YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 10

10
CAIBIDIOL X.
Cornélius d’á ġlaċaḋ isteaċ sa n-Eaglais. Aisling Ṗeadair.
1Aċ ḃí i gCaesaréa fear n-ar ḃ’ainim dó Cornélius, taoiseaċ céad ar an mbuiḋin airm ar a dtugtar an Eadáileaċ, 2Fear diaḋa n-a raiḃ eagla Dé air féin agus ar a ṫeaġlaċ, do ṫugaḋ mórán déarca uaiḋ do sna daoine, agus a ḃíoḋ ag guiḋe Dé coitċianta.
3Do ċonnaic an fear san, i n-aisling, go soiléir, tuairim an naoṁaḋ tráṫ sa lá, aingeal ó Ḋia ag teaċt ċuige isteaċ, agus duḃairt an t-aingeal leis: A Ċornélius! 4Agus duḃairt seisean, agus é ag féaċainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé leis: Taid t’úrnuiġṫe agus do ḋéirc imiġṫe suas, i gcuíṁne, i láṫair Dé. 5Agus anois cuir fir go Ioppé agus glaoiḋ ċuġat Símón, ar a dtugtar Peadar. 6Tá sé ar lóisdín i dtiġ Ṡímóin, fear leasuiġṫe leaṫair, n-a ḃfuil a ṫiġ ar bruaċ na faraige; neósfaiḋ sé sin duit cad ’tá le déanaṁ agat. 7Agus nuair a d’imṫiġ an t-aingeal, a ḃí ag cainnt leis, do ġlaoiḋ sé ċuige beirt d’á ṫeaġlaċ féin agus fear airm n-a raiḃ eagla an Tiġearna air, daoine a ḃí úṁal dó. 8Agus d’innis sé ḋóiḃ gaċ níḋ agus ċuir sé go Ioppé iad.
9Amáireaċ a ḃí ċúġainn, agus iadsan ag cur na slíġe ḋíoḃ agus ag teaċt ċun na caṫaraċ, tuairim an séṁaḋ tráṫ, ċuaiḋ Peadar suas i n-uaċtar an tiġe ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ. 10Ansan ṫáinig ocras air agus ba ṁian leis bia do ċaiṫeam. Agus an ḟaid a ḃíodar ag ollṁú an ḃíḋ dó ṫáinig táṁnéal air. 11Ċonnaic sé na flaṫais ar osgailt agus árṫaċ, mar a ḃéaḋ bairlín ana-ṁór agus í d’á leigint anuas, le n-a ċeiṫre cúinníḃ, as na flaṫais ċun an tailiṁ. 12Agus ḃí uirṫi an uile ṡaġas ainṁiġṫe ċeiṫre gcos, agus piastaí, agus éanlaiṫe an aéir. 13Agus do laḃair guṫ leis: Eiriġ, a Ṗeadair, agus mairḃ agus iṫ! 14Aċ duḃairt Peadar: Nár leigiḋ Dia go ndéanfainn san, a Ṫiġearna, óir níor iṫeas riaṁ bia coitċian ná bia neaṁġlan. 15Agus do laḃair an guṫ airís leis: An níḋ a ġlan Dia ná taḃairse coitċian air! 16Do deineaḋ san trí h-uaire as a ċéile agus ansan do tógaḋ an t-árṫaċ ṫar n-air isteaċ ins na flaṫais.
17Agus an ḟaid a ḃí Peadar ’ġá ḃreiṫniú i n’ aigne cad é an saġas an raḋarc san a ċonnaic sé, féaċ, ḃí na fir a ċuir Cornélius uaiḋ ’n-a seasaṁ ag an ndorus, ’ġá ḟiafraiġe cá raiḃ ṫiġ Ṡímóin. 18Agus do ġlaoḋadar agus d’ḟiafraiġdar an raiḃ Símón ar a dtugtar Peadar, ar lóistín sa tiġ. 19Ḃí Peadar, áṁṫaċ, ag cuíṁneaṁ ar an aisling agus duḃairt an Spioraid leis: Féaċ, tá triúr fear ad’ lorg. 20Eiriġ, dá ḃríġ sin, agus imṫiġ síos agus gluais leó, óir is mise ċuir ċúġat iad. 21D’imṫiġ Peadar síos ċun na ḃfear agus duḃairt sé: Féaċ, is mise atá uaiḃ: Cad ċuige go dtánaḃair? 22Agus duḃradar-san: Cornélius, an taoiseaċ céad, fear atá fíoraonta úṁal do Ḋia agus go ḃfuil meas mór ag na Iúdaíġ go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naoṁṫa ’ġá ráḋ leis fios a ċur ortsa ċun a ṫíġe agus éisteaċt le cainnt uait. 23Do ruġ sé isteaċ iad ansan i gcóir na h-oiḋċe. Agus d’eiriġ sé amáireaċ a ḃí ċúġainn agus ġluais sé i n-aonḟeaċt leó, agus ċuaiḋ raint de sna bráiṫniḃ ó Ioppé le n-a ċois.
24Ċuaiḋ sé isteaċ i gCaesaréa an lá ’n-a ḋiaiḋ san, agus ḃi Cornélius ag feiṫeaṁ leó agus a ġaolta agus a ċáirde cruinniġṫe aige. 25Asus do ṫárla nuair a ṫáinig sé isteaċ go dtáinig Cornélius ’n-a ċoinniḃ agus gur ṡléaċt sé agá ċosaiḃ ġá onórú. 26Aċ do ṫóg Peadar suas é agus duḃairt sé: Éiriġ! Duine iseaḋ mise féin, leis. 27Agus ṫáinig sé isteaċ sa tiġ agus é ag cainnt leis, agus fuair sé an ṁórċuid daoine cruinniġṫe istiġ,
28Agus duḃairt sé leó: is eól daoiḃse conus mar is urġráin d’ḟear Iúdaċ baint ná coṁluadar a ḋéanaṁ le cine iasaċta, ac do ṫaisbeáin Dia ḋóṁsa gan coitċian ná neaṁġlan a ṫaḃairt ar aon duine. 29Dá ḃríġ sin, ċóṁ luaṫ agus a cuireaḋ sios orm ṫánag gan stad. Fiafraiġim, uime sin, cad ċuige gur ċuiregḃair fios orm?
30Agus duḃairt Cornélius: Ċeiṫre lá ó ṡin, go dtí an uair seo, ḃíos am ṫiġ um an naoṁaḋ tráṫ agus me ag guiḋe, agus féaċ, do ṡeasaiṁ fear ar m’aġaiḋ amaċ agus éadaċ geal air agus duḃairt sé: 31A Ċornélius, tá éistiṫe le d’ ġuiḋe agus tá cuiṁne ar do ḋéirc i láṫair Dé. 32Cuir fios go Ioppé, dá ḃríġ sin, an Ṡímón ar a dtugtar Peadar: tá sé an lóisdín i dtiġ Ṡímóin, an fear leasuiġṫe leaṫair, i n-aice na faraige. 33Ansan do ċuireas fios ortsa láiṫreaċ agus is maiṫ an teaċt agatsa é. Agus táimíd go léir anso anois ad láṫair ċun éisteaċt le gaċ uile níd a ḋ’órduiġ Dia ḋuit.
34Ansan d’osgail Peadar a ḃéal agus duḃairt sé: Is léir dom le fírinne ná féaċann Dia do #Deut. 10:17; 2 Par. 19:7; Iób 34:19; Eagna 6:8; Eccli. 35:15; Róṁ. 2:11; Gal. 2:6; 1 Pead. 1:17.ṗeansain seaċas pearsa, 35Aċ go ḃféaċann sé do’n t-é sin, ins gaċ cine, ’na mḃíonn a eagla air agus a ḋeineann fíoraontaċt.#10:35 Ver. 35. ins gaċ cine, ⁊rl., .i. Ní Iúdaíġ aṁáin aċ geinte leis, pé cine gur díoḃ iad, atá taiṫneaṁaċ i láṫair Dé, má tá eagla Dé orṫa agus má ḋeinid siad deaġ-oibreaċa. Aċ tuigtear i gcóṁnuiġe náċ fuláir dóiḃ an creideaṁ fírinneaċ a ḃeiṫ acu, óir “gan creideaṁ (adeir Pól naoṁṫa, Eaḃr. 11:6) ní féidir Dia do ṡásaṁ.” Seaċain, d’á ḃríġ sin, an ṁuinntir a deir, a’ bríg na cainnte sin, gur féidin do luċt gaċ creidiṁ ḃeiṫ taiṫneaṁaċ i láṫair Dé. Mar ó nár ṫáinig ó Dia aċ an creideaṁ fírinneaċ, ls léir gur ó aṫair an éiṫíġ atá gaċ creideaṁ fallsa, agus náċ féidir dóiḃ gan ḃeiṫ míṫaiṫneaṁaċ i láṫair Dé na fírinne. 36Do ċuir Dia an briaṫar ċun clainne Israéil, ag fógairt síoṫċána tré Íosa Críost, (siné is Tiġearna ar gaċ uile níḋ): 37Is eól daoiḃse an focal a laḃraḋ ar fuid Iúdaéa go léir, #Lúc. 4:14.óir do ṫusnuiġ sé ó Ġaililí tar éis an ḃaiste a ċraoḃsgaoil Eóin: 38Íosa ó Nasaret: ċonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naoṁ agus le cóṁaċt, agus gur ġluais sé ag déanaṁ tairḃṫe agus ag leiġeas na ndaoine a ḃí fé annsmaċt an diaḃail, toisg Dia ḃeiṫ leis. 39Agus is fínniṫe sinne ar gaċ níḋ dár ḋein sé i gcríċ na nIúdaċ agus i n-Ierúsalem, gur cuireaḋ ċun ḃáis é ’ḋá ċroċaḋ ar an gcrann. 40Agus do ṫóg Dia ó’n mbás é an treas lá agus ṫug sé le feisgint é, 41Ní do’n ṗobul go léir, aċ d’ḟínniṫiḃ a ḃí ceapaiṫe ag Dia roim ré: dúinne, a ċaiṫ bia agus deoċ n’ḟoċair tar éis éiriġṫe ḋó ós na mairḃ. 42Agus d’órduiġ sé ḋúinn craoḃsgaoile ḋéanaṁ do sna daoine, agus fiaiḋnaise ḋéanaṁ air gur b’é féin atá ceapaiṫe ag Dia ċun ḃeiṫ ’n-a ḃreiṫeaṁ ar ḃeoiḃ agus ar ṁarḃaiḃ. 43#Ierem. 31:34.Is air seo a ḋeinid na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur i n’ainimsean atá maiṫeaṁnaċus peacaí le fáġail ag gaċ aoinne a ċreideann ann.
44An ḟaid a ḃí Peadar ag ráḋ na cainnṫe sin do ṫúirling an Spioraid Naoṁ ar a raiḃ ag éisteaċt leis an mbriaṫar. 45Agus luċt an tímpallġearrṫa a ṫáinig i n-aonḟeaċt le Peadar, ḃí uaṫḃás orṫa a ráḋ gur ṫáinig grásta an Spioraid Naoiṁ ar na geintiḃ. 46Mar ḃíodar ag éisteaċt leó ag laḃairt na dteangṫaċa agus ag móraḋ Dé. 47Ansan d’ḟreagair Peadar: An féidir d’aoinne an t-uisge ċimeád uainn san a mbaistfí na daoine seo atá tar éis an Spioraid Naoíṁ a ġlacaḋ ċóṁ maiṫ linn féin? 48Agus d’órduiġ sé iad do ḃaiste i n-ainim an Tiġearna Íosa Críost. Ansan d’iarradar air fanṁaint ’n-a ḃfoċair raint laeṫanta.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 10: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníoṁarṫa 10