Exodus 12
12
Caibidil XII.
Do ordaiġ Día an cásg. 29 Tainig an deaċṁaḋ pláiġ. 31 Ċuaiḋ sé céd míle fear amaċ as Egipt.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, agus re Háaron a gcríċ na Hégipte, dá ráḋ,
2Is í an ṁíse ḃías aguiḃsi na tosaċ míos: is í ḃus céad ṁí don ḃlíaḋuin díḃ.
3Laḃruiḋsi re coṁṫional Israel uile, ga ráḋ, An deaċṁaḋ lá don míse glacfuiḋ síad ċuca gaċ áonduine aca úan, do réir ṫiġe a naiṫreaċ, úan, ar son gaċ éintiġe.
4Agus má ḃíonn an teaġlaċ ro ḃeag do núan, glacaḋ seision é agus a ċoṁarsa is foigse ḋá ṫiġ do reir uiḃre na nannman; do ḋéanuiḋ gaċ áonduine do réir mar íosas sé do ċuntas ar son a nuáin.
5Biáiḋ ḃur nuáin gan toiḃéim, firionnaċ don ċéidḃliaḋuin: beanfuiḋe ó na cáorċuiḃ, nó ó na gaḃruiḃ é:
6Agus coinneoċtáoi aguiḃ é go nuige an cceaṫramaḋ lá déag don ṁí ċéadna: agus muirfiḋ coṁċruinniuġaḋ iomlán ṗobuil Israel é tráṫnóna.
7Agus glacfuiḋ síad cuid do nfuil, agus buáilfid í ar ḋá ursoinn agus ar ḟárdorus na ttiġṫeaḋ, a níosuid síad é.
8Agus íosuid síad a nfeóil a noiḋċe sin, rósta ré teiniḋ, agus arán gan laiḃín; re luiḃeannuiḃ searḃa íosuid síad é.
9Ná hiṫiḋ éinní ḋe aṁ, nó bruiṫe le huisge ar éanċor, aċd rosta lé tiniḋ; a ċeann maille re na ċosa, agus maille ré a mbeanann ris.
10Agus ní ḟuigfiḋe éinni ḋe go maidin; agus an ṁéid ḃías gan iṫe ḋe go maidin loisgfiḋe é le teiniḋ.
11Agus is mar so íostáoi é: maille re ḃur ḃforḋronnuiḃ criosluiġṫe, ḃur mbróga ar ḃur ccosuiḃ, agus ḃur mbata an ḃur láiṁ; agus íostáoi go deiṫneasaċ é; sé cáisg an TIĠEARNA é.
12Oír raċa misi tré ċríċ na Hégipte a noċd, agus buáilfead a nuile ċéidġin aittír a Négipt, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ; agus daiṁḋeóin uile ḋée na Hégipte cuirfeaḋ breiṫeaṁnus a gcríċ: as misi an TIĠEARNA.
13Agus biaiḋ a nfuil aguiḃse mar ċoṁarṫa ar na tiġṫiḃ a mbeiṫí: agus a nuáir do ċífe misi a nfuil, raċa mé ṫoruiḃ, agus ní ḃía an ṗláiġ oruiḃ da ḃur marḃaḋ, a nuáir ḃuáilfeas mé críoċ na Hégipte.
14Agus biáiḋ an lása aguiḃsi mar ċuiṁne: agus cuiṁdeoċṫáoi é mar ḟéusda don TIĠEARNA ar feaḋ ḃur sáoġuil; cuiṁdeoċṫáoi é mar ḟeúsda maille ré hórduġaḋ síorruiḋe.
15Seaċd lá íostáoi arán gan laiḃín; eaḋon an ċead lá cuirfíḋe amaċ an laiḃín as ḃur ttiġṫiḃ: óir cioḋ bé ar ḃiṫ íosas arán laiḃín ón ċead lá go nuige an seaċdṁaḋ lá, gearrḟuiġear amaċ an tanam sin ó Israel.
16Agus a ċead lá bíoḋ aguiḃ coṁġairm náoṁṫa, agus air a seaċdṁaḋ lá bioḋ agaiḃ coṁġairm náoṁṫa: ní ḋéantar éinġné oibre ionta aċd aṁáin an ní ċaiṫfeas gaċ aonduine diṫe, sin aṁain is éidir liḃ a ḋéanaṁ.
17Agus cuiṁdeoċṫáoi féusda a naráin gan laiḃín; óir is ann sa ló ċéadna sin tug misi ḃur sluaġ amaċ as críċ na Hégipte: uime sin coiṁéud fáoi an lása feaḋ ḃur sáoġuil maille re hórduġaḋ síorruiḋe.
18Ann sa ċéad ṁí ar an cceaṫraṁaḋ lá déug don ṁí traṫnóna íostáoi arán gan laiḃín, nó go ttí an táonṁaḋ lá fiċiod don ṁi tráṫnóna.
19Ar feaḋ seaċd lá ní ḟuiġṫear laiḃín ar biṫ an ḃur ttiġṫiḃ: óir giḋ bé ar biṫ íosas é an a bfuil laiḃín, gearrfuiġear go háiriġe an tanamsin amaċ ó ċoiṁṫionól Israel, maḋ coiṁiġeaċ é nó duine rugaḋ san tír.
20Ni íostai éinni ar a mbía laiḃín; an ḃur nuile ṫigṫiḃ íostáoi arán gan laiḃín.
21Ann sin do ġoir Maóisi ar uile ṡinnsear Israel, agus a duḃairt ríu, Tigiḋ amaċ, agus glacuiḋ ċuguiḃ úan do réir ḃur muinntire, agus marḃuiḋ an casg.
22Agus glacaiḋ ceanglaċán iosóipe, agus tumaiḋ é san ḃfuil, noċ ḃías annsa ḃaisín, agus buáiliḋ an fárdorus agus an dá ursuinn leis an ḃfuil ḃías annsa ḃáisín; agus ni raċuiḋ áonduine aguiḃ amaċ as dorus a ṫiġe go maidin.
23Oír raċaiḋ an TIĠEARNA ar faḋ do ḃúalaḋ na Hégipte; agus a nuáir do ċífe sé a nfuil ar a ḃfárdorus, agus ar a dá ursainn, géuḃuiḋ an TIĠEARNA ṫar a ndorus agus ní léigfe don ṁillteóir teaċd a steaċ ann ḃur ttiġṫiḃ dá ḃur mbúalaḋ.
24Agus coinneoċṫáoi so mar órduġaḋ ḋaóiḃ fein agus dá ḃur ccloinn go ḃráṫ.
25Agus teigeoṁuiḋ, a nuáir ṫiucfuiḋe ann sa dúṫaiġ ḃéuras an TIĠEARNA ḋíḃ, do réir mar do ġeall sé, go ccuiṁdeoċṫáoi an tserḃíse.
26Agus teigeoṁuiḃ, a nuáir a déaras ḃur cclann riḃ: Cioḋ as cíall daóiḃ annsa tserḃíse?
27Go naibeorṫáoisi Gurob í sin ioḋbuirt ċásg an TIĠEARNA, noċ do ṡeaċuin tiġṫe cloinne Israel san Négipt, a nuáir do ḃuáil se na Hégiptiġ, agus do ṡáor ar dtiġṫene. Agus do ċromadar an pobal a cinn agus do aḋradar.
28Agus do imṫiġeadar clann Israel, agus do rinneadar mar do aiṫinn an TIĠEARNA do Ṁaóisi, agus do Aáron, is mar sin do rinneadar.
29Agus táinic a ccriċ, san meaḋon oiḋċe gur ḃuail an TIĠEARNA a nuile ċéidġin a dtir a Négipt, ó ċéidġin Ṗárao noċ do ṡuiḋ na ċaṫaóir ríoġa, go céidġin na braiġde do ḃí san ṗríosún; agus a nuile ċéidġin na hairnéisi.
30Agus do éiríġ Ṗárao san noiḋċe, é féin agus a ṁuinntir uile, agus na Hégiptiġ uile, agus do ḃí gaír ġuil ṁóir san Négipt; oir ní raiḃ tiġ gan duine marḃ ann.
31Agus do ġoir sé ar Ṁaóise agus ar Aáron san noiḋċe, agus a duḃairt, Eirgiḋ súas, agus imṫiġ amaċ ó ḃeiṫ a measg mo Ṗobail, siḃ féin agus clann Israel; agus éirgiḋ, déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA, mar a duḃraḃair.
32Mar an gcéadna beiriḋ ḃur ttréada agus ḃur nealḃaḋa liḃ, mar a duḃraḃair, agus ímṫiġiḋ; agus beannuiġiḋ misi mar an gcéadna.
33Agus do ḃadur na Hégiptiġ duṫraċtaċ ar an bpobal ċum go gcuirdís amaċ as a talaṁ íad, go deiṫneasaċ: óir a duḃradar, As daóine marḃa sin uile.
34Agus rugadar na daóine a ttáos leó, suil do ḃí sé a laiḃín, air mbeiṫ dá loistiḃ fuinte ceangailte suas a néaduiġiḃ ar a ngúailliḃ.
35Agus do rinneadar clann Israel do réir ḃréiṫre Ṁaóise; agus do airliceadar óna Hégiptiḃ seóid airgid agus seóid óir, agus éaduiġe:
36Agus tug an TIĠEARNA faḃar don ṗobal a ḃfiaġnuise na Négipteaċ, ionnus go ttugaidís dóiḃ na neiṫe do íarradar orra. Agus do ṡladadar na Hégiptiġ.
37Agus do ġluaiseadur clanna Israel ó Rameses go Succot, timċioll sé cead míle fear dá ccois, taoḃ amuiġ do leanbuiḃ.
38Agus mar an gceadna do ċuadar mórán daoine cumaisce leó súas; agus tréada agus ealḃaḋa, róṁóran áirnéise.
39Agus do ḃruiṫeadar bairġeana gan laiḃín don táos noċ ṫugadar leó amaċ as a Négipt, óir ní raiḃ laiḃín air: óir do dingeaḋ amaċ as a Négipt íad, agus níor ḟéadadar fuireaċ, ní mó do ullṁuiġeadar bíaḋ ar biṫ ḋóiḃ féin.
40Agus cuáirt ċloinne Israel, noċ do ċoṁnuiġ san Négipt, bá ceiṫre ċéad, agus tríoċad bliaḋan é.
41Agus tárlá ar gríoċnuġaḋ na gceiṫre ccéad agus na ttríoċad blíaḋan, an lá sin féin, go ttáinic a gcriċ gur imṫiġeadar sluaġ an TIĠEARNA uile amaċ as a Négipt.
42Is oiḋċe sin re coiṁeád go mór don TIĠEARNA, ar son a ttaḃairtsion ámaċ as críċ na Hégipte: sí so a noiḋċe sin an TIĠEARNA re na coiṁéad ag clannuiḃ Israel uile ann a ngeinealaċuiḃ.
43Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise agus re Háaron, Se so orduġaḋ na cásg: Ní iósaiḋ coiṁiġṫeaċ ar biṫ ḋe:
44Aċ serḃíseaċ gaċ áonduine ceinneaċṫar ar airgead, a nuair ṫimċillġeárfus tú é, ann sin íosaiḋ sé ḋe.
45Fear éanuáire nó serḃíseaċ túarusduil ni íosuiḋ sé ḋe.
46A néuntiġ aṁáin íostar é; ni ḃéura tú éinní do nfeóil amaċ as a tiġ; ni mó ḃrisfiḋe cnáiṁ ḋe.
47Do ḋéanuid coiṁṫionol Israel uile é.
48Agus a nuair do ḋéana coiṁiġṫeaċ coṁnuiġe ad ḟoċair, agus ċoiṁeadfas an ċaisg don TIĠEARNA, timċillġeárṫar a ċlánn ṁac uile, agus ann sin tigeaḋ a ḃfogus agus coiṁéadaḋ é; agus biaiḋ sé mar aon ḃearṫar san tír: oír ni íosuiḋ éainneaċ gan timċillġearraḋ é.
49Endliġeaḋ aṁáin ḃías ag an té ḃearṫar san tír, agus ag an ccoiṁiġṫeaċ ċoiṁneoċus ḃur ḃfocair.
50Marso do rinneadar clann Israel; fa mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise agus do Aáron, mar sin do rinneadur.
51Agus tárla an lá sin féin, go ttug an TIĠEARNA clann Israel amaċ as a Négipt ré na slúaġuiḃ.
Currently Selected:
Exodus 12: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.