Eóin 20
20
CAIBIDIOL XX.
Aiséiriġe Ċríost agus é ’ġá ṫaisbeáint féin d’á ḋeisgiobulaiḃ.
1Agus #Mait. 28:1; Marc. 16:1; Lúc. 24:1.an ċéad lá de’n tseaċtṁain ṫainig Máire Ṁaġdalén ar maidin, agus an doirċeaċt fós ann, ċun na h-uaġa, agus ċonaic sí an leac tógṫa ó’n uaiġ. 2Ansan do riṫ sí agus ṫáiniġ sí ag triall ar Ṡímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionṁuin le h-Íosa, agus duḃairt sí leó: Do ṫógadar an Tiġearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár ċuireadar é. 3Agus d’imṫiġ Peadar agus an deisgiobul eile amaċ, agus ṫanadar ċun an tuama. 4Agus ḃí an ḃeirt ag ruiṫ i n-aonḟeaċt, agus do riṫ an deisgiobul eile níba luaṫa ’ná Peadar, agus isé ba ṫúisge ṫáinig ċun an tuama. 5Agus nuair do ċrom sé do ċonaic sé an línéadaċ leagaiṫe ann; aċ níor ċuaiḋ sé isteaċ. 6Ansan do ṫáinig Símón Peadar ’n-a ḋiaiḋ, agus ċuaiḋ sé isteaċ sa tuama, agus ċonaic sé an línéadaċ leagaiṫe ann, 7Agus an ciarsúir a ḃí ar a ċeann, agus ní h-i dteannta na n-éadaiġe lín a ḃí sé sin, aċ i n-áit fé leiṫ agus é fíllte i n-aon áit aṁáin. 8Ansan do ċuaiḋ isteaċ an deisgiobul eile, a ṫáinig ar dtúis ċun an tuama; agus do ċonaic sé agus do ċreid sé. 9Óir níor ḃ’ḟios fós dóiḃ an scriptiúir, nár ḃ’ḟoláir é ḋ’eiriġe ó sna mairḃ. 10Ansan d’imṫiġ na deisgiobuil aḃaile airís.
11Aċ #Mait. 28:1; Marc. 16:5; Lúc. 24:4.d’ḟan Máire ’n-a seasaṁ i n-aice an tuama agus í ag gol. Sa ġol di, áṁṫac, do ċrom sí, agus d’ḟéaċ sí isteaċ sa tuama; 12Agus ċonaic sí an dá aingeal, i n-éadaċ ġeal, agus iad ’n-a suiḋe, aingeal acu ag ceann agus an t-aingeal eile ag cosaiḃ na h-áite ’n-ar cuireaḋ corp Íosa. 13Duḃradar léi: A ḃean, cad fé ndeara ḋuit ḃeiṫ ag gol? Duḃairt sí leó: Mar do ṫógadar mo Ṫiġearna, agus ní ḟeadar cár ċuireadar é. 14Nuair a ḃí na focail sin ráiḋte aici d’iompuiġ sí siar, agus ċonaic sí Íosa ’n-a ṡeasaṁ, agus ní raiḃ ḟios aici gur ḃ’ é Íosa é. 15Duḃairt Íosa léi: A ḃean, cad sé ndeara ḋuit ḃeiṫ ag gol? Cé atá uait? Ċeap sisi gur ġárdnóir é, agus duḃairt sí leis: A ḋuine ṁacánta, má’s tusa a ṫóg é, innis dam cár ċuiris é, agus béarfad liom é. 16Duḃairt Íosa léi: a Ṁáire. D’iompuiġ sisi agus duḃairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le ráḋ, A Ṁáiġistir). 17Duḃairt Íosa léi: Ná teangṁuiġ liom, óir níor ċuas suas ċun m’ Aṫar fós; aċ imṫiġ ag triall ar mo ḃráiṫre agus abair leó, Táim ag dul suas ċun m’ Aṫar agus ċun ḃúr n-Aṫar, ag triall ar mo Ḋia agus ar ḃúr nDia. 18Ṫáinig Máire Ṁaġdalén agus d’innis sí do sna deisgiobuil: Do ċonac an Ṫiġearna agus duḃairt sé na neiṫe seo liom.
19Agus um ṫráṫnóna an lae ċéadna, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta, mar a raiḃ na deisgiobuil cruinniġṫe le h-eagla na nIúdaċ, #Marc. 16:14; Lúc. 24:36; 1 Cor. 15:5.ṫáinig Íosa agus do ṡeasaiṁ sé i lár baill, agus duḃairt sé leó: Síoṫċáin daoiḃ.#20:19 Ver. 19. agus na dóirse dúnta, An ċóṁaċt ċéadna a ṫug corp Ċriost, go h-iomlán, slán ’n-a ḃallaiḃ beaṫa go léir, tré sna dóirse dúnta, féadann sí gan aṁras ar ḃiṫ, an corp céadna do ċur láiṫreaċ go fíor sa tsácramínt, bíoḋ go ḃfuil san agus súd os cionn ár dtuisgiona. 20Agus nuair aduḃairt sé an focal san do ṫaisbeáin sé ḋóiḃ a láṁa agus a ṫaoḃ. Agus ḃí áṫas mór ar na deisgiobulaiḃ toisg go ḃfeacadar an Tiġearna. 21Ansan duḃairt sé airís leó: Síoṫċáin daoiḃ. Fé mar a ṡeól an t-Aṫair mise seólaim-se siḃ-se. 22Tar éis an méid sin a ráḋ, do ċuir sé anál fúṫa; agus duḃairt sé leó: Glacaiḋ an Spioraid Naoṁ. 23#Mait. 18:18.Na daoine go maiṫfiḋ siḃ a bpeacaí ḋóiḃ, táid siad maiṫte ḋóiḃ; agus na daoine go gcoimeádfaiḋ siḃ a bpeacaí gan maiṫeaṁ dóiḃ, táid siad gan maiṫeaṁ dóiḃ.#20:23 Ver. 23. na daoine go maiṫfiḋ siḃ a bpeacaí ḋóiḃ Sin cóṁaċt ċun peacaí ṁaiṫeaṁ nuair a h-ínnstear iad i ḃfaoísdin, agus úġdarás ċuige, agus séala mór leaṫan, ó neaṁ anuas, ag deiṁniúġaḋ na cóṁaċta san agus an úġdaráis sin.
24Aċ Tomás, duine de’n dáréag, go dtugtí Didimus air, ní raiḃ sé ’n-a ḃfoċair nuair a ṫáinig Íosa. 25Agus d’á ḃríġ, sin, duḃairt na deisgiobuil eile leis: Ċonacamair an Tiġearna. Aċ duḃairt seisean leó: Mura ḃfeicead i n-a ḋearnaċaiḃ rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo ṁéar isteaċ i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo láṁ isteaċ ’n-a ṫaoḃ, ní ċreidfead é.
26Agus tar éis oċt lá ḃí na deisgiobuil istiġ airís, agus Tomás ’n-a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus ṡeasaiṁ sé i lár baill, agus duḃairt sé: Síoṫċáin daoiḃ. 27Ansan deir sé le Tomás: Cuir do ṁéar anso isteaċ agus féaċ mo ḋearnaċa, agus sin anso do láṁ, agus cuir isteaċ am’ ṫaoḃ í; agus ná ḃí díċreideaṁaċ, aċ ḃí creideaṁaċ. 28D’ḟreagair Tomás agus duḃairt sé leis: Is tú mo Ṫiġearna agus mo Ḋia. 29Duḃairt Íosa leis: Do ċreidis, a Ṫomáis, mar do ċonaicís mé. Is aoiḃinn do’n ṁuintir na feacaiḋ, agus do ċreid.
30 #
Infra 21:25. Do ḋein Íosa, i láṫair a ḋeisgiobul, mórán eile mírḃúiltí ná fuil sgríoḃṫa sa leaḃar so. 31Aċ do sgríoḃaḋ an méid seo ionus go gcreidfeaḋ siḃ gur ḃ’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ġá ċreideaṁaint, go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ i n-a ainim.
Currently Selected:
Eóin 20: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.