Eóin 21
21
CAIBIDIOL XXI.
Críost ’á ṫaisḃeáint féin d’á ḋeisgiobulaiḃ ar bruaċ na faraige agus cúram a ṫréad ’á ċur aige ar Ṗeadar.
1I n-a ḋiaiḋ san do ṫaisbeáin Íosa é féin airís do sna deisgiobulaiḃ ag muir Ṫiberias, agus seo mar a ṫaisbeáin. 2Ḃí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Ċána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus ḃeirt eile deisgiobul, agus iad i ḃfocair a ċéile. 3Agus duḃairt Símón Peadar leó: Táim-se ag dul ag iasgaireaċt. Duḃradar leis: Raġaimíd-ne leat. Agus d’imṫiġeadar agus ċuadar ar bórd luinge; agus i gcaiṫeaṁ na h-oiḋċe sin níor rugadar as aon iasg. 4Aċ nuair a ṫáinig an ṁaidean, ḃí Íosa ’n-a ṡeasaṁ ar an dtráiġ; aċ ní raiḃ ḟios ag na deisgiobuil gur ḃ’ é Íosa é. 5Agus duḃairt Íosa leó: An ḃfuil aon ḃia agaiḃ, a ḃuaċaillí? D’ḟreagradar: Ní’l. 6Duḃairt sé leó: Cuiriḋ an líon amaċ an ḋeis na luinge agus geóḃaiḋ siḃ. Ċuireadar; agus láiṫreaċ ḃí ag teip orṫa an líon do ṫarang isteaċ, ḃí oiread san iasg ann. 7Ansan, an deisgiobul san dob’ ionṁuin le h-Íosa, duḃairt sé le Peadar: Isé an Tiġearna é. Nuair airiġ Símón Peadar gur ḃ’ é an Tiġearna é, do ċuir sé a ḃrat uime (oir ḃí sé noċt) agus ċaiṫ sé é féin sa ḃfaraige. 8Aċ ṫáinig na deisgiobuil eile ar an luing, mar ní raḃadar aḃfad ó’n dtír, aċ tímpal ḋá ċéad cúbat, agus ṫaraingeadar ’n-a ndiaiḋ an líon lán d’iasgaiḃ. 9Agus nuair a ṫánadar i dtír ċonacadar gríosaċ ann, agus iasg anuas air, agus arán. 10Duḃairt Íosa leó: Tugaiḋ anso cuid de sna h-éisg a ṫógaḃair anois. 11Ċuaiḋ Símón Peadar suas, agus ṫarraing sé an líon i dtír agus é lán d’iasgaiḃ móra, céad agus caogad agus a trí. Agus bíoḋ go raiḃ oiread san ann dióḃ, níor briseaḋ an líon. 12Duḃairt Íosa leó: Tagaiḋ agus iṫiḋ rud. Agus níor leóṁaiġ aoinne d’á raiḃ ag caiṫeaṁ an ḃíḋ a ḟiafraiġe ḋe: Cé h-é ṫusa? Mar ḃí ḟios acu gur ḃ’é an Tiġearna é. 13Agus ṫáiniġ Íosa, agus ṫóg sé an t-arán, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus an t-iasg mar an gcéadna. 14B’ṡiné an tríṁaḋ h-uair ag Íosa ’ġá ṫaisḃeáint féin d’á ḋeisgiobulaiḃ agus é eiriġṫe ó sna mairḃ.
15Ansan, nuair a ḃí bia caiṫte acu, duḃairt Íosa le Símón Peadar: A Ṡímóin ṁic Eóin, an mó do ġráḋ-sa ḋom ’ná a ngráḋ so? Duḃairt seisean leis: Iseaḋ, á Ṫiġearna, is eól duit go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: Dein m’uain do ċoṫú. 16Duḃairt sé airís leis: A Ṡímóin ṁic Eóin, an ḃfuil gráḋ agat dom? Duḃairt sé leis: Tá, a Ṫiġearna, is eól duit go ḃfuil gráḋ agam duit. 17Duḃairt sé leis: Dein m’ uain do ċoṫú. Duḃairt sé leis an tríṁaḋ h-uair: A Ṡímóin ṁic Eóin, an ḃfuil gráḋ agat dom? Ṫáiniġ buairt ar Ṗeadar, toisg é ’ġá ráḋ leis an tríṁaḋ h-uair: An ḃfuil gráḋ agat dom? Agus duḃairt sé leis: A Ṫiġearna, tá fios gaċ uile níḋ agat-sa; tá ’ḟios agat go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: dein mo ċaoire do ċoṫú.#21:17 Ver. 17. dein mo ċaoire do ċoṫú. Do ġeall Críost uaċtaránaċt spiridálṫa do Ṗeadar (Marc. 16:19). Do cóṁlíon sé an ġeallaṁaint sin anso, aġ cur cúraim a ṫréada go léir air, .i. cúram na h-eagailse go léir, idir ċléir agus tuaṫ.
18Go deiṁin, deiṁin, adeirim leat, nuair a ḃís níb’ óige, ċurṫá féin do ċrios umat agus do ṡiúḃalṫá sa n-áit ba ṫoil leac; #2 Pead. 1:14.aċ nuair a ċríonóċair, sínfir amaċ do láṁa agus cuirfiḋ duine eile do ċrios umat agus seólfaiḋ sé ṫu sa n-áit náċ toil leat. 19Duḃairt sé an méid sin ’ġá ċur i n-iúil cad é an saġas ḃáis go dtaḃarfa séḋ glóire do Ḋia leis. Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige duḃairt sé leis: lean mise.
20D’iompuiġ Peadar agus ċonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionṁuin le h-Íosa, ag leanṁaint, #Supra 13:23.an t-é do luiġ ar a uċt ag an suipéar agus aduḃairt: A Ṫíġearna, cé h-é an fear a ḋíolfaiḋ ṫú? 21Nuair a ċonaic Peadar é sin duḃairt sé le h-Íosa: Agus, a Ṫiġearna, cad mar ġeall air seo? 22Duḃairt Íosa leis: Má’s toil liom-sa é ḋ’ḟanṁaint go dtagad, cad é sin duit-se sin? Lean-sa mise. 23Ansan do ċuaiḋ an focal amaċ ameasg na mbráiṫre ná faġaḋ an deisgiobul san ḃas. Agus ní duḃairt Íosa leis, Ní ḃfaġaiḋ sé ḃas; aċ, Má’s toil liom-sa é ḋ’ḟanṁaint go dtagad, cad é sin duit-se sin?
24Sidé an deisgiobul a ṫugann fiaḋnaise ins na neiṫiḃ seo, agus do sgríḃ na neiṫe seo: agus is eól dúinn gur fíor an ḟiaḋnaise a ṫugann sé.
25Aċ #Supra 20:30.tá a lán neiṫe eile do ḋein Íosa, agus dá sgríḃtí síos i leaḃraiḃ iad i ndiaiḋ ċéile, measaim ná beaḋ slíġ sa doṁan féin do sna leaḃraiḃ nár ḃ’ ḟuláir a sgrí.
Currently Selected:
Eóin 21: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.