Gníoṁarṫa 11
11
CAIBIDIOL XI.
Peadar ġá ṫaisbeáint go raiḃ an ceart aige ’á ḋéanaṁ nuair a ḃí sé ag glacaḋ na ngeinte isteaċ sa n-Eaglais. Iompóḋ a lán i n-Antioċ.
1Agus d’airiġ na h-Aspoil agus na bráiṫre a ḃí i n-Iúdaéa gur ġlac na geinte, leis, briaṫar Dé. 2Ansan nuair a ċuaiḋ Peadar suas go Ierúsalem ḃí luċt an tímpallġearrṫa ag aiġneas leis, 3Agus deiridís: Cad ċuige ḋuit dul ameasg daoine gan tímpallġearraḋ orṫa agus bia ċaiṫeaṁ ’n-a ḃfoċair? 4Agus ṫusnuiġ Peadar agus d’innis sé an sgéal dóiḃ tríd síos, mar seo
5Ḃíos i gcaṫair Ioppé ag déanaṁ urnuiġṫe agus ṫáinig táṁnéal orm agus ċonnac aisling, árṫaċ mar ḃeaḋ bairlín ṁór d’á leigint anuas as na flaṫais le n-a ċeiṫre cúinníḃ, agus ṫáinig an ḃairlín am’ aice. 6Agus d’ḟéaċas isteaċ inti ’ġá ḃreiṫniú agus ċonnac ainiṁiġṫe ċeiṫre gcos an doṁain agus beiṫiḋiġ agus piastaí agus éanlaiṫe an aéir. 7Ansan d’airíġeas guṫ ’ġá ráḋ liom: Eiriġ, a Ṗeadair, mairḃ agus iṫ! 8Agus duḃart: Ní ḋéanfad, a Ṫiġearna, óir níor ċuaiḋ bia coitċian ná ḃia neaṁġlan am béalsa riaṁ fós. 9Agus d’ḟreagair an guṫ as na flaṫais an tarna h-uair: An níḋ a ġlan Dia, ná taḃairse coitċian air! 10Do deineaḋ an méid sin trí h-uaire as a ċéile agus ansan do tógaḋ na neiṫe go léir suas ins na flaṫais airís. 11Agus le n-a linn sin siúd ag an dtiġ ’na raḃas triúr fear a cuireaḋ ag triall orm a’ Caesaréa. 12Agus duḃairt an Spioraid Naoṁ liom dul leó gan ċeist orm. Agus ċuaid an seisear bráṫar so le m’ċois, agus ċuamair isteaċ i dtiġ an ḟir. 13Ansan d’innis seisean dúinn conus mar a ċonnaic sé, ’n-a ṫiġ féin, aingeal ’n-a ṡeasaṁ, agus go nduḃairt an t-aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar Ṡímón ar a dtugtar Peadar, 14Agus laḃarfaiḋ sé leat cainnt a ṡaorfaiḋ ṫu féin agus do ṫeaġlaċ go léir. 15Ansan nuair a ṫurnuiġeas ar ċainnt do ṫúirling an Spioraid Naoṁ orṫa fé mar a ṫúirling sé orainne i dtusaċ. 16Agus ċuiṁniġeas ar ḟocal an Tiġearna, mar aduḃairt sé: #Mait. 3:11; Marc. 1:8; Lúc. 3:16; Eóin 1:26.Ḋein Eóin baiste le h-uisge aċ baistfar siḃse leis an Spioraid Naoṁ. 17Dá ḃríġ sin, ma ṫug Dia ḋóiḃsin an grásta céadna a ṫug-sé ḋúinne nuair a ċreideamair sa Tiġearna Íosa Críost; cia’r ḃ’é mise go ḃféadfainn cosg a ċur le Dia?
18Nuair airiġdar an méid sin d’éisteadar, agus ṫugadar glóire do Ḋia agus duḃradar: Seaḋ aċ tá aiṫríġe ċun na beaṫa taḃarṫa ag Dia do sna geintiḃ féin
19Agus na daoine úd a sgaipeaḋ mar ġeall ar an dtrioblóid i dtaoḃ Stioṗain do siuḃladar ċóṁ fada le Ṗoenicé agus le Cuprus agus le h-Antioċ, gan an focal do laḃairt le h-aoinne aċ le Iúdaíġ aṁáin. 20Aċ ḃí cuid acu agus Cupriánaiġ ab eaḋ iad agus Curénéaċa, agus nuair a ċuadar isteaċ i n-Antioċ ḃídís ag cainnt leis na Gréagaiġ féin ag taḃairt eóluis ar an dTiġearna Íosa dóiḃ. 21Agus ḃí láṁ Dé leó agus do h-iompuiġeaḋ cuid ṁór daoine ċun creidiṁ an Tiġearna.
22Ansan do ṫáinig tuairisg na neiṫe sin ċun a gcluas do luċt na h-eagailse a ḃí i n-Ierúsalem agus ċuireadar Barnabas go h-Antioċ. 23Ṫainig sé agus ċonnaic sé an grásta ó Ḋia agus ḃí áṫas mór air agus ṫug sé cóṁairle do sna daoine go léir ḃeiṫ seasaṁaċ ’n-a gcroiḋe agus leanṁaint do’n Tiġearna. 24Óir fear fóġanta b’eaḋ é a ḃí lán de’n Spioraid Naoṁ, agus de ċreideaṁ. Agus do tugaḋ cuid ṁór daoine ċun an Tiġearna.
25Ansan do ċuaiḋ Barnabas go Tarsus ag lorg Saul agus nuair a fuair sé é ṫuġ sé leis go h-Antioċ é. 26Agus ṫugadar bliain iomlán i gcóṁluadar na h-eagailse ann, agus ḋeineadar poḃal mór do ṫeagasg, i dtreó gur i n-Antioċ a tugaḋ ar dtúis Críostaiḋṫe ar na deisgiobuil.
27Agus ins na laeṫiḃ sin do ṫáinig fáiḋí ó Ierúsalem go h-Antioċ. 28Agus d’eiriġ duine acu san d’ár ḃ’ ainim Agabus agus ṫug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raiḃ gorta mór le teaċt ar an saoġal go léir, agus do ṫáinig san fé Claudius. 29Agus do ḃeartuiġ na deisgiobuil, gaċ aoinne do réir a ġustail, caḃair a ċur ag triall ar na bráiṫre a ḃí ’n-a gcóṁnuiġe i nIúdaéa. 30Agus ḋeineadar san. Ċuireádar an ċaḃair ċun na seanóirí le Barnabas agus le Saul.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 11: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.