Exodus 13
13
Caibidil XIII.
Deísteaċd an ṗobuil do Ḋía, ar na ḋaingnuiġaḋ. 21 Stiúraḋ agus didean Dé orra trés an dá ċoluṁna, neill agus ṫeineaḋ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ag raḋ.
2Coisrig ḋaṁsa gaċ én ċédġin, giḋ bé ar biṫ ḟoisceolus an ḃrú a measc ċloinne Israel, idir ḋine agus ḃeaṫaċ: is liomsa é.
3Agus a duḃaírt Maóisi ris an bpobal, Cuiṁniġiḋ an lá so, a ttangaḃair amaċ as a Négipt, as tiġ na daóirse: óir is maille re neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA amaċ siḃ as a náitse: ní hiostar arán laiḃín.
4San ló aniuġ ṫangaḃair amaċ, a mí abib.
5Agus teigéoṁuiḋ á nuair ḃéurus an TIĠEARNA siḃ go críċ na Gcanaaníteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteáċ, noċ do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃsi go ttiuḃraḋ ḋuit, fearann fa ṫuile ḃainne agus ṁeala, go gcoiṁéadfuiḋ tú an tserḃísi ann sa míse.
6Seaċd lá iósas tú arán gan laiḃin, agus annsa seaċdṁaḋ lá, biaiḋ lá sáoire don TIĠEARNA.
7Arán gan laiḃin ióstar seaċd lá; agus ní faicfiḋear arán laiḃín agad, agus ní mó cífiḋear laiḃín agad an do ċeaṫraṁnuiḃ uile.
8Agus inneósa tú dod ṁac ann sa lasin ag ráḋ, Do rinneaḋ so do ċionn an neiṫe do rinne Día riumsa, a nuáir ṫáinic mé amaċ as a Négipt.
9Agus biáiḋ mar coṁarṫa ḋuitsi ar do láiṁ, agus mar ċuiṁne eidir do ṡúiliḃ, ionnus go mbía dliġeaḋ an TIĠEARNA ad ḃéul: óir is lé láiṁ láidir ṫug an TIĠEARNA amaċ as Négipt ṫú.
10Cuiṁdeoċa tú ar a naḋḃursin an tórduġaḋas na am féin ó ḃliaḋuin go blíaḋuin.
11Agus teigeoṁuiḋ a nuáir ḃéurus an TIĠEARNA ṫú go críċ na Gcanáaníteaċ, fá mar ṁionnaiḋ sé ḋuit féin agus dod aiṫriḃ, agus do ḃéura ḋuit é.
12Go ccuirfe tú ar leiṫ don TIĠEARNA a nuile ġein osclus an ḃrú, agus a nuile ċéadṫuismeaḋ ṫig ó ḃeaṫaċ noċ is leaċtsa; na firionnuiġ is leis anTTIĠEARNA.
13Agus gaċ én ċéd ṡearraċ assail fuáisgéola tú é le húan; agus muna ḟúasglair é, ann sin brisfe tú a ṁuinéul: agus a nuile ċédġein ḃearṫair do ḋuine a measg do ċloinne, fuáisgéola tú é.
14Agus biáiḋsin a nuair ḟíafroċas do ṁac ḋíot sa naimsir atá ag teaċd, ag ráḋ, Cread é so? Go naibéora tú leis, le neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA sinne amaċ as a Négipt, ó ṫiġ na daóirse:
15Oir tarla a nuair, fár ḋeacair le Ṗárao léigean dúinn imṫeaċd, gur ṁarḃ an TIĠEARNA a nuile ċédġin a ccríċ na Hégipte, araon cédġin an dúine, agus cédġin a nainṁiḋe: uime sin do ním ioḋbuirt don TIĠEARNA, a nuile ḟirionnaċ ḟosclas an ḃrú; aċ cédġin mo ċloinne fúasgluim.
16Agus biaiḋ na ċoṁarṫa ar do láiṁ, agus mar éadanán idir do ṡuiliḃ: óir le neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA, amaċ sinn as a Négipt.
17Agus tárla, a nuáir do léig Ṗárao don Ṗobal imṫeaċd, naċ ar ṫréoruiḋ Día iad tré ṡliġe talṁan na Ḃṗilistíneaċ, giḋ go raiḃ sin aiṫġearr: óir a duḃairt Día, Deágla go tteigéoṁaḋ go mbía aiṫreaċus ar an bpobal a nuair do ċífidís cogáḋ, agus go ḃfillfeidís do Négipt:
18Aċ do ṫréoruíḋ Dia an pobal fá ccuáirt tré ṡliġe ḟásuiġ na Mara ruáiḋe: agus do ċúadar clann Israel suás uġmuiġṫe amaċ as críċ na Hégipte.
19Agus rug Maóisi cnáṁa Ióseṗ leis: óir tug sé mionna ar ċloinn Israel ag raḋ, Tiucfa Día go deiṁin dá ḃur ḃfiosruġaḋ; agus béurṫáoi mo ċnáṁasa as so liḃ.
20Agus do ġluáiseadar ó Succot, agus do rinneadar foslungṗuirt a Netam, a nimeal a nfásuiġ.
21Agus do ċuáiḋ an TIĠEARNA rompa san ló a bpíleir néill, do ṁúnaḋ na sliġeaḋ ḋóiḃ agus sa noiḋċe a bpíleir ṫíneaḋ, do ṫaḃairt soluis dóiḃ, do imṫeaċd do ló agus doiḋċe.
22Níor ċorruiġ sé úaṫa an piléir néill san ló, nó an piléir tineaḋ sa noidċe, as fiaḋnuise an ṗobuil.
Currently Selected:
Exodus 13: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.