YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 1

1
Caibidil I
Sinsiorraċd, 18 geineaṁuin, 21 agus miniuġadṫ ainm Ċriosd.
1Leaḃar ġeinealuiġ Iósa Críosd, ṁic Ḋaiḃi, ṁic Abraham.
2Do ġein Abraham Isaac; agus do ġein Isaac Iacob; agus do ġein Iacob Iúdas agus a ḋearḃráiṫre; 3Agus do ġein Iúdas Ṗáres agus Sára ó Ṫamar; agus do ġein Ṗáres Esrom; agus do ġein Esrom Aram; 4Agus do ġein Aram Aminadab; agus do ġein Aminadab Náason; agus do ġein Náason Salmon; 5Agus do ġein Salmon Boos ó Raċab; agus do ġein Boos Obed ó Rút; agus do ġein Obed Iesse; 6Agus do ġein Iesse Dáiḃi an rí; agus do ġein Dáiḃi an ri Solomon on mnáoi do ḃi ag Urías; 7Agus do ġein Solomon Robóam; agus do ġein Robóam Abía; agus do ġein Abía Asa; 8Agus do ġein Asa Iósaṗat; agus do ġein Iósaṗat Ióram; agus do ġein Ióram Osías 9Agus do ġein Osías Ióatam; agus do ġein Ióatam Aċas; agus do ġein Aċas Eseċias 10Agus do ġein Eseċías Manasses; agus do ġein Manasses Amon; agus do ġein Amon Iosías; 11Agus do ġein Iosías Ieċonías agus a ḋearḃráiṫre, ag bruid na Babilóine. 12Agus tar éis bruide na Babilóne, do ġein Ieċonias Salatiel; agus do ġein Salatiel Sorobabel 13Agus do ġein Sorobabel Abiúd, agus do ġein Abiúd Eliaċim; agus do ġein Eliáċim Asor; 14Agus do ġei Asor Sádoc; agus do ġein Sádoc Aċim; agus do ġein Aċim Eliúd; 15Agus do ġein Eliúd Eleasar; agus do ġein Eleasar Mátan; agus do ġein Mátan Iácob; 16Agus do ġein Iácob Ióseṗ fear Ṁuire, as ar geineaḋ Iósa, da ngoirṫear Críosd.
17Uime sin a nuile ġeinealaċ ó Abraham go Dáiḃi is ceiṫre ġeinealaċ dég iad; agus ó Ḋáiḃi go bruid na Babilóne ceiṫre glúine dég; agus ó ḃruide na Babilóne go Ċríosd ceiṫre glúine dég.
18Agus is mar so do ḃí geineaṁuin Iosa Ċríosd: Oir tar éis daingin do ṫaḃairt eidir a ṁaṫair Muire agus Ioséṗ, ní is táosga na ṫangadar a ngar dá ċeile fríoṫ torraċ í ón Spiorad Náoṁ. 19Aċd ar mbeiṫ do Ióseṗ a fear, na ḋuine coṁṫrum, agus nár ḃáill leis isiompláir do ḋéanaṁ ḋi, bá mían ris a cur úaḋ ós íseall 20Agus ag smúaineaḋ na neiṫise ḋó féuċ, do ḟoillsiġ aingeall an Tiġearna e féin dó a naisling, ag ráḋ, A Ióseṗ, ṁic Ḋáiḃi, na bíoḋ eagla ort do ḃean fein Muire do ġaḃáil ċugad; oir an ni atá ar na ġeineaṁuin innte is ón Spiorad Náoṁ é. 21Agus béaruiḋ sí mac, agus do ḃéaruiḋ tú Iosa dainm air: óir sláineoċaḋ sé a ṗubal féin ó na bpeacuiġiḃ. 22Agus do rinneaḋ so uile, do ċum go gcoiṁlíonfuiġṫe an ní a duḃairt an Tiġearna tres an ḃfaiḋ, ag ráḋ, 23Taḃair dod aire, bíaiḋ maiġdean tórraċ, agus bearuiḋ sí mac, agus do ḃéaruiḋ tú Emmanuel dainm air, noċ ar na ṁiniuġaḋ, iseaḋ, Día maille rinn. 24Agus ar músglaḋ do Ióseṗ as a ċodlaḋ do rinne sé mar do aiṫin aingeal an Tiġearna ḋe, agus do ġaḃ sé ċuide a ḃean: 25Agus nior aiṫin sé í no go rug sí a céudṁac: agus tug sé Iosa dainm air.

Currently Selected:

Ṁaṫa 1: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in