Maitiú 24
24
Caibidil XXIV
Réiṁinnseann Críost fá scrios an teampaill, agus fá na cóṁarṫaí a ṫiocḟas roiṁe sin, agus roiṁ an ḃreiṫeaṁnas deireannaċ. Tá orainn a ḃeiṫ ag faire de ṡíor.
1Agus ar ṫeaċt amaċ as an teampall do Íosa, ḃí sé ag imṫeaċt, agus ṫáinic a ḋeisciobail ċuige#Marc. 13, 1; Lúc. 21, 5. a ṫaisbeáint tiġṫe an teampaill dó.
2Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: An ḃfeiceann siḃ na neiṫe seo uilig? Amén adeirim liḃ, ní ḟágḟar cloċ ós cionn cloiċe annseo naċ scaoilḟear anuas.#Lúc. 19, 44.
3Agus ina ṡuiḋe dó ar Ṡliaḃ na n-Ológ, ṫáinic a ḋeisciobail ċuige go rúnḋa, agus duḃairt: Innis dúinn cá h-uair a ḃéas na neiṫe seo ann? Agus cad é ḃéas mar ċóṁarṫa ar do ṫeaċt-sa agus ar ḋeireaḋ an tsaoġail?
4Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Taḃairigiḋ aire agus ná meallaḋ aoinneaċ siḃ.#Eṗ. 5, 6; Col. 2, 18.
5Óir tiocḟaiḋ mórán i m’ainm-se, ag ráḋ: Is mise an Críost: agus meallḟaiḋ siad mórán.
6Óir cluinfiḋ siḃ fá ċogṫa agus fá ġárṫa cogaiḋ. Taḃairigiḋ aire agus ná bíoḋ buaidreaṁ oraiḃ: caiṫfiḋ na neiṫe sin tuitim amaċ, aċt ní h-é an deireaḋ é go fóill.
7Óir éireoċaiḋ cineaḋ i n-aġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċt i n-aġaiḋ ríoġaċta; agus béiḋ pláiġeanna, agus gorta, agus craṫaḋ talaiṁ i n-áiteaċa.
8Aċt ní ḟuil ionnta sin uilig aċt tús na dtrioblóidí.
9Annsin ḃéarfaiḋ siad suas do ḃur gcráḋaḋ siḃ,#Lúc. 21, 12; Eoin 15, 20, agus 16, 2. agus cuirfiḋ siad ċun báis siḃ; agus béiḋ fuaṫ ag na h-uile ċiniḋeaċa oraiḃ mar ġeall ar m’ainm-se.
10Agus annsin glacfaiḋ mórán scainneal, agus ḋéanfaiḋ siad feall ar a ċéile, agus béiḋ fuaṫ acu ar a ċéile.
11Agus éireoċaiḋ mórán fáiḋ bréige, agus meallḟaiḋ siad mórán.
12Agus de ḃríġ gur ṁéaduiġ ar an urċóid, fuaróċaiḋ carṫannaċt ṁórán daoine.
13Aċt an té a ḃéas seasṁaċ go deireaḋ, is é a ṡlánóċar.
14Agus ḋéanfar soiscéal seo na ríoġaċta a ṡeanmóir ar fud an doṁain go léir, mar ḟiaḋnaise do na h-uile ċiniḋeaċa: agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.
15Ar an aḋḃar sin, nuair atċífeas siḃ fuaṫṁaireaċt an scriosta,#Marc. 13, 14; Lúc. 21, 20. ar ar laḃair Daniél, fáiḋ,#Dan. 9, 27. ina seasaṁ san áit naoṁṫa; an té a léiġeas, tuigeaḋ sé:
16Annsin iad-san atá i n-Iudaia, teiċeaḋ siad ċun na sléiḃte:
17Agus an té atá ar ṁullaċ an tiġe, ná taraḋ sé anuas le rud ar biṫ a ṫaḃairt leis as an tiġ:
18Agus an té atá san ġort, ná pilleaḋ sé ṫar ais le n-a ċasóg a ṫaḃairt leis.
19Agus is mairg do na mná a ḃéas ag iomċar cloinne, agus dóḃṫa-san a ḃeir diúl ins na laeṫe sin.
20Aċt gúiḋigiḋ naċ raiḃ ḃur dteiċeaḋ san ġeiṁreaḋ, ná ar an tsabóid.#Gníoṁ. 1, 12.
21Óir béiḋ buaiḋreaṁ mór ann an tráṫ sin, naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ṫús an tsaoġail go dtí anois, agus naċ mbéiḋ.
22Agus muna ngiorruiġṫí na laeṫe sin, ní ḃéaḋ feoil ar biṫ sáḃáilte, aċt mar ġeall ar na fíréin, giorróċar na laeṫe sin.
23An tráṫ sin, má deir aoinneaċ liḃ: Féaċ, tá an Críost annseo, nó annsiúd; ná creidigiḋ é.#Marc. 13, 21; Lúc. 17, 23.
24Óir éireoċaiḋ críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus léireoċaiḋ siad míorḃailte agus iongantaisí móra, ionnas go meallaḋ siad, dá mb’ḟéidir é, na fíréin ḟéin.
25Féaċ, d’innis mé díḃ é roiṁ ré.
26Ar an aḋḃar sin, má deir siad liḃ: Féaċ, tá sé san ḟásaċ: ná téiġigiḋ amaċ; Féaċ, tá sé ins na seomraí istiġ: ná creidigiḋ é.
27Óir mar ṫig an splannc ó’n áird ṫoir, agus noċtann sí fiú go dtí an áird ṫiar: is aṁlaiḋ a ḃéas mar an gcéadna teaċt Ṁic an Duine.
28Cibé áit#24, 28 Cibé áit, ⁊c. Béiḋ teaċt Ċríost tobann, agus soiléir do’n doṁan go léir, ar nós na splainnce. Agus cibé áit a mbéiḋ sé cruinneoċaiḋ an cineaḋ daonna go léir ċuige annsin, aṁail mar ċruinniġeas na h-iolair fá ċonaḃlaċ. a mbéiḋ an conaḃlaċ, is ann fosta a ċruinneoċas na h-iolair le ċéile.#Lúc. 17, 37.
29Agus díreaċ i ndiaiḋ ḃuaiḋreaṁ na laeṫe sin, tiocfaiḋ dorċadas ar an ġréin,#Isaias 13, 10; Eséciel 32, 7; Ióel 2, 10, agus 3, 15; Marc. 13, 24; Lúc. 21, 25. agus ní ṫaḃarfaiḋ an ġeálaċ a solus, agus tuitfiḋ na réalta#24, 29 Na réalta. Dreaga loiscneaċa cosaṁail le réalta. ó’n spéir, agus béiḋ cuṁaċtaí neiṁe dá suaṫaḋ.
30Agus annsin tċífear cóṁarṫa Ṁic an Duine#24, 30 Cóṁarṫa Ṁic an Duine. Cros Ċríost. san spéir: agus annsin béiḋ mairgneaċ ó ṫreaḃa an doṁain go léir: agus tċífiḋ siad Mac an Duine ag teaċt#Taiḋḃ. 1, 7. i néallta neiṁe fá ṁór-ċuṁaċt agus fá ġradam.
31Agus cuirḟiḋ sé uaiḋ a aingle#1 Cor. 15, 52; 1 Teas. 4, 15. le trompa, agus de ġuṫ árd, agus cruinneoċaiḋ siad a ḟíréin le ċéile as na ceiṫre h-áirde, ó ḟíor-uaċtar na ḃflaiṫeas go dtí a ḃfír-íoċtar.
32Agus ó’n ċrann fíge foġlaimigiḋ fáiṫscéal. Nuair a ḃios a ġéag bog agus na duilleogaí ag teaċt amaċ, bíonn a ḟios agaiḃ an saṁraḋ a ḃeiṫ buailte liḃ:
33Mar an gcéadna díḃ-se, nuair atċífeas siḃ na neiṫe seo uilig, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé ar na gaoḃair, ag na doirse féin.
34Amén adeirim liḃ, naċ n-imṫeoċaiḋ an ġlúin seo, go dtí go ndéantar na neiṫe seo uilig.
35Raċaiḋ neaṁ agus talaṁ ar neiṁníḋ#24, 35 Ar neiṁníḋ. Aṫróċar iad ag deireaḋ an tsaoġail agus ḋéanfar neaṁ nua agus talaṁ nua díob., aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra-sa ar neiṁníḋ.#Marc. 13, 31.
36Aċt ní ḟuil fios an lae agus na h-uaire sin ag aoinneaċ, fiú ag aingle na ḃflaiṫeas féin, aċt aṁáin ag an Aṫair.
37Agus mar a ḃí le linn Naoi,#Gein. 7, 7; Lúc. 17, 26. is aṁlaiḋ fosta a ḃéas teaċt Ṁic an Duine.
38Óir mar a ḃíoḋ siad ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ agus ag taḃairt le pósaḋ, ins na laeṫe roiṁ an dílinn, go dtí an lá ina ndeaċaiḋ Naoi isteaċ san airc,
39Agus ní raiḃ a ṗios acu go dtí go dtáinic an díle, agus gur ṫóg sí ar ṡiuḃal uilig iad: is aṁlaiḋ fosta a ḃéas teaċt Ṁic an Duine.
40An tráṫ sin béiḋ beirt san ġort: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile.
41Béiḋ beirt ban ag meilt san ḃróin: tógfar bean acu, agus fágfar an ḃean eile.
42Bígiḋ ag faire, dá ḃríġ sin, mar naċ fios díḃ cad é an uair a ṫiocfas ḃur dTiġearna.
43Aċt bíoḋ a ḟios seo agaiḃ,#Marc. 13, 33; Lúc. 12, 39. dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cad é an uair a ṫiocfaḋ an gadaiḋe, is cinnte go ndéanfaḋ sé faire, agus ní leigfead sé a ṫeaċ a ṫoċailt fríd.
44Ar an aḋḃar sin, bígiḋ-se fosta ullaṁ, óir san uair naċ eol díḃ is eaḋ a ṫiocfas Mac an Duine.
45Cé h-é, dar leat, an seirḃíseaċ dílis críonna, ar ċuir a ṫiġearna ós cionn a ṫeaġlaiġ é, le biaḋ a ṫaḃairt dóiḃ i dtráṫ?
46Is méanar do’n tseirḃíseaċ sin, nuair a ṫiocḟas a ṫiġearna,#Taiḋḃ. 16, 15. má ġeiḃ sé é ġá ḋéanaṁ sin.
47Amén adeirim liḃ, cuirfiḋ sé ós cionn a ċoda uilig é.
48Aċt má deir an droċ-ṡeirḃíseaċ úd ina ċroiḋe: Tá mo ṫiġearna ag déanaṁ moille de ṫeaċt,
49Agus má ṫoisiġeann sé a ḃualaḋ a ċóiṁṡeirḃíseaċ, agus a ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuideaċta na meisceoirí:
50Tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ sin lá naċ mbíonn sé ag dréim leis, agus ar uair naċ eol dó,
51Agus scoiltfiḋ sé é, agus ḃéarḟaiḋ sé a ċuid dó imeasc na mbréagċráiḃṫeaċ: annsin a ḃéas gol agus díoscarnaċ fiacal.
Currently Selected:
Maitiú 24: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland