Na Sailm 41
41
Salm 41.
Beatus qui intelligit.
1Is beannaiṫe an té a ṫuigeas cás an ḃoiċt agus an dearóla: fuasclóiḋ an Tiarna é i lá an ḃuarṫa.
2Bíoḋ an Tiarna á ċuṁdaċ, agus á ċoinneáil beo, go mbí sé beannaiṫe ar talaṁ: agus ná scaoil é do ṫoil a naṁad.
3Bíoḋ an Tiarna ag neartú leis, agus é i dtinneas leapa: go mba tú a ċóireos a leaba in am a ṫinnis.
4Is é a dúirt mé, bí trócaireaċ dom, a Ṫiarna: slánaiġ mʼanam, óir ṗeacaiġ mé id éadan.
5Bíonn mo naiṁde ag tuaraḋ tubaiste: ca ḟad go n‑éaga sé agus go mbáitear a ainm?
6Agus má ṫagann sé dom ḟéaċaint, bíonn an díoṁaointeas á rá aige: agus cumann a ċroí istiġ bréaga leis féin, agus sceiṫeann sé é nuair a imíonn sé.
7Bíonn mo naiṁde uile ag cogarnaċ le ċéile im aġaiḋ: is im aġaiḋse a ċumas siad an t‑olc féin.
8Tá droċaicíd, deir siad, ag greamú dó: agus ó tá sé ina luí ní éireoiḋ sé ċoíċe.
9Agus mo ḋlúṫċara féin, ar ṫaoḃ mé leis: agus a dʼiṫeaḋ mʼarán, rinne sé luíoċán go mór orm.
10Aċ bí tusa trócaireaċ dom, a Ṫiarna: tóg suas arís mé, agus bainfiḋ mé cúiteaṁ astu.
11Is air seo a aiṫneoiḋ mé go ḃfuil tú go maiṫ dom: nuair naċ ligeann tú do mo naiṁde a mbua a ṁaíoṁ orm.
12Agus de ḃarr mo neaṁċoirṫeaċta cuireann tú taca liom: agus cuirfiḋ tú os coinne do ġnúise mé go deo.
13Go mbeannaítear don Tiarna Dia Iosrael: saol gan ċríċ. Áiméan.
Currently Selected:
Na Sailm 41: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965