Eoin 11
11
Caibidil XI
Tógann Críost Lasair ó’n ḃás. Tá rún ag na h-uaċtaráin é ċur ċun báis.
1Agus ḃí duine áiriṫe tinn, Lasair ó Ḃetánia, baile Ṁáire agus Ṁarta, a deirḃṡiúir.
2(Agus b’í Máire an té úd a d’ung an Tiġearna le h-ungaḋ, agus a ṫriomuiġ a ċosa le n-a gruaig:#Mait. 26, 7; Lúc. 7, 37. agus a raiḃ a dearḃráṫair Lasair tinn).
3Ar an aḋḃar sin, ċuir a ḋeirḃṡeaṫraċa scéala ċuige, ag ráḋ: a Ṫiġearna, féaċ, tá an té is ionṁuin leat tinn.
4Agus nuair a ċuala Íosa sin duḃaírt sé leo: Ní ċun báiṡ an tinneas seo, aċt ċun glóire Dé, ionnas go ḃfaġaḋ Mac Dé glóir tríd.
5Agus ḃí gráḋ ag Íosa do Ṁarta, agus do Ṁáire, a deirḃṡiúir, agus do Lasair.
6Nuair a ċuala sé, ar an aḋḃar sin, go raiḃ sé tinn, annsin d’ḟan sé ḋá lá, mar sin féin, san áit ċéadna.
7Annsin ina ḋiaiḋ sin duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Téiġimís go n-Iudaia arís.
8Deir na deisciobail leis: A Rabbi, is anois féin a ḃí faoi na h-Iúdaiġ gaḃáil do ċloċa ionnat, agus an ḃfuil tú ag dul annsin arís?
9D’ḟreagair Íosa: Naċ ḃfuil ḋá uair ḋéag san lá? Má ṡiuḃlann duine san lá, ní ṫruisliġeann sé, óir tċí sé solus an tsaoġail seo:
10Aċt má ṡiuḃlann sé san oiḋċe, truisliġeann sé, mar naċ mbíonn an solus ann.
11Duḃairt sé na neiṫe seo, agus ina ḋiaiḋ sin, duḃairt sé leo: Tá ár gcaraid Lasair ina ċodlaḋ: aċt tá mé ag dul ċun é ṁusclaḋ as a ċodlaḋ.
12Duḃairt a ḋeisciobail, dá ḃríġ sin: A Ṫiġearna, má tá sé ina ċodlaḋ, béiḋ sé slán.
13Aċt ba ar a ḃás a laḃair Íosa: aċt ṡíl siad-san gurḃ ar ṡuan an ċodalta a laḃair sé.
14Annsin duḃairt Íosa go soiléir leo, dá ḃríġ sin: Fuair Lasair ḃás:
15Agus mar ġeall oraiḃ-se, ċun go gcreidiḋ siḃ, is maiṫ liom naċ raiḃ mé ann, aċt téiġimís ċuige.
16Ar an aḋḃar sin, duḃairt Tomás, dá ngoirtear Didimus, le n-a ċóiṁḋeisciobail: Téiġimís-ne fosta, go ḃfaġamuid ḃás i n-aoinḟeaċt leis.
17Ṫáinic Íosa, mar sin: agus fuair sé é, agus é ceiṫre lá ċeana féin san tuamba.
18Agus ḃí Betánia tuairim agus cúig stáid déag i n-aice le h-Ierusalem.
19Agus ḃí mórán de na h-Iúdaiġ i ndiaiḋ a ṫeaċt ċuig Máire agus Marta, le cian a ṫógáil díoḃ fá n-a ndearḃráṫair.
20Nuair a ċuala Marta, ar an aḋḃar sin, go raiḃ Íosa ag teaċt, ċuaiḋ sí ina airicis: aċt d’ḟan Máire ina suiḋe san tiġ.
21Duḃairt Marta, dá ḃríġ sin, le h-Íosa: A Ṫiġearna, dá mbéiṫeá annseo, ní ḃéaḋ mo ḋearḃráṫair marḃ;
22Aċt anois féin tá a ḟios agam, cibé níḋ a iarrfas tusa ar Ḋia, go dtaḃarfaiḋ Dia duit é.
23Deir Íosa léi: Éireoċaiḋ do ḋearḃráṫair arís.
24Deir Marta leis: Tá a ḟios agam go n-éireoċaiḋ sé arís san eiséirġe#Lúc. 14, 14. ar an lá deireannaċ.
25Duḃairt Íosa léi: Is mise an eiséirġe, agus an ḃeaṫa: an té a ċreideas ionnam-sa, dá ḃfaġaḋ sé bás féin, béiḋ sé beo:
26Agus gaċ aoinneaċ atá beo, agus a ċreideas ionnam-sa, ní ḟuiġiḋ sé bás a ċoiḋċe. An gcreideann tú seo?
27Deir sí leis: Go dearḃṫa, a Ṫiġearna, tá sé creidṫe agam gur tusa an Críost, Mac an Dé Bí, a ṫáinic ar an tsaoġal seo.
28Agus nuair a duḃairt sí na neiṫe sin, d’imṫiġ sí agus ġoir sí a deirḃṡiúir Máire i gcogar, ag ráḋ: Tá an Máiġistir annseo, agus tá sé do iarraiḋ.
29Ar a ċluinstin sin díṫe-se, éiriġeann sí go tapaiḋ, agus tig sí ċuige.
30Óir ní ṫáinic Íosa isteaċ san ḃaile go fóill: aċt ḃí sé i gcóṁnaiḋe san áit sin i n-ar casaḋ Marta air.
31Na h-Iúdaiġ, ar an aḋḃar sin, a ḃí i ḃfoċair Máire san tiġ, agus ag taḃairt sóláis dí, nuair a ċonnaic siad í ag éirġe fá ḋeifre, agus ag imṫeaċt amaċ, lean siad í, ag ráḋ: Is ag dul ċun an tuamba atá sí, le caoineaḋ a ḋéanaṁ ann.
32Nuair a ṫáinic Máire, dá ḃríġ sin, mar a raiḃ Íosa, agus ċonnaic sí é, ċaiṫ sí í féin ag a ċosa, agus deir sí leis: A Ṫiġearna, dá mbéiṫeá annseo, ní ḃéaḋ mo ḋearḃráṫair marḃ.
33Ar an aḋḃar sin, nuair a ċonnaic Íosa í ag gol, agus na h-Iúḋaiġ a ṫáinic léi ag gol, rinne sé osna ina spiorad, agus ċuir sé buaiḋreaṁ air féin.
34Agus duḃairt: Cár ċuir siḃ é? Deir siad leis: Tar, a Ṫiġearna, agus feic.
35Agus ġoil Íosa.
36Duḃairt na h-Iúdaiġ, dá ḃríġ sin: Féaċ, cad é an cion a ḃí aige air.
37Aċt duḃairt cuid acu: Nárḃ ḟéidir dó seo, a d’ḟoscail súla an té a rugaḋ dall, an duine seo a ċongḃáil gan bás d’ḟaġáil?
38Ar an aḋḃar sin, tig Íosa, agus é arís ag osnaiġil ann féin, go dtí an tuamba: agus ba uaṁaċ é: agus ḃí cloċ curṫa ós a cionn.
39Deir Íosa: Tógaigiḋ an ċloċ. Deir Marta, deirḃṡiúir an ṁarḃánaiġ leis: A Ṫiġearna, tá droċ-ḃolaḋ as anois, óir tá sé ceiṫre lá marḃ.
40Deir Íosa léi: Nár ḋuḃairt mé leat, má ċreideann tú, go ḃfeicfiḋ tú glóir Dé?
41Ar an aḋḃar sin, ṫóg siad an ċloċ: agus ar ṫógáil suas na súl do Íosa, duḃairt sé: A Aṫair, ḃeirim buiḋeaċas duit ar son gur éist tú liom.
42Aċt ḃí a ḟios agam go n-éisteann tú liom i gcóṁnaiḋe, aċt is mar ġeall ar na daoine atá ina seasaṁ ṫart annseo, a duḃairt mé é: ċun go gcreideaḋ siad gur tusa a ċuir uait mé.
43Nuair a duḃairt sé sin, scairt sé de ġuṫ árd: A Lasair, tar amaċ.
44Agus ar an ḃomaite ṫáinic an té a ḃí marḃ amaċ, na cosa agus na láṁa ceangailte aige le h-éadaiġe báis, agus ḃí a aġaiḋ ceangailte le h-éadaċ láṁ. Duḃairt Íosa leo: Scaoiligiḋ é, agus leigigiḋ dó imṫeaċt.
45Ḋá ḃríġ sin, mórán de na h-Iúdaiġ a ṫáinic ċuig Máire agus Marta, agus a ċonnaic na neiṫe a rinne Íosa; ċreid siad ann.
46Aċt d’imṫiġ cuid acu ċuig na Fairisíniġ, agus d’innis siad dóiḃ cad é rinne Íosa.
47Ar an aḋḃar sin, ċruinniġ na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus duḃairt siad: Cad é tá dá ḋéanaṁ againne, óir is iomḋa míorḃail a ġní an duine seo?
48Má leigimíd leis mar seo, creidfiḋ an uile ḋuine ann, agus tiocfaiḋ na Róṁánaiġ, agus scriosfaiḋ siad ár n-áit agus ár gcineaḋ.
49Aċt duine acu, darḃ ainm Caiṗas, mar gurḃ é árdṡagart na bliaḋna sin é, duḃairt sé leo: Ní ṫuigeann siḃ-se rud ar biṫ,
50Ná ní ḋearcann siḃ go ḃfóireann díḃ go ḃfaġaḋ duine aṁáin bás ar son an ṗobail, agus naċ scriostaí an cineaḋ go léir.
51Aċt níorḃ uaiḋ féin a duḃairt sé sin: aċt mar gurḃ é árdṡagart na bliaḋna sin é, ṫairngir sé go ḃfuiġeaḋ Íosa bás ar son an ċiniḋ;
52Agus ní aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt ċun go gcruinniġeaḋ sé i gcionn a ċéile clann Dé a ḃí scapṫa.
53Ó’n lá sin amaċ, dá ḃríġ sin, ḃí siad ag breaṫnuġaḋ sliġe ċun é ċur ċun báis.
54Ar an aḋḃar sin, níor ṡiuḃal Íosa feasta go puibliḋe imeasc na n-Iúdaċ, aċt d’imṫiġ sé go dtí an ceanntar atá i n-aice an ḟásaiġ, go caṫair dá ngoirtear Eṗrem, agus ċóṁnuiġ sé annsin i gcuideaċta a ḋeisciobal.
55Agus ḃí Cáisc na n-Iúdaċ ar na gaoḃair: agus ċuaiḋ mórán as an tír suas go h-Ierusalem roiṁ an Ċáisc, ċun iad féin a naoṁuġaḋ.
56Dá ḃríġ sin, ḃí siad ag cuartuġaḋ Íosa; agus ḃíoḋ siad ag cóṁráḋ eatorṫa féin, agus iad ina seasaṁ san teampall: Cad é is dóiġ liḃ, naċ ḃfuil sé ag teaċt ċuig lá na féile? Agus ṫug na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ órduġaḋ, dá mbéaḋ a ḟios ag aoinneaċ cá raiḃ sé, é d’innse, ċun go mbeireaḋ siad air.
Currently Selected:
Eoin 11: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland