YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 12

12
CAIBIDIOL XII.
Géarleanṁaint Héróid. Peadar dá ḟuasgailt aingeal. Pionós ar Héród.
1Le linn na h-aimsire céadna do ċuir Héród, an rí, á láṁa ċun uilc a ḋéanaṁ ar ċuid de ṁuinntir na h-eagailse. 2Agus do ṁairḃ sé Séamus, driṫáir Eóin, le claiḋeaṁ.
3Ansan, nuair a ċonnaic sé gur ṫaiṫn an gníoṁ san leis na Iúdaíġ ċeap sé Peadar leis do ġaḃáil. I laeṫiḃ an aráin gan giost ab eaḋ é áṁṫaċ. 4Do ġaiḃ sé é agus ċuir sé i ḃpríosún é agus ċuir sé ċeiṫre ceaṫrair de luċt airm ’ġá ċimeád, ċun go dtaḃarfaḋ sé i láṫair an ṗobuil é tar éis na cásga.
5Ansan ḃí Peadar sa ṗríosún, fé ċimeád, aċ ḃí úrnuiġṫe ag dul suas ċun Dé ar a ṡon, gan stad, ó’n eaglais go léir.
6Agus nuair a ḃí Héród ċun é ṫaḃairt os cóṁair ná ndaoine, ḃí sé an oiḋċe ċéadna san ’n-a luiġe idir ḃeirt luċt airm, agus é ceangailte le ḋá ṡlaḃra. agus ḃí luċt cimeádta lasmuiċ de’n dorus ag cimeád an ṗríosúin. 7Agus féaċ, do ṡeasaiṁ aingeal ó’n d-Tiġearna i n-aice leis, agus do las solus sa tseómra, agus do ḃuail an t-aingeal sa ċliaṫán é agus ḋúisġ sé é, agus duḃairt sé: Éiriġ d’urċar! Agus do ṫuit na slaḃraí d’á láṁaiḃ. 8Agus duḃairt an t-aingeal leis: Cuir umat do ċrios agus do ḃróga Agus do ḋein. Agus duḃairt sé leis: Cuir umat do ḃraṫ agus lean me. 9Agus ḃí sé ’ġá leanṁaint amaċ, agus ní raiḃ ’ḟios aige gur ḃ’ḟíor gur ḃ’aingeal a ḃí ’gá ḋéanaṁ; aċ is aṁlaiḋ a ċeap sé gur ḃ’aisling a ḃí aige dá ḟeisgint. 10Agus ċuadar ṫar an gcéad luċt faire agus ṫar an tarna luċt faire, agus ṫánadar ċun an ġeata iarainn, an geata ċun na caṫaraċ, agus d’osgail an geata uaiḋ féin dóiḃ. Ċuadar amaċ agus ṡiúḃluiġeadar aon tsráid aṁáin, agus ansan d’imṫiġ an t-aingeal go h-obann uaiḋ.
11Ansan do ṫáinig Peadar ċuige féin agus duḃairt sé: Tá ḟios agam anois go fíor gur b’é an Tiġearna do ċuir a aingeal ċuġam ’am ḟuasgailt a’ láiṁ Héróid agus ó gaċ níḋ ’na ḃfuil an poḃul Iúdaċ ag súil leis. 12Ansan, as a ṁaċtnaṁ, ṫáinig sé ċun tiġe Ṁáire, máṫair Eóin ar a dtugtí Marcus, agus ḃí mórán daoine cruinniġṫe ann agus iad ag déanaṁ úrnuiġṫe. 13Ḃuail sé cóṁla an doruis. Ṫáinig amaċ, ’ġá ḟreagairt, cailín ’nar ḃ’ainim di Rodé. 14Agus d’aiṫin sí guṫ Peadair, agus le méid an áṫais a ḃí uirṫi níos osgail sí an dorus aċ do riṫ sí isteaċ agus d’innis sí go raiḃ Peadar ag an ndorus. 15Duḃradar-san léi: Ar buile ataoí. Aċ duḃairt sisi gur ḃ’ḟíor é. Agus duḃradar-san: Isé a aingeal atá ann. 16Aċ do lean Peadar ag ḃualaḋ. Ansan nuair osgaladar agus ċonnacadar é ḃí uaṫḃás orṫa. 17Aċ do ḃagair sé le n-a láiṁ orṫa éisteaċt, agus d’innis sé ḋóiḃ conus a ṫug Dia amaċ as an bpríosún é, agus duḃaint sé: Innis na neiṫe sin do Ṡéamus agus do sna ḃráiṫriḃ! Agus ċuaid sé amaċ agus d’imṫiġ sé go h-áit eile.
18Nuair a ṫáinig an lá bí céimiġrád#12:18 .i. cur ṫre ċéile nár ḃeag imeasg na saiġdiúirí i dtaoḃ cad a ḃí imiġṫe ar Ṗeadar. 19Agus nuair a ḋ’iarr Héród é agus ná raiḃ sé le fáġail ċuir sé ceistiú ar an luċt cimeádta agus d’órduiġ sé iad do ċur ċun báis, agus d’imṫig sé síos ó Iúdaea go Caesaréa agus d’ḟan sé ann.
20Agus ḃí fearg air ċun muinntire Tuíre agus ċun muinntire Ṡídón. Ṫánadar-san áṁṫaċ, do ṫoil a ċéile, ag triall air, agus ḋeineadar muinntearṫas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar sioṫċáin, toisg a dtír féin a ḃeiṫ d’á ċoṫú ó’n rí. 21Ansan, lá a ḃí ceapaiṫe ċuige, ḃí Héród ’n-a ṡuiḋe sa tsuiḋe breiṫe agus éadaċ ríoġḋa uime agus ḋein sé óráid dóiḃ. 22Agus deireaḋ na daoine, ’ġá ṁolaḋ: Ni guṫana ó ḋuine iad aċ guṫana ó ḋia éigin. 23Ansan, láiṫreaċ bonn, do ḃuail aingeal an Tiġearna é, toisg nár ṫug sé an onóir do Ḋia, agus ḋein bró ṗiastaí ḋé agus iad ’á ḋ’iṫe, agus fuair sé ḃás.
24Agus d’ḟás briaṫar an Tiġearna agus do méadúiġeaḋ é.
25Agus ṫáinig Barnabas agus Saul ṫar n-ais ó Ierúsalem #Supra 11:30.nuair a ḃí a ḃfriṫálaṁ déanta acu, agus ṫugadar leó Eóin ar a dtugtí Marcus.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 12: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníoṁarṫa 12