Maitiú 25
25
Caibidil XXV
Fáiṫscéal na ndeiċ maiġdean agus na dtalann: tuairisc ar an ḃreiṫeaṁnas deireannaċ.
1Annsin béiḋ ríoġaċt na ḃflaiṫeas cosaṁail le deiċneaḃar maiġdean a ġlac a lampaí, agus a ċuaiḋ amaċ i n-airicis an ḟir nua-ṗósta agus na brídeoige.
2Aċt ḃí cúigear acu amaideaċ, agus cúigear críonna.
3Aċt an cúigear a ḃí amaideaċ, nuair a ṫóg siad leo na lampaí, ní ṫug siad ola leo,
4Aċt ṫug an cúigear críonna ola leo ina soiṫiġ mar aon leis na lampaí.
5Agus ó rinne an fear nua-ṗósta moill, d’éiriġ siad uilig codlataċ, agus ċodluiġ siad.
6Agus i lár na h-oiḋċe rinneaḋ gáir: Féaċ, tá an fear nua-ṗósta ag teaċt: imṫiġigiḋ amaċ ina airicis.
7Annsin d’éiriġ na maiġdeana sin uilig, agus ḋeisiġ siad a lampaí.
8Agus duḃairt an ċuid amaideaċ leis an ċuid ċríonna: Taḃáirigiḋ dúinn cuid de ḃur n-ola-sa, óir tá ár lampaí ag dul as.
9D’ḟreagair an ċuid ċríonna, agus duḃairt: Ar eagla naċ mbéaḋ go leor ann dúinne agus díḃ-se, b’ḟeárr díḃ dul ċuig na ceannaiḋṫe, agus ceannaċ díḃ féin.
10Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ar ṡiuḃal ag ceannaċ, ṫáinic an ḟear nua-ṗósta, agus an méid a ḃí ullaṁ, ċuaiḋ siad isteaċ leis ċun na bainḟeise, agus druideaḋ an doras.
11Aċt ḟá ḋeireaḋ ṫáinic na maiġdeana eile fosta, ag ráḋ: A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, foscail dúinn.
12Aċt d’ḟreagair seisean, agus duḃairt: Amén, adeirim liḃ, ní ḟuil aiṫne agam oraiḃ.
13Ar an aḋḃar sin, bígiḋ ag faire,#Marc. 13, 33. óir ní h-eol díḃ an lá ná an uair.
14Óir aṁail duine a ḃí ag dul i ḃfad ó ḃaile, ġoir sé ċuige a ṡeirḃísiġ,#Lúc. 19, 12. agus roinn sé a ṁaoin orṫa.
15Agus ṫug sé cúig talanna do ḋuine, ḋá ċionn do ḋuine eile: agus aon ċeann aṁáin do ḋuine eile, ḋo gaċ duine do réir a ċumais, agus d’imṫiġ sé ar ṡiuḃal láiṫreaċ.
16D’imṫiġ an té a fuair cúig talanna, agus d’oibir sé leo, agus ġnóṫuiġ sé cúig cinn eile.
17Agus mar an gcéadna, an té a fuair an dá ċionn, ġnóṫuiġ sé ḋá ċionn eile.
18Aċt d’imṫiġ an té a fuair an t-aon ċeann, ṫoċail sé san talaṁ, agus ċuir sé airgead a tiġearna i ḃfolaċ.
19Aċt i gcionn mórán aimsire ṫáinic tiġearna na seirḃíseaċ sin, agus ṡocruiġ sé cunntas leo.
20Agus ag teaċt i láṫair do’n té a fuair na cúig talanna, ṫairg sé cúig talanna eile, ag ráḋ: A Ṫiġearna, ṫug tú cúig talanna daṁ, féaċ, ġnóṫuiġ mé cúig cinn eile ós a gcionn sin.
21Duḃairt a ṫiġearna leis: Maiṫ ṫú, a ṡeirḃísiġ ṁaiṫ, ḋílis, de ḃríġ go raiḃ tú dílis ós cionn an ḃeagáin, cuirḟiḋ mé ós cionn an ṁóráin ṫú: gab isteaċ i n-aoiḃneas do ṫiġearna.
22Agus ṫáinic an té a fuair an dá ṫalann fosta, agus duḃairt: A ṫiġearna, ṫug tú ḋá ṫalann daṁ, féaċ, ġnóṫuiġ mé ḋá ċionn eile.
23Duḃairt a ṫiġearna leis: Maiṫ ṫú, a ṡeirḃísiġ ṁait, ḋílis, de ḃríġ go raiḃ tú dílis ós cionn an ḃeagáin, cuirḟiḋ mé ós cionn an ṁóráin ṫú: gaḃ isteaċ i n-aoiḃneas do ṫiġearna.
24Aċt ṫáinic an té a fuair an t-aon talann aṁáin, agus duḃairt: A ṫiġearna, tá a ḟios agam gur duine cruaiḋ ṫú: baineann tú san áit nár ċuir tú, agus cruinniġeann tú san áit nár scaip tú:
25Agus ar eagla d’imṫiġ mé, agus d’ḟoluiġ mé do ṫalann san talaṁ: féaċ, seo ḋuit do ċuid féin.
26Agus duḃairt a ṫiġearna leis, ġá fréagairt: A ḋroċ-ṡeirḃísiġ leisceaṁail, ḃí a ḟios agat go mbainim san áit naċ gcuirim, agus go gcruinniġim san áit nár scaip mé:
27Ba ċóir duit, dá ḃríġ sin, mo ċuid airgid a ṫaḃairt do na bainncéirí, go ḃfaġainn, ag teaċt daṁ, mo ċuid fein mar aon le biseaċ.
28Ar an aḋḃar sin, bainigiḋ de an talann, agus taḃairigiḋ é do’n té ag a ḃfuil na deiċ dtalanna.
29Óir ḃéarfar do gaċ aoinneaċ ag a ḃfuil, agus béiḋ a ṡáiṫ aige;#Marc. 4, 25; Lúc. 8, 18, agus 19, 26. aċt an té naċ ḃfuil aige, bainfear de fiú an rud a ṡaṁailtear a ḃeit aige.
30Agus caiṫigiḋ an seirḃíseaċ neaṁṫairḃcaċ amaċ san dorċaḋas amuiġ; annsin a ḃéas gol agus díoscarnaċ fiacal.
31Agus nuair a ṫiocfas Mac an Duine fá n-a ġlóir, agus na h-aingle go léir i n-aoinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin ar ċaṫaoir a ġlóire.
32Agus cruinneoċar na h-uile ċiniḋeaċa ós a ċóṁair, agus scarfaiḋ sé ó n-a ċéile iad, mar scaras an tréadaiḋe na caoiriġ ó na gaḃair:
33Agus cuirfiḋ sé na caoiriġ ar a ḋeis, agus na gaḃair ar a ċlí.
34Annsin déarfaiḋ an Rí leis an méid a ḃéas ar a ḋeis: Taraigiḋ, a luċt ḃeannuiġṫe le m’Aṫair, gaḃaigiḋ ċugaiḃ sealḃ na ríoġaċta atá ullaṁ díḃ ó ċruṫuġaḋ an doṁain.
35Óir ḃí ocras orm, agus ṫug siḃ le h-iṫe daṁ#Isaias 58, 7; Eséciel 18, 7, agus 16.; ḃí tart orm, agus ṫug siḃ le h-ól daṁ; ḃí mé mo ḋeoraiḋe, agus ṫug siḃ aoiḋeaċt daṁ;
36Ḃí mé tárnoċt, agus ċuir siḃ éadaċ orm; ḃí mé breoiḋte, agus ṫug siḃ cuairt orm;#Eccl. 7, 39. ḃí mé i bpríosún, agus ṫáinic siḃ ċugam.
37Annsin freagróċaiḋ na ḟíréin é, ag ráḋ: A Ṫiġearna, cá h-uair a ċonnacamar ocras ort, agus go dtugamar biaḋ duit; tart ort, agus go dtugamar deoċ duit?
38Agus cá h-uair a ċonnacamar do ḋeoraiḋe ṫú, agus go dtugamar aoiḋeaċt duit; nó tárnoċt, agus gur ċuireamar éadaċ ort?
39Nó cá h-uair a ċonnacamar breoiḋte, nó i bpríosún, tú, agus go dtáiniceamar ċugat?
40Agus déarḟaiḋ an Rí leo, ġá ḃḟreagairt: Amén adeirim liḃ, a ḟad agus rinne siḃ é do duine de na bráiṫre is luġa annseo agam-sa, rinne siḃ daṁ-sa é.
41Annsin déarfaiḋ sé fosta leis an méid a ḃéas ar a ċlí: Imṫiġigiḋ uaim,#Sailm 6, 9; Lúc. 13, 27. a ḋream ṁalluiġṫe, isteaċ san teiniḋ ṡíorraiḋe, a h-ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus dá aingle:
42Óir ḃí ocras orm, agus ní ṫug siḃ le h-iṫe daṁ; ḃí tart orm, agus ní ṫug siḃ le h-ól daṁ;
43Ḃí mé mo ḋeoraiḋe, agus ní ṫug siḃ aoiḋeaċt daṁ; tárnoċt, agus níor ċuir siḃ éadaċ orm; breoiḋte, agus i bpríosún, agus ní ṫug siḃ cuairt orm.
44Annsin freagróċaiḋ siad-san é fosta, ag ráḋ: A Ṫiġearna, cá h-uair a ċonnacamar ṫú fá ocras, nó ḟá ṫart, nó do ḋeoraiḋe, nó tárnoċt, nó breoróte, nó i bpríosún, agus naċ ndearnamar frioṫálaṁ duit?
45Annsin déarfaiḋ sé leo, ġá ḃfreagairt: Amén adeirim liḃ, a ḟad agus naċ ndearna siḃ é do duine de’n ṁuinntir seo ar luġa iad, ní ḋearna siḃ daṁ-sa é.
46Agus raċaiḋ siad sin isteaċ i bpionós ṡíorraiḋe, aċt na fíréin isteaċ i mbeaṫa ṡíorraiḋe.#Dan. 12, 2; Eoin 5, 29.
Currently Selected:
Maitiú 25: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland