Gníoṁarṫa 9
9
CAIBIDIOL IX.
Iompáil ṗóil ċun an ċreidiṁ, agus a ḋíoġras. Énéas d’á leiġeas ag Peadar, ⁊ Taibíta dá tógaint aige ón mbás.
1Agus ṫáinig #Infra 22:6; 22:10; 26:12; 1 Cor. 15:8; 2 Cor. 12:2.Saul, agus é ag síorṡéide ḃagarṫa ḃáis i n-aġaiḋ deisgiobul an Tiġearna, ag triall ar ṗrúnsa na sagart, 2Agus d’iarr sé air leitreaċa ṫaḃairt dó go Damascus, ċun na sinagóg, i dtreó dá ḃfaġaḋ sé aon daoine, fir ’ná mná, de ’n tslíġ sin, go dtaḃarfaḋ sé leis iad gaḃṫa go Ierúsalem.
3 #
Gal. 1:13. Agus ag cur na slíġe ḋé ḋó do ṫárla go dtáinig sé i gcóṁgar do Ḋamascus, agus go h-obann do las solus ó neaṁ ’n-a ṫímpul. 4Agus ṫuit sé ċun tailiṁ agus d’airiġ sé an guṫ ġá ráḋ leis: A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige go ḃfuilir am ġéarleanṁaint? 5Agus duḃairt seisean: Cia h-é ṫu, a Ṫiġearna? agus eisean: Mise Íosa ’na ḃfuilirse am ġéarleanṁaint, is cruaiḋ ort ḃeiṫ a’ speaċuíol i n-aġaiḋ an ṗriocaire. 6Agus duḃairt seisean agus é ag criṫ le h-uaṫḃás: A Ṫiġearna, cad is toil leat a ḋéanfainn? 7Agus duḃairt an Tiġearna leis: Eiriġ agus imṫiġ isteaċ sa ċaṫair agus neósfar sa n-áit sin duit cad tá agat le déanaṁ. Agus na fir a ḃí le n-a ċois ḃíodar ’n-a seasaṁ agus uaṫḃás orṫa, agus iad ag éisteaċt leis an nguṫ agus ná feacadar aoinne. 8Agus d’éiriġ Saul de’n talaṁ agus d’osgail sé a ṡúile aċ ní ḟeacaiḋ sé aon níḋ. Agus do rugadar ar láṁ air agus do ṡeoladar isteaċ i nDamascus é. 9Agus ḃí sé ansan trí lá gan radarc, agus níor ċaiṫ sé bia ’ná deoċ.
10Agus ḃí i nDamascus duine de ḋeisgiobulaiḃ an Tiġearna agus Ananías ab ainim dó, #Infra 22:12.agus duḃairt an Tiġearna leis, i n-aising: A Ananíais! Agus duḃairt seisean: Táim anso, A Ṫiġearna! 11Agus duḃairt an Tiġearna leis: Eiriġ agus imṫiġ go dtí an tsráid ar a dtugtar an Díreaċ, agus loirg, i dtiġ Iúdáis, fear ó Ṫarsus gur b’ainim dó Saul; mar, féaċ, tá sé ag guiḋe Dé. 12(Agus ċonnaic sé ar fear d’an ḃ’ainim Ananías agus é ag teaċt isteaċ ag triall air agus ag cur a láiṁe air ċun raḋairc a ṫaḃairt dó.) 13Aċ d’ḟreagair Ananías: A Ṫiġearna, d’airiġeas i dtaoḃ an ḟir sin, ó n-a lán, méid na n-olc atá déanta aige do d’naoiṁ i n-Ierúsalem: 14Agus tá úġdarás anso aige ó uaċtaránaiḃ na sagart ċun na ndaoine a ġlaoḋann ar t’ainimse do ġaḃáil. 15Duḃairt an Ṫiġearna leis: Imṫiġ ort, óir is árṫaċ toġṫa an fear san agamsa ċun m’ainime ḃreiṫ i láṫair geinte agus ríġṫe agus clainne Israéil. 16Mar taisbeánfadsa dó cad iad na néiṫe móra atá le fulang aige ar son m’ainime. 17Agus d’imṫiġ Ananías agus ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ agus ċuir sé a láṁ air agus duḃairt sé: A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa a ṫaisbeáin é féin duit ar an slíġ agus tu ag teaċt, do ċuir sé mise ċuġat ionus go ḃfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naoṁ ṫu. 18Agus láiṫreaċ do ṫuit mar ḃeaḋ gáinní d’á ṡúiliḃ agus fuair sé a raḋarc agus d’éiriġ sé agus do baisteaḋ é. 19Agus ċaiṫ sé bia agus ṫáinig neart dó. Agus d’ḟan sé raint laeṫanta i ḃfoċair na ndeisgiobul a ḃí i nDamascus.
20Agus láiṫreaċ, ins na sinagógaiḃ, ḃí sé ag seanmóin i dtaoḃ Íosa, gur b’ é Mac Dé é. 21Agus ḃí uaṫḃás ar a raiḃ ag éisteaċt leis, agus deiridís: Náċ é seo an fear a ḃí ag déanaṁ íde i n-Ierúsalem ar an muinntir a ġlaoḋaḋ ar an ainim sin, agus náċ é gnó a ṫug anso é ná ċun iad do ḃreiṫ leis gaḃṫa ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart? 22Aċ ḃí Saul ag neartú go mór agus é ag cur na n-Iúdaċ ar mearaíḋe, a raiḃ i nDamascus díoḃ, toisg é ḃeiṫ ġá ḋeiṁniú gur ḃ’ é sin an Críost.
23Agus nuair a ḃí a lán laeṫanta caiṫte ḋein na Iúdaíġ a ḃeartú, do ṫoil a ċéile, go marḃóċaidís é. 24Aċ do fuair Saul eólus ar iad a ḃeiṫ ar a ṫí. #2 Cor. 11:32.Agus ḃí luċt cimeádta acu ar na geataíḃ do ló agus d’oiḋċe, ċun go marḃóċaidís é. 25Aċ do ṫóg na deisgiobuil é sa n-oiḋċe agus ċuireadar síos de ḋruim an ḟalla é i gciseán. 26Agus ṫáinig sé go Ierúsalem agus ṁeas sé dul leis na deisgiobuil, aċ ḃí eagla acu go léir roimis agus ní ċreidfidís gur ḋeisgiobul é. 27Aċ do ṫóg Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h-Aspoil é agus d’inis sé ḋóiḃ conus mar a ċonnaic sé an Tiġearna ar an slíġ agus gur laḃair sé leis, agus conus mar a ḋein sé oḃair ċalma i n-ainim Íosa, i nDamascus. 28Agus ḃí sé ’n-a ḃfoċair, ag gaḃáil amaċ agus ag gaḃáil isteaċ i n-Ierúsalem agus obair ċalma aige ’á ḋéanaṁ i n-ainim an Tiġearna. 29Do laḃraḋ sé mar an gcéadna leis na geintiḃ agus ḃíoḋ sé ag díospóireaċt leis na Gréagaiġ; agus ḃíodar san a d’iarraiḋ é ċur ċun báis. 30Fuair na bráiṫre an níḋ sin amaċ agus do rugadar go Caesaréa é agus ċuireadar as san go Tarsus é.
31Agus ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa go léir agus as fuid Ġalillí agus Ṡamaría, agus ḃí sí ag dul ar aġaid ag gluaiseaċt i n-eagla an Tiġearna, agus í dá líonaḋ le sólás an Spioraid Naoiṁ. 32Agus do ṫárla, nuair a ḃí Peadar ag taḃairt a ċuard sa tímpal orṫa, go dṫáinig sé ċun na naoṁ a ḃí ’n-a gcoṁnuíġe i Lidda. 33Agus fuair sé sa n-áit sin duine d’ár ḃ’ainim Énéas, a ḃí gan lúṫ a ġéag agus a ḃí ar a leaḃaiḋ ar feaḋ oċt mblian. 34Agus duḃairt Peadar leir: A Énéis, tá an Tiġearna Íosa Críost ag taḃairt sláinte ḋuit. Éiriġ agus córuiġ do leabaiḋ! Agus d’éiriġ sé láiṫreaċ. 35Agus ċonnaic muinntir Lidda go léir é agus muinntir Ṡaróna, agus d’iompuiġdar ċun an Tiġearna.
36Agus ḃí i n-Ioppé bandeisgiobul agus Taibíta ab ainim di, nú, ar ṁíniú, Dorcas. Agus ḃí a lán deaġ-ġnióṁarṫa agus a lán déarca aici sin ’á déanaṁ. 37Agus do ṫárla ins na laeṫiḃ sin gur buaileaḋ breóite í agus go ḃfuair sí bás. Agus do níġdar í agus ċuireadar sa tseómra uaċtaraċ í. 38Aċ, ó ḃí Lidda cóṁgasaċ do Ioppé agus gur airiġ na deisgiobuil Peadar a ḃeiṫ sa n-áiṫ sin, ċuireadar beirt ḟear ċuige ’ġá ráḋ leis: Ná déin ríġneas gan teaċt ag triall orainn. 39Agus d’eiriġ Peadar agus ṫáinig sé leó. Agus nuair a ṫáinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus ḃí na baintrneaċa ’n-a seasaṁ ’n-a ṫímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaiġ dó a ḋeineaḋ Dorcas dóiḃ. 40Annsan do ċuir Peadar na daoine go léir amaċ as an seómra agus do leig sé é féin ar a ġlúiniḃ agus ḋein sé úrnuiġṫe, agus d’iompuiġ sé ċun an ċuirp agus duḃairt sé: A Ṫaibíta, éiriġ! Agus d’osgail sisi a súile agus ċonnaic sí Peadar agus d’éiriġ sí aniar. 41Agus ṫug sé a láṁ di agus ċuir sé ’n-a seasaṁ í. Asus do ġlaoiḋ sé isteaċ na naoiṁ agus na baintreaċa agus ṫug sé suas dóiḃ í ’n-a beaṫaiḋ. 42Ansan do h-innseaḋ é ar fuaid Ioppé go léir agus do ċreid a lán daoine sa Tiġearna. 43Agus do ṫuit amaċ gur ḟan sé mórán laeṫanta i n-Ioppé, i dtiġ fir gur ḃ’ ainim dó Símón, fear leaṫair do leasú.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 9: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.