YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 18

18
Caibidil XVIII.
Tuairisc ar ṗáis Ċríost.
1Nuair a ḃí na neiṫe sin ráiḋte ag Íosa, ċuaiḋ sé amaċ le n-a ḋeisciobail ṫar sruṫán na Cedróine, mar a raiḃ garrḋaḋ,#2 Ríġ. 15, 23; Mait. 26, 36; Marc. 14, 32; Lúc. 22, 39. ina ndeaċaiḋ sé féin agus a ḋeisciobail isteaċ.
2Agus ḃí fios na h-áite seo ag Iúdas, a ḃraiṫ é, fosta: óir ṫigeaḋ Íosa ann go minic mar aon le n-a ḋeisciobail.
3Ar an aḋḃar sin, nuair a fuair Iúdas buiḋean agus oificiġ ó na h-árdṡagairt agus ó na Fairisíniġ, tig sé annsin le lóċrainn, agus tóirsí, agus airm.#Mait. 26, 47; Marc. 14, 43; Lúc. 22, 47.
4Ó ḃí a ḟios ag Íosa, dá ḃríġ sin, gaċ níḋ dá raiḃ le ṫeaċt air, ċuaiḋ sé ar aġaiḋ, agus duḃairt leo: Cé tá siḃ a ċuartuġaḋ?
5D’ḟreagair siad é: Íosa as Nasair. Deir Íosa leo: Is mise é. Agus ḃí Iúdas, a ḃraiṫ é, ina ṡeasaṁ ina ḃfoċair fosta.
6Nuair a duḃairt sé leo, dá ḃríġ sin: Is mise é: ċuaiḋ siad ar gcúl, agus ṫuit siad ar an talaṁ.
7Ar an aḋḃar sin, d’ḟiafruiġ sé díoḃ arís: Cé tá siḃ a ċuartuġaḋ? Agus duḃairt siad-san: Íosa as Nasair.
8D’ḟreagair Íosa: Duḃairt mé liḃ, gur mise é: ar an aḋḃar sin, má’s mise atá siḃ a ċuartuġaḋ, leigigiḋ dóḃṫa seo imṫeaċt.
9Ċun go gcóiṁlíontaí an ċainnt a duḃairt sé: Níor ċaill mé aon duine acu sin a ṫug tú daṁ.
10Ar an aḋḃar sin, Síomon Peadar, a raiḃ claiḋeaṁ aige, ṫarraing sé amaċ é: agus ḃuail sé seirḃíseaċ an árdṡagairt: agus ġearr sé an ċluas ḋeas de. Agus Malċus a b’ainm do’n tseirḃíseaċ.
11Duḃairt Íosa, ar an aḋḃar sin, le Peadar: Cuir do ċlaiḋeaṁ san truaill. An é naċ n-ólfaiḋ mé an ċailís a ṫug m’Aṫair daṁ?
12Ar an aḋḃar sin, rug an ḃuiḋean, agus an ceann feaḋain, agus oificiġ na n-Iúdaċ ar Íosa, agus ċeangail siad é:
13Agus ṫug siad leo ar dtús ċuig Annas é, óir b’eisean aṫair céile Ċaiṗais,#Lúc. 3, 2. arḃ é árdṡagart na bliaḋna sin é.
14Agus b’é Caiṗas an té a ṫug an ċóṁairle do na h-Iúdaiġ: go ḃfóirfeaḋ sé duine aṁáin bás d’ḟaġáil ar son na ndaoine?
15Agus lean Síomon Peadar agus deisciobal eile Íosa. Agus ḃí aiṫne ag an árdṡagárt ar an deisciobal sin, agus ċuaiḋ sé isteaċ le h-Íosa go cúirt an árdṡagairt.
16Aċt ṡeasuiġ Peadar ag an doras ṫaoḃ amuiġ. Dá ḃríġ sin, ċuaiḋ an deisciobal eile, a raiḃ aiṫne ag an árdṡagart air, amaċ, agus laḃair sé leis an ḃandoirseoir: agus ṫug sé isteaċ Peadar.#Mait. 26, 58; Marc. 14, 54; Lúc. 22, 55.
17Deir cailín an dorais, ar an aḋḃar sin, le Peadar: Naċ duine de ḋeisciobail an ḟir úd ṫusa fosta? Deir seisean: Ní h-eaḋ.
18Agus ḃí na seirḃísiġ agus na h-oificiġ ina seasaṁ fá aiḃleogaí teineaḋ, mar go raiḃ sé fuar, agus iad ag déanaṁ a ngorṫa: agus ḃí Peadar ina ṡeasaṁ ina dteannta, agus é ag déanaṁ a ġorṫa.
19Ar an aḋḃar sin, ċeistiġ an t-árdṡagart Íosa fá n-a ḋeisciobail, agus fá n-a teagasc.
20D’ḟreagair Íosa é: Laḃair mise go puibliḋe leis an tsaoġal: ṫug mé teagasc i gcóṁnaiḋe san tsineagóig, agus san teampall, mar a dtig na h-Iúdaiġ go léir i gcionn a ċéile: agus níor laḃair mé aon níḋ fá ċeilt.
21Cad ċuige a gceistiġeann tú mise? Fiafruiġ díoḃṫa seo a ċuala cad é duḃairt ṁé leo: féaċ, tá a ḟios acu seo na neiṫe a duḃairt mé.
22Nuair a duḃairt sé seo, ḃuail duine de na seirḃísiġ, a ḃí ina ṡeasaṁ ann, buille boise ar Íosa, ag ráḋ: An mar sin a ḃeir tú freagair ar an árdṡagart?
23D’ḟreagair Íosa é: Má laḃair mé go h-olc, ṫaḃair fiaḋnaise ar an olc: aċt má’s go maiṫ, cad ċuige a mbuaileann tú mé?
24Agus ċuir Annas ċuig Caiṗas,#Mait. 26, 57; Marc. 14, 53; Lúc. 22, 54. an t-árdṡagart, é, agus é ceangailte.
25Agus ḃí Síomon Peadar ina ṡeasaṁ, agus é ag déanaṁ a ġorṫa. Ar an aḋḃar sin, duḃairt siad leis: Naċ duine dá ḋeisciobail ṫusa fosta?#Mait. 26, 69; Marc. 14, 67; Lúc. 22, 56. Ṡéan seisean, agus duḃairt: Ní h-eaḋ.
26Deir duine de ṡeirḃísiġ an árdṡagairt, gaol do’n té ar ġearr Peadar an ċluas de: An é naċ ḃfaca mé ina ċuideaċta san ġarrḋaḋ ṫú?
27Ar an aḋḃar sin, ṡéan Peadar arís: agus ar an ḃomaite scairt an coileaċ.
28Annsin ḃeir siad Íosa leo ó Ċaiṗas go cúirt an uaċtaráin.#Mait. 27, 2; Marc. 15, 1; Lúc. 23, 1. Agus ḃí an ṁaidin ann: agus ní ḋeaċaiḋ siad féin isteaċ san ċúirt, ċun naċ dtruailligtí iad,#Gníoṁ. 10, 28, agus 11, 3. aċt go n-iṫeaḋ siad an Ċáisc.
29Dá ḃríġ sin, ċuaiḋ Pioláit amaċ ċuca, agus duḃairt: Cad é an ċoir atá siḃ a ċur i leiṫ an duine seo?
30Agus duḃairt siad leis, ġá ḟreagairt: Munarḃ é gur ċuirpṫeaċ é seo, ní ṫaḃarfamaois suas duit é.
31Duḃairt Pioláit leo, dá ḃríġ sin: Beirigiḋ féin liḃ é, agus taḃairigiḋ breiṫ air do réir ḃur ndliġe. Ar an aḋḃar sin, duḃairt na h-Iúdaiġ leis: Ní ceadṁaċ dúinne aoinneaċ a ċur ċun báis.
32Ionnas go gcóiṁlíontaí briaṫar Íosa, a duḃairt sé, ġá ċur i n-iúl cad é an cinéal báis a ġeoḃaḋ sé.#Mait. 20, 19.
33Ar an aḋḃar sin, ċuaiḋ Pioláit isteaċ san ċúirt arís, agus ġoir sé Íosa ċuige, agus duḃairt leis: An tusa rí na n-Iúdaċ?#Mait. 27, 11; Marc. 15, 2; Lúc. 23, 3.
34D’ḟreagair Íosa: An uait féin a deir tú seo, nó ar innis daoine eile duit é fá dtaoiḃ díom?
35D’ḟreagair Pioláit: An Iúdaċ mise? Is iad do ċmeaḋ féin agus na h-árdṡagairt a ṫug suas daṁ-sa ṫú: cad é tá déanta agat?
36D’ḟreagair Íosa: Ní de’n tsaoġal seo mó ríoġaċt-sa; dá mba de’n tsaoġal seo mo ríoġaċt, is cinnte go ndéanfaḋ mo ṡeirḃísiġ iarraċt ċun naċ dtaḃarṫaí suas do na h-Iúdaiġ mé: aċt anois ní as seo mo ríoġaċt-sa.
37Duḃairt Pioláit leis, dá ḃríġ sin: An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa: Deir tú gur rí mé. Is fá n-a ċoinne seo a rugaḋ mé, agus is fá n-a ċoinne seo a ṫáinic mé ċun an tsaoġail, go dtaḃarainn fiaḋnaise ar son na fírinne: gaċ aoinneaċ dá ḃfuil ar ṫaoiḃ na fírinne, éisteann sé le mo ġuṫ.
38Deir Pioláit leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair a duḃairt sé sin, ċuaiḋ sé amaċ arís ċuig na h-Iúdaiġ, agus deir leo: Ní ḟaġaim-se coir ar biṫ ann.
39Aċt tá gnás agaiḃ go leigfinn duine saor díḃ ag an Ċáisc: an mian liḃ, mar sin, go leigfinn saor díḃ rí na n-Iúdaċ?#Mait. 27, 15; Marc. 15, 6; Lúc. 23, 17.
40Ar an aḋḃar sin, scairt siad uilig amaċ arís, ag ráḋ: Ní h-é seo, aċt Barabbas. Agus ba sladaire Barabbas.

Currently Selected:

Eoin 18: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in