Eoin 12
12
Caibidil XII.
Cosa Ċríost dá n-ungaḋ. Téid sé isteaċ go h-Ierusalem ag marcaiḋeaċt ar asal. Guṫ as na flaiṫis.
1Sé lá roiṁ an Ċáisc,#Mait. 26, 6; Marc. 14, 3. dá ḃríġ sin, ṫáinic Íosa go Betánia, mar a ḃfuair Lasair bás, agus gur ṫóg Íosa ó na mairḃ é.
2Agus rinne siad suipéar dó annsin: agus ḃí Marta ag freastal, aċt ḃí lasair ar ḋuine acu sin a ḃí ina suiḋe ċun bíḋ ina ċuiḋeaċta.
3Ar an aḋḃar sin, ġlac Máire punta ungṫa de spíocnárd ḟíor, luaċṁar, agus rinne sí cosa Íosa d’ungaḋ, agus ṫriomuiġ sí a ċosa le n-a gruaig: agus líonaḋ an teaċ le cuṁraċt an ungṫa.
4Ar an aḋḃar sin, duḃairt duine dá deisciobail, Iúḋas Iscariot, an té a ḃí ar tí a ḃraṫa:
5Cad ċuige nár díolaḋ an t-ungaḋ seo ar ṫrí ċéad piġinn, agus é a ṫaḃairt do na boċta?
6Aċt duḃairt sé sin, ní ar son go raiḃ áird aige ar na boċta, aċt de ḃríġ gur ġadaiḋe é, agus gurḃ aige a ḃíoḋ an sparán, agus go n-iomċaraḋ sé ah méid a ċuirtí ann.
7Duḃairt Íosa, dá ḃríġ sin: leigigiḋ dí ċun go gcongḃuiġiḋ sí é fá ċoinne lá m’aḋlaicṫe.
8Óir bíonn na boċta i gcóṁnaiḋe agaiḃ i ḃur measc: aċt ní ḃím-se agaiḃ i gcóṁnaiḋe.#12, 8 Féaċ, an Nóta ar N. Mait. 26, 11.
9Ḃí a ḟios ag sluaġ mór de na h-Iúdaiġ, ar an aḋḃar sin, go raiḃ sé annsin: agus ṫáinic siad, ní mar ġeall ar Íosa aṁáin, aċt ċun go ḃfeiceaḋ siad Lasair a ṫóg sé ó na mairḃ.
10Agus ḃí uaċtaráin na sagart ag smaoineaḋ ar lasair a ṁarḃaḋ fosta:
11Óir d’imṫiġ mórán de na h-Iúdaiġ mar ġeall air, agus ċreid siad i n-Íosa.
12Agus lá ar n-a ḃáraċ, sluaġ mór a ṫáinic ċuig lá na féile, nuair a ċuala siad go raiḃ Íosa ag teaċt go h-Ierusalem:
13Ġlac siad géaga na bpailm, agus ċuaiḋ siad amaċ ina airicis, agus iad ag scairtiġ: Hosanna, is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n-ainm an Tiġearna, Rí Israéil.
14Agus fuair Íosa asal óg, agus ċuaiḋ sé a ṁarcaiḋeaċt air,#Sac. 9, 9; Marc. 11, 7; Lúc. 19, 35. mar atá scríoḃṫa:
15Ná bíoḋ eagla ort, a inġean Ṡíoin: féaċ, tá do rí ag teaċt, agus é ina ṡuiḋe ar ṡearraċ asaile.
16Níor ṫuig a ḋeisciobail na neiṫe sin ar dtús: aċt nuair a ċuaiḋ Íosa isteaċ ina ġlóir, ċuiṁinġ siad annsin go raiḃ na neiṫe sin scríoḃṫa fá dtaoiḃ de, agus go ndearna siad na neiṫe sin leis.
17An sluaġ, dá ḃríġ sin, a ḃí ina ḟoċair nuair a ġoir se Lasair as an tuamba, agus ṫóg sé ó na mairḃ é, ṫug siad fiaḋnaise uaṫa.
18Ar an aḋḃar sin fosta, ṫáinic an sluaġ amaċ ina airicis, de ḃríġ gur ċuala siad go ndearna sé an ṁíorḃail sin.
19Ar an aḋḃar sin, duḃairt na Fairisíniġ le n-a ċéile: An ḃfeiceann siḃ naċ ḃfuil ag éirġe linne ar ċor ar biṫ? Féaċ, tá an saoġal uilig ar ṡiuḃal ina ḋiaiḋ.
20Agus ḃí dream áiriṫe de na ciniḋeaċa ar na daoine a ċuaiḋ suas le h-aḋraḋ a ḋéanaṁ lá na féile.
21Ṫáinic siad-san, dá ḃríġ sin, ċuig Pilip, arḃ as Beṫsaida na Gailile dó, agus ġuiḋ siad é, ag ráḋ: A ḋuine ċóir, ba ṁaiṫ linn Íosa d’ḟeiceáil.
22Tig Pilip agus innseann sé d’Aindrias é. Annsin d’innis Aindrias agus Pilip do Íosa é.
23Agus d’ḟreagair Íosa iad, ag ráḋ: Ṫáinic an uair ċun glóir a ṫaḃairt do Ṁac an Duine.
24Amén, amén adeirim liḃ, muna ḃfaġaiḋ an gráinnín cruiṫneaċta a ṫuiteas san talaṁ bás,
25Fanann sé leis féin; aċc má ġeiḃ sé bás, ḃeir sé toráḋ mór uaiḋ. An té a ġráḋuiġeas a ḃeaṫa, caillfiḋ sé í;#Mait. 10, 39, agus 16, 25; Marc. 8, 35; Lúc. 9, 24, agus 17, 33. agus an té a ḃeir fuaṫ dá ḃeaṫa féin ar an tsaoġal seo, taisciġeann sé í ċun na beaṫa síorraiḋe.
26Má ġní aoinneaċ seirḃís daṁ-sa, leanaḋ sé mé: agus mar a mbím-se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann fosta. Má ġní aoinneaċ seirḃís daṁ-sa, ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir dó.
27Anois cá buaiḋreaṁ ar m’anam. Agus cad é déarfas mé? A Aṫair, saor mé ó’n uair seo. Aċt is ar an aḋḃar sin a ṫáinic mé ċun na h-uaire seo.
28A Aṫair, taḃait glóir do d’ainm. Ṫáinic guṫ, dá ḃríġ sin, ó neaṁ: Ṫug mé glóir, agus ḃéarfaiḋ mé glóir arís, dó.
29An sluaġ, ar an aḋḃar sin, a ḃí ina seasaṁ ann, agus a ċuala, duḃairt siad go ndearna sé tóirneaċ. Duḃairt cuid eile: laḃair aingeal leis.
30D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: Ní ar mo ṡon-sa a ṫáinic an guṫ sin, aċt ar ḃur son-sa.
31Anois tá breiṫeaṁnas an tsaoġail ann: anois teilgfear amaċ prionnsa an tsaoġail seo.
32Agus má ṫógfar suas ó’n talaṁ mise, tarraingeoċaiḋ mé gaċ uile níḋ ċugam féin.
33(Agus duḃairt sé sin, ġá ċur i n-iúl cad é an cinéal báis a ġeoḃaḋ sé).
34D’ḟreagair an sluaġ é: Ċualamar ó’n dliġe#Sailm 109, 4, agus 116, 2; Isaias 40, 8; Eséciel 37, 25. go maireann an Críost a ċoiḋċe: agus cad é mar deir tusa: Is éigean Mac an Duine a ṫógáil i n-áírde? Cé h-é an Mac sin an Duine?
35Duḃairt Íosa leo, ar an aḋḃar sin: Ar feaḋ tamaill ḃig go fóill, tá an solus i ḃur measc. Siuḃalaigiḋ a ḟad agus tá an solus agaiḃ, ċun naċ mbeiriḋ an dorċadas oraiḃ: agus an té a ṡiuḃlas san dorċadas, ní ḃíonn a ḟios aige cá mbíonn sé ag dul.
36A ḟad agus tá an solus agaiḃ, creidigiḋ san tsolus, ċun go mba clann soluis siḃ. Duḃairt Íosa na neiṫe sin: agus d’imṫiġ sé, agus d’ḟoluiġ sé é féin orṫa.
37Aċt giḋ go ndearna sé a oiread sin de ṁíorḃailte ós a gcóṁair, níor ċreid siad ann:
38Ionnas go gcóiṁlíontaí an ċainnt a duḃairt Isaias, fáiḋ:#Isaias 53, 1; Róṁ. 10, 16. A Ṫiġearna, cé ċreid an níḋ a cluineaḋ uainn? Agus cé dó ar foillsiġeaḋ láṁ an Tiġearna?
39Dá ḃríġ sin, níorḃ ḟéidir dóiḃ creidḃeáil#12, 39 Níorḃ ḟéidir dóiḃ creidḃeáil. Mar nárḃ áil leo, deir Naoṁ Aġuistín. Tr. 33 ar Eoin. Féaċ, an Nóta ar N. Marc. 4, 12., óir duḃairt Isaias arís:
40Ḋall sé a súla, agus ċruaiḋiġ sé a gcroiḋe, ċun naċ ḃfeiceaḋ siad le n-a súla, agus naċ dtuigeaḋ siad le n-a gcroiḋe, agus go dtionntuiġeaḋ siad, agus go slánuiġinn iad.#Isaias 6, 9; Mait. 13, 14; Marc. 4, 12; Lúc. 8, 10; Gníoṁ. 28, 26; Róṁ. 11, 8.
41Duḃairt Isaias na neiṫe sin nuair a ċonnaic sé a ġlóir, agus láḃair sé air.
42San am ċéadna ċreid mórán de na h-uaċtarám féin ann: aċt mar ġeall ar na Fairisíniġ níor adṁuiġ siad é, ar eagla go gcuirtí amaċ as an tsineagóig iad.
43Óir b’ḟeárr leo glóir na ndaoine ná glóir Dé.
44Agus laḃair Íosa de ġuṫ árd, agus duḃairt: An té a ċreideas ionnam-sa, ní ionnam-sa a ċreideas sé, aċt san té a ċuir uaiḋ mé.
45Agus an té atċí mise, tċí sé an té a ċuir uaiḋ mé.
46Ṫáinic mé ar an tsaoġal mar ṡolus, ċun naċ ḃfanaḋ aoinneaċ, dá gcreidfeaḋ ionnam, san dorċadas.
47Agus má ċluin duine mo ḃriaṫra-sa, agus gan iad a ċongḃáil: ní ṫaḃraim-se breiṫeaṁnas air, óir ní ċun breiṫeaṁnas a ṫaḃairt ar an doṁan a ṫáinic mé, aċt ċun an doṁan a ṡáḃáil.
48An té a ḋiúltas mise, agus naċ nglacann mo ḃriaṫra: tá sin aige a beir breiṫeaṁnas air; an briaṫar a laḃair mise, ḃéarfaiḋ sé breiṫeaṁnas air ar an lá deireannaċ.#Mait. 16, 16.
49Óir ní uaim féin a laḃair mé, aċt an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé, ṫug sé órduġaḋ daṁ cad é déarfainn, agus cad é laḃarfainn.
50Agus tá a ḟios agam gur beaṫa ṡíorraiḋe a órduġaḋ. Ar an aḋḃar sin, na neiṫe a deirim, is aṁlaiḋ a deirim iad mar a d’innis an t-Aṫair daṁ.
Currently Selected:
Eoin 12: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland