Ṁaṫa 22
22
Caibidil XXII
Cuíreaḋ ċum banais ṗósda Ṁic an ríġ ṁóir. 15 Agus frégarṫa, ionacceastannuiḃ craipliḋeaċ.
1Agus ar ḃfreagra Diósa, do laḃair sé a rís riu a gcosṁalaċdaiḃ, ag ráḋ, 2Is cosṁuil an flaiṫeas neaṁḋa ré ríġe aíriġṫe, do rinne banais ṗósda dá ṁac féin, 3Agus do ċuir sé a ṡearḃḟoġantuiḋe do ġairm na muinntire fúair cuireaḋ ċum na bainnse: aċd niór ḃáill leósan ṫeaċd. 4A rís, do ċuir sé ṡearḃḟoġantuiḋe eile ċuca, da ráḋ, Abruiġsi ris an ṁuinntir úd dár tugaḋ cuireaḋ, Féuċ, do ullṁuiġ mé mó ḋínnéir; á táid mo ḋaiṁ agus mainṁinntiġe bíaḋta ar na marḃaḋ, agus a tá gaċ uile ní ullaṁ: tigiḋ ċum na bainnse. 5Aċd tugadarsan failliġe an so, agus do imṫiġeadar, fear ḋíoḃ dá ḟearann féin, agus fear eile ċum a ċeannuiġeaċda: 6Agus rugadar an ċuid eile ḋíoḃ ar a ṡearḃḟoġantuiḋiḃsean, agus tugadar easonóir ḋóiḃ, agus do ṁarḃadar íad. 7Agus an tan do ċúalaiḋ an rí so, do ġaḃ fearg e: agus ar gcur a ṡlúaġṫe úaḋ, do sgrios sé an luċd dúnṁarḃṫa úd, agus do loisg sé a gcaṫair. 8A deir sé an tansin ré na ṡearḃḟoġantuíġiḃ, Go fírinneaċ a tá an ḃannis ullaṁ, giḋeaḋ an dream fúair an cuireaḋ niór ḃfiú iád é. 9Ar a naḋḃarsin imḋiġsi a gcoṁrac na ród, agus giḋ bé ar biṫ dáoine do ġeaḃṫáoí ann, goiriḋ ċum na bainnse íad. 10Agus ar ndul a maċ do na searḃḟoġantuíḋiḃ ar na sliġṫiḃ, do ċruinniġeadar gaċ uile ḋuine da ḃfuáradar, eidir olc agus maiṫ: agus do líonaḋ teaġ na bainnsé do aóiḋeaḋiḃ do ṡuiḋ ċum bíḋ.
11Agus ar ndul a sdeaċ do ríġ dféaċain ar a luċ cuiriḋ, do ċonnairc sé duine an nag naċ raíḃ éadaċ bainnse uime: 12Agus a deir sé ris, A ċompánuiġ, cionnas ṫáinic tusa a sdeaċ ann so gan éadaċ bainnse umad? Aċd ní raiḃ áonḟocal aigesean. 13A duḃairt an rí ré na ġiollaiḋiḃ an tráṫsin, Ar gceangal a ċos agus a láṁ súd, tóguiḋ é, agus teilgiḋ ann sa dorċadus a muiċ é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal. 14Oír atá mórán ar na ngairm, agus beagán ar na dtoġa.
15Ag imṫeaċd ann sin do na Ṗarisíneaċaiḃ, do ċúadar a gcoṁairle cionnas ġéaḃadis é iona bríaṫruiḃ 16Ar a naḋḃarsin cuirid síad a ndeisciobuil féin ċuige maille ré muinntir Iorúaiṫ, ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinn gur ab duine fírinneaċ ṫusa, agus go dteagasgann tú slíġe De go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonnduine: óir ní ḟéaċann tú do ṗearsain na ndáoine. 17Ar a naḋḃarsin innis dúinne, créd do ċíṫear ḋuit? An cóir cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, no gan a ṫaḃairt? 18Agus ar naíṫne a mailíse Diósa a duḃairt sé, Créd fa a gcuirṫí caṫuġaḋ oram, a luċd an ḟúarċráḃaiġ? 19Taisbéanuiḋ ḋaṁ airgead an ċíosa. Agus tugadarsan, piġinn ċuige. 20Agus a duḃair sé ríu, Cía dár ab íoṁáiġ so agus cía ré a mbeanann an sgríḃinn so na ṫimċeall? 21A deiridsean ris, Ré Séasar. A deir seasean ríu, an tráṫsin, Ar a naḋḃarsin taḃuiḋ do Ṡéasar na neiṫer is lé Séasar; agus na neiṫer is lé Día do Ḋía. 22Agus ar na ċluinsin so, do ġaḃ iongantus íad, agus ar sgur ḋe, do imṫiġeadar.
23An lásin féin tangadar na Saduicíniġ, a deir naċ ḃfuil eiseirġe ann ċuige, agus do ċuireadar ceisd air, 24Ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a duḃairt Máoisi, Dá ḃfagaḋ aonnduine bás, gan ċloinn aige, pósfuiḋ a ḋearḃraṫair a ḃen do ḋliġeaḋ coṁḟoguis, agus tóigeaḃuiḋ sé siól dá ḋearḃráṫair. 25Agus do ḃádar móirṡeisear dearḃráṫar eadrainne: agus tar éis mná do ṫaḃairt don ċéad duine, fúair sé bás, agus an tan naċ raiḃ slioċd aige, do ḟágaiḃ sé a ḃean agá ḋearḃráṫair: 26Agus déirġe mar an gcéadna don dara, agus don treas dearḃráṫair, go soiṫe an seaċdṁaḋ dearḃráṫair. 27Agus na ndiáiġ úile fúair an ḃean bás. 28Ar a naḋḃarsin ann sa neiséirġe, cía don ṁóirṡeisear da maḋ bean í? óir do ḃí sí aca uile. 29Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé ríu, A tá siḃ ar seaċrán, gan éolus na sgrioptúr, na ċúṁaċd Dé agaiḃ. 30Oír ann sa neiséirġe ní ṫaḃruid fir mná, agus ní tugṫar mná dfearaiḃ, aċd a táid síad mar aingliḃ Dé ar neaṁ. 31Aċd a né naċ ar léaġaḃair an ní a duḃairt Día riḃ, a dtimċeall eiséirġe ná marḃ, ag ráḋ, 32Is misi Día Abraham, agus Día Isáac, agus Día Iácob? ni hé Día Dia na marḃ, aċd na mbéo. 33Agus an tráṫ do ċúaluiḋ an pobal sin, do ġaḃ iongnaḋ iád tré na ṫeagasgan.
34Agus an tán do ċúaladar na Ṗairisíniġ gur ċuir sé na Saduisíniġ na dtoċd, do ċruinniġeadar a gceann a ċéile. 35Agus do ċuir doctúir dliġe áiriġṫe ḋióḃsan, ceisd air, dá ṫeasduġaḋ, agus ag ráḋ, 36A Ṁaiġisdir, cía hí a naiṫne is mó sa dliġeaḋ? 37Agus a duḃairt Iósa ris, Gráiḋeóċuiḋ tú do Ṫiġearna Día léd ċroiḋe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiuġaḋ uile. 38A sí so an ċéad aiṫne, agus a naiṫne ṁór. 39Agus is cosṁuil an dara háiṫne ría so, Gráiḋeóċuiḋ tú do ċoṁarsa mar ṫú féin. 40Is ann sa dá aiṫnese atá suim an dliġe, agus na ḃfáiḋeaḋ.
41Agus an tan do ḃádar na Ṗarisiniġ cruinn a ḃfoċair a ċeile, do ḟíafruiḋ Iósa ḋíoḃ, 42Ag ráḋ, Créd do ċiṫear ḋíḃse a dtimċeall Ċriósd? cía dár ṁac é? A deiridsean ris, Mac Ḋáiḃí. 43A deir seisean ríu, Ma seaḋ cionnas ġoireas Daiḃí san spioruid Tiġearna ḋe, ag ráḋ, 44A duḃairt an TIĠEARNA rém Ṫiġearna sa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, no go gcuire mé do náiṁde na sdol fád ċosuiḃ? 45Ar a naḋḃarsin ma ġoireann Dáiḃí Tiġearna ḋe, cionnas a tá sé na ṁac aige? 46Agus níor ḃéidir lé háonnduine freagra ar biṫ do ṫaḃairt air, agus níor laṁ éinneaċ ón lásin suás ní ar biṫ dfíafruiġe ḋe.
Currently Selected:
Ṁaṫa 22: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.