Ṁaṫa 12
12
Caibidil XII
Gur fear trócaire no ioḋbairt, 22 gur ċuir Críosd naġaiḋ na ndeaṁan, mar ḟúaṫ riu, 31 agus gur ro ḃáoġlaċ ḃiṫ tarcuisneaċ ar an Spiorad Naoiṁ.
1Do ċúaiḋ Iósa fá námsin an sá tsáoire ṫird na gortaiḃ; agus do ḃí ocras air a ḋeisgiobluiḃ, agus do ṫionnsgnadar déasaċ do ḃúain, agus a niṫe. 2Agus an tan do ċoncadar na Ṗáirisiniġ so, a duḃradar risean, Féuċ, do ní do ḋeisgiobail ní naċ coir do ḋéanaṁ ann sá tsáoire. 3Agus a duḃairt seision ríu, A né nár léaġaḃair créd do rinne Dáiḃi, an tan do ḃí ocras air féin, agus ar an ṁuinntir do ḃí ná ḟarraḋ; 4Ciondas do ċúaiḋ sé a sdeaċ go tiġ Dé, agus do iṫ sé aráin ná híoḋbarṫa, nar ċeaduiġṫeaċ ḋó féin, ná don droing do ḃí na ḟoċair diṫe, aċd do na sagartaiḃ a ṁáin? 5No a né nár léaġaḃair ann sa dliġeaḋ, go mbrisid na sagairt ann sa tteampoll an tsáoire lá na sabboíde, agus go ḃfuilid neiṁċiontaċ? 6Aċd a deirim riḃ, Go ḃfuil neaċ is mó na an teampoll ann so. 7Agus da mbeiṫ a ḟios agaiḃ créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam, agus ní híoḋbairt, ní ḋaimnéoċaḋ siḃ na daóine neiṁċiontaċa. 8Oír a sé Mac ann duine Tiġearna na sabbóide féin.
9Agus tar éis imṫeaċda as sin do, ṫáinic sé dá sionagóig súd. 10Agus, féuċ, do ḃí duine an nag a raiḃ laṁ ṡeargṫuiġe. Agus do ḟiofruiġeadar ḋe, ag ráḋ, An ceaduiġṫeaċ leiġeas do ḋéanaṁ annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air. 11Aċd a duḃairt séisean ríu, Cía agaiḃsi duine, agá mbíaḋ áonċáora a ṁáin, agus dá dtuiteaḋ sí air an tsaoire a bpoll, naċ mbéaraḋ uirrṫe, agus naċ dtoigeaḃaḋ a niós í? 12A né naċ mór is fear duine na cáora? Ar a naḋḃarsin is ceaduiġṫeaċ maiṫ do ḋéanaṁ air an tsáoire. 13Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a maċ do láṁ. Agus do ṡin; agus do ḃí sí ar na haiseag slán, mar an láiṁ eile.
14Agus ar ndul a maċ do na Ṗarisineaċaiḃ, do ċúadar a gcoṁairle na aġaiḋsean, do ċum go millfidís é. 15Agus an tan do aiṫin Iósa so, do imṫiġ sé as sin: agus do lean slúaġ mór é, agus do ṡlánaiġ sé íad uile; 16Agus do rinne sé bagar orrṫa do ċum naċ déanaidís follus é. 17Do ċum go gcoiṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ tré Esaías faiḋ, a deir, 18Féuċ mo ṡéarḃḟoġantuiḋe féin, do ṫoġ mé; mo ġráḋ féin, dá ḃfuil toil ṁór ag manam: cuirfiḋ mé mo spiorad féin air, agus inneósuiḋ sé breiṫeaṁnus do na Cineaḋaċaiḃ. 19Ní ḋéanaiḋ sé ceannairc, ní ḋéanaiḋ sé éiṁġe; agus ní ċluinfiḋ neaċ ar biṫ a ġúṫ air na sráidiḃ. 20Ní ḃrisfiḋ sé giolcaċ brúite, agus ni ṁúċaiḋ sé lion do ní deataċ, nó go dtuguiḋ sé breiṫeaṁnus ċum búaḋa. 21Agus is ann a ainmsean ḃiás muiniḋin ag na Cineaḋaċuiḃ.
22Tugaḋ ċuige an tansin duine ann a raiḃ deaṁan, do ḃí dall, agus balḃ: agus do ṡlánaiġ sé é, ionnus gur laḃair an balḃán agus go ḃfacuiḋ an dall. 23Agus do ġaḃ iongantus an pubal uile, agus a duḃradar, A né naċ é so mac Ḋáiḃi? 24Agus an tan do ċúaladar na Ṗairisiniġ so, a duḃradar, Ni ṫeilgeann an féarso na deaṁain amaċ, aċd tré Ḃeilsebub prionnsa na ndeaṁan. 25Aċd an tan do aiṫin Iósa a smúaintiġṫe, a duḃairt sé riu, Gaċ rioġaċd atá roinnte na haġaiḋ féin biáiḋ sí na fásaċ; agus gaċ uile ċaṫair nó teaġ a tá roinnte na aġaiḋ féin ní ṡeasfuiḋ sé: 26Agus ma ṫeilgeann Satan, Santan a maċ, a tá sé roinnte na aġaiḋ féin; ar a naḋḃarsin cionnus anfus a ríoġaċd na seasaṁ? 27Agus mas le cuṁaċdaiḃ Ḃeilsebub ṫeilgimsi a maċ na deaṁain, cía lé a dteilgid ḃur gclannsa a maċ úid? air a naḋḃarsin béid siadsan na mbreiṫeaṁuin oraiḃse. 28Aċd más lé Spioruid Dé ṫeilgimsi a maċ na deaṁain, ṫáinic rioġaċd Dé ċugaiḃsi go deiṁin. 29No cionnas is éidir lé héinneaċ dul go tiġ ḋuine láidir, agus a airnéis tiġe dfúadaċ leis, muna gceangluiḋ sé ar tús an duine láidir? agus ann sin sladfuiḋe sé a ṫiġ. 30Gioḋ bé naċ ḃfuil leamsa a tá sé a maġaiḋ; agus gioḋ bé naċ ccruinniġeann leamsa scahuiġe sé.
31Air a naḋḃarsin a deirim riḃ, Go maiṫfiḋṫear gaċ peacaḋ agus gaċ blasṗeíme do na dáoiniḃ: giḋeaḋ ní maiṫfiḋṫear do na dáoiniḃ, blasṗeíme a naġaiḋ an Spiorad Naóiṁ. 32Agus gioḋ bé neaċ a déaraiḋ focal a naġaiḋ Ṁic an duine, maiṫfiḋṫear ḋó é: aċd gioḋ bé neaċ laiḃéoras a naġaiḋ an Spiorad Naóiṁ, ní maiṫfiḋṫear ḋó é, ann sa tsáoġalso, ná ann sa tsáoġal a tá a teaċd. 33Ceaċdar do ḋa ní, déanaiḋ an crann maiṫ, agus a ṫoraḋ maiṫ; no déanaiḋ an crann loḃṫa, agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir is as a ṫoraḋ aiṫéantar an crann. 34An ṡlioċd na naiṫreaċ neiṁe, cionnas is éidir liḃ neiṫe maiṫe do laḃairt, ó a tá siḃ féin go holc? Óir is as anlán an ċroiḋe laḃrus an béul. 35Do ḃeir an duine maiṫ neiṫer maiṫe as cisde maiṫ a ċroiḋe: agus do ḃeir an droċḋuine droiċneiṫe as a ḋroiċċisde. 36Aċd a deirim riḃ, Go dtioḃraid na dáoine cúntas úaṫa lá an ḃreiṫeaṁnuis, ar son gaċ aóinḃreiṫre díoṁaóiniġe dá laiḃéoraid síad. 37Oír is as do ḃríaṫruiḃ ṡáorfuiḋṫear ṫú, agus is as do ḃrúaṫruiḃ daiméontar ṫú.
38Ann sin do ḟreagradar dream do na sgríobuiḋiḃ agus do na Ṗairisíneaċaiḃ, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, is mían linn coṁarta dfaicsin úait. 39Aċd ar ḃreagra ḋósan, a dúḃairt sé ríu, Iarruiḋ an geinealaċ olc agus aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋóiḃ, aċd an coṁarṫa úd Iónas an ḟaiḋ: 40Oír mar do ḃí Ionás a mbroinn an ṁíl ṁóir trí lá agus trí oiḋċe: is mar sin ḃías Mac an duine gcrioḋe na talṁan tri lá agus trí oiḋċe. 41Eiréoċaiḋ luċd Nineḃeh a mbréiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimneoċaid síad é: óir do rinneadarsan aiṫriġ ag seanmoir Iónas; agus, féuċ, a tá neaċ is mó ná Iónas ann so. 42Eíreoċuiḋ bainríoġan an táoiḃe buḋ ḋead a mbreiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimnéoċuiḋ sí é: óir ṫainic sisí ó leiṫimealuiḃ na talṁan déisdeaċd re heagna Ṡolaiṁ; agus, féuċ, a tá neaċ as mó ná Solaṁ ann so. 43Tar eís dul don spioraid neaṁġlain as an duine amaċ, síoḃluiḋ se ṫrí ionadaiḃ tíorma, ag iárraiḋ suáiṁnis, agus ní ḟaġann é. 44A deir sé an tansin, Fillfiḋ mé do ṫiġ, as a ttainic mé; agus tar éis teaċda ḋó, do ġeiḃ sé foluṁ, sgúabṫa, deaġṁaiseaċ é. 45Imṫiġiḋ sé an tansin, agus do ḃeir sé seaċd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeaċ áitriġid síad ann sin: agus is measa críoċ ḋeiġeanaċ an duine úd ná a ṫosaċ. Agus is mar sin teigeaṁas don droiċġeinealaċso.
46Agus ar mbeiṫ ḋó fós ag laḃairt ris an bpubal, féuċ, do ṡeasadar a ṁaṫair, agus a ḋearḃraiṫreaċa a muiġ, ag íarraiḋ laḃarṫa ris. 47Agus a duḃairt neaċ eigin ris, Féuċ, a tá do ṁaṫair agus do ḋearḃraiṫreaċa na seasaṁ a muiġ, ag íarraiḋ laḃarṫa riot. 48Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris an té do innis so ḋó, Cía hí mo ṁaṫair? agus cía hiad mo ḋearḃraiṫreaċa? 49Agus síneaḋ a láiṁe ċum a deisciobal dó, á duḃairt sé, Féuċ mo ṁaṫairsi agus mo ḋearḃraiṫreaċa! 50Oír gioḋ be neaċ do ḋéanaiḋ toil Maṫarsa a tá air neaṁ, a sé so mo ḋearḃraṫairsi, agus mo ḋeirḃṡíur, agus mo ṁaṫair.
Currently Selected:
Ṁaṫa 12: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.