YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 40

40
Salm 40.
Expectans expectavi.
1Dʼḟan mé go foiġneaċ leis an Tiarna: agus ċlaon sé ċugam, agus ċuala sé mo ġlaoċ.
2Agus ṫug sé aníos mé as poll an uafáis, as an lábán agus an dóib: agus ċuir sé mo ċosa ina seasaṁ ar an gcarraig, agus rialaiġ sé mo imeaċta.
3Agus tá aṁrán úrnua curṫa i mo ḃéal aige: mar atá altú dár nDia.
4Is iomaí duine a ḟeicfeas é, agus a ġlacfas eagla: agus a ċuirfeas a ṁuinín sa Tiarna.
5Is beannaiṫe an fear a mbíonn a ḋóċas as Dia: agus nár ċloíġ le drong an díomais, agus le luċt leanúna na mbréag.
6Mo Ṫiarna Dia, is mór na fearta a rinne tú, ní lú do smaointe orainne: agus ní ḃíonn aon duine á gcur i do ċeann.
7Dá n‑insínn iad, agus dá ndéanainn tráċt orṫu: ṡáróidís mo ċumas laḃarṫa.
8Níor ṫoiliġ tú íobairt ná toirḃirt: aċ dʼoscail tú mo ċluasa.
9Níor iarr tú íobairt loiscṫe ná íobairt ṗeaca: ba ansin a dúirt mé, siúd ag teaċt mé.
10Ar ṗár an leaḃair atá breacṫa i mo ṫaoḃ, go ḃfuil orm do ṫoil a ċoṁlíonaḋ, a Ḋia liom: táim sásta a ḋéanaṁ; tá do ḋlí i mo ċroí istiġ.
11Dʼḟoilsiġ mé dʼḟíréantaċt sa ṁórċruinniú: féaċ, ní ċoinneoiḋ mé mo ḃéal ina ṫost, agus tá a ḟios agat é, a Ṫiarna.
12Níor ċeil mé dʼḟíréantaċt i mo ċroí istiġ: aċ laḃair mé ar dʼḟírinne agus ar do ṡlánú.
13Níor ċoinniġ mé siar do ṫrócaire ġráṁar ná dʼḟírinne: ón mórċruinniú.
14Ná coinniġ do ṫrócaire uaim, a Ṫiarna: bíoḋ do ċarṫanaċt ġráṁar agus dʼḟírinne do mo ċuṁdaċ i gcónaí.
15Óir ṫimpeallaiġ buarṫa gan áireaṁ mé; fuair mo ṗeacaí greim orm ionas naċ ḃféadaim mo ċeann a ṫógáil: ní lia ribí mo ċinn ná iad, agus cloíoḋ mo ċroí ionam.
16A Ṫiarna, go mba ṫoil leat mʼḟuascailt: déan deifir, a Ṫiarna, do ċuidiú liom.
17Bíoḋ náire agus aiféala le ċéile ar an dream atá le mʼanam a ṁilleaḋ: cuirtear ar gcúl iad, agus tugtar aiṫis don dream a mbíonn olc acu dom.
18Bídís fágṫa, faoina ndíol de náire: an dream a deir liom, mo náire ṫú, mo náire ṫú.
19Go raiḃ tú féin ag an dream a ḃíos dod iarraiḋ mar ċúis áṫais agus lúċáire: agus abraḋ an dream a ṫug grá do do ṡlánú de ṡíor, Molaḋ leis an Tiarna.
20Táimse boċt dearóil: aċ ní beag leis an Tiarna mo ċás.
21Is tú mo ċúntóir agus mʼḟuascailteoir: ná déan mórán moille, a Ḋia liom.

Currently Selected:

Na Sailm 40: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in