
14Agus nuair a ċuala na h-Abstail a ḃí i n-Ierusalem gur ġlac an tSamáire briaṫar Dé, ċuir siad Peadar agus Eoin ċuca:
15Agus nuair a ṫáinic siad-san, ġuiḋ siad ar a son, ċun go ḃfaġaḋ siad an Spiorad Naoṁ:
16Óir ní ṫáinic sé go fóill ar aoinneaċ acu: aċt ní raiḃ siad aċt baistṫe i n-ainm an Tiġearna Íosa.
17Annsin ċuir siad a láṁa orṫa#8, 17 Ċuir siad a láṁa orṫa. Ṫug na h-Abstail an tSacramaint, dá ngoirtear Dul faoi láiṁ Easbuic, le láṁ-ċur agus guiḋe, agus dá ṫairḃe sin bronnaḋ an Spiorad Naoṁ ar na creidṁiġ. Gan aṁras, fuair siad grásta an Spioraid Naoiṁ ag a mbaisteaḋ, aċt ní ḟuair siad an iomláine grásta sin ná na tioḋlaicṫe spioradálta sin a fuair siad ina ḋiaiḋ sin ó Easbuic i Sacramaint Ḋul Faoi Láiṁ Easbuic. Ṫug an tSacramaint sin neart dóiḃ le n-a gcreideaṁ d’adṁáil go puibliḋe., agus fuair siad an Spiorad Naoṁ.
18Agus nuair a ċonnaic Síomon go dtugaḋ an Spiorad Naoṁ tré láṁ-ċur na n-Abstal, ṫairg sé airgead dóiḃ,
19Ag ráḋ: Taḃairigiḋ an ċuṁaċt seo daṁ-sa fosta, ċun go ḃfaġaiḋ cibé a gcuirfiḋ mé mo láṁa air an Spiorad Naoṁ. Aċt duḃairt Peadar leis:
20Go dtéiġiḋ do ċuid airgid amuġa i d’ḟoċair féin: de ḃríġ gur ṁeas tú go ḃfaġṫar tioḋlacaḋ Dé ar airgead.
21Ní ḟuil páirt ná cuid agat san níḋ seo, óir ní ḟuil do ċroiḋe díreaċ 1 láṫair Dé.
22Déan aiṫriġe, dá ḃríġ sin, ar son na h-urċóide seo agat: agus guiḋ Dia, go mb’ḟéroir an smaoineaḋ seo i do ċroiḋe a ṁaiṫeaṁ duit.
23Óir tċím go ḃfuil tú i ndomblas an tsearḃais agus i gceangal na h-urċóide.
24D’ḟreagair Síomon agus duḃairt: Guiḋigid an Tiġearna ar mo ṡon, ċun naċ dtigiḋ orm aon níḋ de na neiṫe sin a duḃairt siḃ.
25Agus nuair a ṫug siad-san fiaḋnaise, agus laḃair siad briaṫar an Tiġearna, ṗill siad go h-Ierusalem, agus ṡeanmóir siad an soiscéal i mórán ceanntar de ċuid na Samáiriteánaċ.
26Agus laḃair aingeal leis an Tiġearna le Pilip, ag ráḋ: Éiriġ, agus imṫiġ ó ḋeas go dtí an bealaċ a ṫéid síos ó Ierusalem go Gasa: is fásaċ é seo.
27D’éiriġ sé, agus d’imṫiġ. Agus féaċ, fear as an Eaṫaip, seanascal cuṁaċtaċ le Candace, bainríoġan na n-Eaṫapaċ, a raiḃ coiṁéad a maoine go h-uile air, ṫáinic sé go h-Ierusalem a ḋéanaṁ aḋarṫa:
28Agus ḃí sé ag pilleaḋ, ina ṡuiḋe ina ċarbad, agus é ag léiġeaṁ Isaiais, fáiḋ.
29Agus duḃairt an Spiorad le Pilip: Druid ċun tosaiġ, agus cuir ṫú féin i n-aice an ċarbaid sin.
30Ag riṫ ċun tosaiġ do Ṗilip, ċuala sé é ag léiġeaṁ Isaiais, fáiḋ, agus duḃairt: An dtuigeann tú, dar leat, cad é tá dá léiġeaṁ agat?
31Agus duḃairt seisean: Cad é mar is féidir daṁ, muna léiriġiḋ duine éigin daṁ é? Agus d’iarr sé ar Ṗilip teaċt aníos, agus suiḋe ina ḟoċair.
32Agus ḃ’é seo an ċuid de’n Scrioptúir a ḃí sé a léiġeaṁ:#Isaias 53, 7. Aṁail ċaoraiġ tugaḋ ċun báis é: agus mar uan ina ṫost ós cóṁair an lomadóra, is mar sin nár ḟoscail sé a ḃéal.
33I n-uirísleaċt tógaḋ ar ṡiuḃal a ḃreiṫeaṁnas. Cé ḟoill-seoċas a ġeinealaċ, óir tógfar a ḃeaṫa ar ṡiuḃal. ó’n talaṁ?
34Agus d’ḟreagair an seanascal Pilip, agus duḃairt: Fiafruiġim d’aṫċuinge díot, cé faoi a n-abair an fáiḋ sin? an faoi féin, nó fá ḋuine éigin eile?
35Annsin d’ḟoscail Pilip a ḃéal, agus ag toiseaċt ag an Scrioptúir sin dó, ṡeanmóir sé Íosa dó.
36Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag cur an ḃóṫair díoḃ, ṫáinic siad go dtí uisce áiriṫe: agus duḃairt an seanascal: Féaċ, uisce, cad é tá le mo ċongḃáil ó ḃaisteaḋ d’ḟaġáil?
37Agus duḃairt Pilip: Má ċreideann tú ó do ċroiḋe go h-iomlán#8, 37 Má ċreideann tú ó do ċroiḋe go h-iomlán. Is minic naċ luaiḋeann an Scrioptúir aċt aon ullṁuġaḋ aṁain, mar a luaiḋtear creideaṁ annseo, agus fágtar gan ainmniuġaḋ mórán ullṁuiġṫe eile atá díreaċ cóṁ riaċtanaċ, mar atá dólás fá ṗeacaiḋe, dóċas láidir, agus gráḋ Dé. Le n-a ċois sin, cialluiġeann creidḃeáil ó’n ċroiḋe go h-iomlán creidḃeáil i ngaċ níḋ a ḃíos riaċtanaċ ċun slánuiġṫe., is féidir sin. Agus d’ḟreagair seisean, agus duḃairt: Creidim gurab é Íosa Críost Mac Dé.
38Agus d’órduiġ sé an carbad a stopaḋ: agus ċuaiḋ siad araon, Pilip agus an seanascal, síos go dtí an t-uisce, agus ḃaist sé é.
39Agus nuair a ṫáinic siad aníos as an uisce, d’ḟuaduiġ Spiorad an Tiġearna Pilip leis, agus ní ḟaca an seanascal ní ba ṁó é. Aċt d’imṫiġ sé leis ar a ḃealaċ fá áṫas.
40Agus fuarṫas Pilip i n-Asotus, agus ag dul ṫart dó, ṡeanmóir sé an soiscéal do na caṫraċa uilig, go dtí go dtáinic sé go Caesarea.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 8: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland