Maitiú 23
23
Caibidil XXIII
Cóṁairliġeann Críost do na daoine deiġ-ṫeagasc na Scríoḃaiḋṫe agus na ḃFairisíneaċ a ġlacaḋ, aċt gan a ndróċ-ṡompla a leanaṁaint: iarrann sé ar a ḋeisciobail gan aiṫris a ḋéanaṁ ar a nglóirṁéin: agus bagrann sé mórán mairgeaċ orṫa mar ġeall ar a gceilg agus ar a ndaille.
1Annsin laḃair Íosa leis na sluaiġte agus le n-a ḋéisciobail,
2Ag ráḋ: Ṡuiḋ na Scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ i gcaṫaoir Ṁaoise.#2 Esdras 8, 4.
3Ar an aḋḃar sin, gaċ uile níḋ dá n-abróċaiḋ siad liḃ, coiṁéad-aigiḋ agus déanaigiḋ; aċt ná déanaigiḋ do réir a n-oibreaċa: óir deir siad-san, agus ní ḋéan siad.
4Óir ceanglann siad ualaiġe troma do-iomċair,#Lúc. 11, 46; Gníoṁ. 15, 10. agus leagann siad ar ġuailne na ndaoine iad, aċt ní toil leo féin iad a ċorruġaḋ le h-oiread agus méir.
5Agus ġní siad a n-oibreaċa uilig ċun go ḃfeiceaḋ na daoine iad: óir ġní siad a ḃfulactéirí#23, 5 Fulactéirí. Is é sin le ráḋ, páir ar a mbíoḋ na deiċ n-aiṫeanta scríoḃṫa. Ċaiṫtí iad ar an éadan ós cóṁair na súl. Ċun a n-ómós agus a ndúṫraċt do’n dliġe a ċur i gcéill ċaiṫeaḋ na Fairisíniġ fulactéirí a ḃíoḋ níos leiṫne ná na cinn a ċaiteaḋ daoine eile.#Uiṁ. 15, 38; Deut. 6, 8, agus 22, 12. leaṫan, agus ciuṁsa a n-éadaiġ mór.
6Agus is maiṫ leo na ċéad áiteaċa ag na fleaḋa, agus na caṫaoireaċa tosaiġ ins na smeagóga,#Marc. 12, 39; Lúc. 11, 43, agus 20, 46.
7Agus fáiltiuġaḋ d’ḟaġáil i n-áit an ṁargaiḋ, agus daoine, Rabbi, a ṫaḃairt orṫa.
8Aċt ná tugtar Rabbi oraiḃ-se;#Séamus 3, 1. óir is aoinneaċ aṁáin is Máiġistir oraiḃ, agus is bráiṫre siḃ-se uilig.
9Agus ná taḃairigiḋ ḃur n-aṫair ar aoinneaċ ar an talaṁ:#Mal. 1, 6. óir is aon Aṫair atá agaiḃ, an té atá ar neaṁ.
10Agus ná tugtar máiġistrí oraiḃ#23, 9-10 Ná taḃairigiḋ ḃur n-aṫair ar aoinneaċ…Ná tugtar máiġistrí oraiḃ. Cialluiġeann na briaṫra sin go ḃfuil orainn i ḃfad níos mó beinne a ḃeiṫ againn ar ár n-Aṫair atá ar neaṁ, ná ḃios againn ar aon aṫair ar talaṁ: agus nár ċóir aon máiġistir a leanaṁaint dá mbéaḋ sé ġár dtreoruġaḋ ar ṡiuḃal ó Ċríost. Ní abrann sin naċ ḃfuil órduġaḋ againn ó ḋliġe Dé urraim a raḃairt dár dtuismiġṫeoirí agus dár n-anamċáirde. (1 Cor. 4, 15), agus dár máiġistrí agus múinteoirí.; óir is aoinneaċ aṁáin is Máiġistir oraiḃ, an Críost.
11An té is mó eadraiḃ, béiḋ sé ina ṡeirḃíseaċ agaiḃ.
12Agus an té a árdóċas é féin, ísleoċar é, agus an té a ísleoċas é féin, árdóċar é.#Lúc. 14, 11, agus 18, 14.
13Aċt is mairg díḃ-se, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréagċráiḃṫeaċa; óir ḋruid siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n-aġaiḋ na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad sin a ḃíos ag dul isteaċ.
14Is mairg díḃ, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréagċráiḃṫeaċa;#Marc. 12, 40; Lúc. 20, 47. óir iṫeann siḃ tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ag déanaṁ urnaiġṫe fada: ḋá ḃárr sin is truimide an breiṫeaṁnas a ḃéarfar oraiḃ.
15Is mairg díḃ, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréagċráiḃṫeaċa; óir taistealann siḃ an ṁuir agus an tír ċun aon ċóṁalta nua aṁáin a ṫionntóḋ ċugaiḃ, agus ar ṫionntóḋ dó, ġní siḃ mac ifrinn ḋá uair níos measa ná siḃ féin de.
16Is mairg díḃ, a ṫreoruiḋṫe dalla, a deir: Má ṁionnuiġeann aoinneaċ dar an teampall, ní dadaṁ é; aċt an té a ṁionnóċas dar ór an teampaill, tá ceangal air.
17A ḋoḃrána dalla: cé acu is mó, an t-ór, nó an teampall a naoṁuiġeas an t-ór?
18Agus: má ṁionnuiġeann aoinneaċ dar an altóir, ní daḋaṁ é; aċt an té a ṁionnóċas dar an taḃartas atá uirṫí, tá ceangal air.
19A ḋallaċána: cé acu is mó, an taḃartas, nó an altóir a naoṁuiġeas an taḃartas?
20Dá ḃríġ sin, an té a ṁionnuiġeás dar an altóir, mionnuiġeann sé dar í, agus dár gaċ níḋ dá ḃḟuil uirṫí.
21Agus cibé a ṁionnóċas dar an teampall, mionnuiġeann sé dar é, agus dar an té atá ina ċóṁnaiḋe ann.
22Agus an té a ṁionnuiġeás dar neaṁ, mionnuiġeann sé dar ċaṫaoir Dé, agus dar an té atá ina ṡuiḋe inntí.
23Is mairg díḃ, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréag-ċráiḃṫeaċa:#Lúc. 11, 42. a ḋíolas deaċṁaḋ an ṁiontais, na h-amíse, agus an ċuimín, agus a d’ḟág gan ċóiṁlíonaḋ na neiṫe is truime san dliġe,#Miċeas 6, 8; Sac. 7, 9. cóir, agus trócaire, agus dílseaċt. Ba ċóir díḃ iad seo a ḋéanaṁ gan iad siúd eile d’ḟágáil gan déanaṁ.
24A ṫreoruiḋṫe dalla, siolṫann siḃ an ċuileog agus slugann siḃ an camall.
25Is mairg díḃ, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréag-ċráiḃṫeaċa: óir glanann siḃ an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis: aċt taoḃ istiġ tá siḃ lán de ċreaċadóireaċt agus de neaṁġlaine.
26A Ḟairisíniġ ḋaill, glan an taoḃ istiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis ar ḋtús, ċun go n-éiriġiḋ an taoḃ amuiġ glan.
27Is mairg díḃ, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréag-ċráiḃṫeaċa; óir is cosaṁail siḃ le tuambaí aolḋaiṫte a aṁarcas áluinn i súla daoine de’n taoiḃ amuiġ, aċṫ atá lán istiġ de ċnáṁa daoine marḃ agus de’n uile loḃṫaċt.
28Mar an gcéadna aṁarcann siḃ-se fíréanta i súla daoine de’n taoiḃ amuiġ: aċt taoḃ istiġ tá siḃ lán de ḃréagċráiḃṫeaċt agus d’urċóid.
29Is mairg díḃ, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréagċráiḃṫeaċa: a ṫógas tuambaí na ḃfáiḋ#23, 29 A ṫógas tuambaí na ḃfáiḋ Ní ċáintear seo, óir níor ġníoṁ loċtaċ tuambaí a tógáil ós cionn na ḃfáid agus iad a ṁaisiuġaḋ: aċt cáintear bréagċráiḃṫeaċt na ḃfairisíneaċ a ḃí ag cur i gcéill go raiḃ cuiṁne na ḃfáiḋ dá coiṁéad go h-urramaċ acu, agus iad ar tí Tiġearna na ḃfáiḋ a ġéirleanaṁaint: ċun a ḃáis. agus a ṁaisiġeas leaċta na ḃfíréan,
30Agus a deir: Dá mbéimís ann le linn ár sinnsear, ní ḃéimís páirteaċ leo i ḃfuil na ḃfáiḋ.
31Dá ḃríġ sin, tá siḃ ḃur ḃfiaḋnaisiġ oraiḃ féin, gur siḃ clann na ndaoine a ṁarḃ na fáiḋe.
32Líonargiḋ suas, mar sin, miosúr ḃur sinnsear.
33A ṗiasta, a ṡlioċt naiṫreaċ niṁe, cad é mar ṡeaċnóċas siḃ-se breiṫeaṁnas ifrinn?
34Féaċ, mar sin, cuirim ċugaiḃ fáiḋe, agus saoiṫe, agus scríoḃaiḋṫe; agus muirfiḋ siḃ agus céasḟaiḋ siḃ cuid acu, agus sciúrsálḟaiḋ siḃ cuid eile acu i ḃur sineagóga, agus géirleanfaiḋ siḃ iad ó ċaṫair go caṫair:
35Ionnas go dtigeaḋ oraiḃ-se#23, 35 Go dtigeaḋ oraiḃ-se, ⁊c. Ní h-ionann sin agus a ráḋ go gcuirfiḋe níos mó pionóis orṫa ná ḃí tuillte ag a bpeacaiḋe féin; aċt go dtiocfaḋ díoġaltas cóṁ trom sin orṫa ó Ḋia ḟá ḋeireaḋ agus go mbéaḋ ann aṁail agus coṫrom an ṗionóis uilig dár cuireaḋ ariaṁ orṫa sin a ḋioirt fuil na neaṁ-ċoirteaċ. gaċ fuil ċóir dár dtoirteaḋ ar an talaṁ, ó ḟuil Abeil#Gein. 4, 8; Eaḃ. 11, 4. ċóir go fuil Ṡacairíais, mac Ḃaraċíais,#2 Par. 24, 22. a ṁarḃ siḃ eadar an teampall agus an altóir.
36Amén adeirim liḃ, tiocfaiḋ na neiṫe sin uilig ar an ġlúin seo.
37A Ierusalem, a Ierusalem,#Lúc. 13, 34. a ṁarḃas na fáiḋe, agus a ġaḃas do ċloċa ionnta sin a cuireaḋ ċugat, cad é a ṁiniciġe a ba ṁian liom do ċlann a ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an ċearc a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus ḋiúltuiġ tú.
38Féaċ, fágfar ḃur dteaċ ina ḟásaċ agaiḃ.
39Óir deirim liḃ, ní ḟeicfiḋ siḃ arís mé go dtí go n-abraiḋ siḃ: Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n-ainm an Tiġearna.
Currently Selected:
Maitiú 23: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland