YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 27

27
Caibidil XXVII
Eaċdarḋa attáoḃ ṗáis, 50 Ḃáis. 66 agus Aḋlaicṫe Ċríosd.
1Agus ar tteaċd na maiden, do ċúadar na hárdsagart, agus sinnsir an ṗobuil uile a ccoṁuirle a naġuiḋ Iósa ionnas go ccuirfidis ċum báis é: 2Agus na ċeangal ḋóiḃ, rugadar léo é, agus ṫugadar do Ṗóinnsius Piláit an túaċdarán é.
3Ann sin mar do ċonnairc Iúdas, do ḃraiṫ é, gur damnuiġeaḋ é, do ġaḃ aiṫreaċas e, agus do aisig sé na deiċ bpiósa ḟiṫċead airgid do na hárdsasgartuiḃ agus do na sinnsearuiḃ, 4Ag ráḋ, Do ṗeacaiġ mé ag braṫ na fola neiṁċiontaiġ. Aċd a duḃradarsan, Créd é sin dúinne? Féuċ féin dó sin. 5Agus ar dteilgean na bpíosaḋ airgid úaḋ ann sa teampoll, do ḋealuiġ sé ríu, agus ar nimṫeaċd do ṫoċd sé é féin. 6Aċd ar nglacaḋ an airgid do na hárdsagartuiḃ, a duḃradar, Ní coir a gcur ann sa ċisde, oir is lúaċ fola iad, 7Agus ar ndéanaṁ coṁairle ḋóiḃsean, do ċeannċadar léo maċ an ṗotadóir, do ċum eaċdrann daḋlucaḋ ann. 8Ar a naḋḃarsin goirṫear don ḟearunn úd, Fearann na fola, gus a niuġ. 9(Ann sin do coiṁlíonaḋ an ní a duḃraḋ tré Ieremías fáiḋ, ag ráḋ, Do ġaḃadar ċuca na deiċ nairgid ḟiṫċead, lúaċ an té do measaḋ, do ḃí ar ná ṁeas ó ċlannuiḃ Israél; 10Agus tugadar íad ar ṁaċ an ṗotadóir, mar dórduiġ an Tiġearna ḋaṁsa.)
11Agus do ṡeas Iósa a ḃfíaḋnuisi an úaċdaráin: agus do ḟíafruiġ an túaċdarán de, ag ráḋ, An tusa an Rí úd na Niúdaiġe? Agus a duḃairt Iósa ris, A deir tusa sin. 12Agus an tan do éliġeadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor ḟreagair sé én ní. 13A deir Pioláit ris an tansin, An né naċ ccluin tú créd a líonṁuireaċda táid so do ḋéanaṁ dfíaḋnuisi ad aġaiḋ? 14Agus ní ṫug sé freagra ar éanḟocal do: ionnus gur ġaḃ iongantus mór an túaċdarán. 15Aċd ċeana do ċleaċdaḋ an túaċdarán bráiġe do leigean a maċ lá an ḟeusda ċum an ṗobuil, an té buḋ áill léo. 16Agus do ḃí aca an tan sin braíġe ró oirḋeirc dar ḃainm Barabbás. 17Ar a naḋḃarsin ar na gcruínniuġaḋsan, a duḃairt Pioláit rui, Cia is toil liḃ do léigean ċugaiḃ? Barabbas, nó Iósa ré nabarṫar Críosd? 18Oír do ḃí a ḟios aige gur ab tré ṫnúṫ tugadar úaṫa é.
19Agus ar suiḋe ḋósan an a ccaiṫír ḃreiṫeaṁnuis, do ċuir a ḃean teaċduireaċd ċuige, ag ráḋ, Ná bioḋ búain agad ris an ḃfiréun úd: óir is mór do ḟuiling misi a níuġ a mbrionglóid ar a ṡon. 20Aċd ċeana tugadar úaċdaráin na sagart agus na sinnsir fá deara don ṗobal Barabbás diarruiġ, agus Iósa do ċur ċum báis. 21Agus ar ḃfreagra don úaċdarán a duḃairt sé ríu, Cía don días úd is mían liḃ do leígean ċugaiḃ ḋaṁ? Aċd a duḃradarsan, Barabbás. 22A duḃairt Pioláid ríu, Ar an naḋḃarsin créd do ḋéana mé ré Hiósa, re nabarṫar Críosd? a duḃradarsan uile ris, Croċṫar é. 23Agusa duḃait an túaċdarán, Créd é, an tolc do rinne se? Aċd is móide do éiġṁeadarsan, ag ráḋ, Croċṫar é.
24Agus ar ḃfaicsin do Ṗióláid naċ raiḃ tarḃa ḋó an én ní, aċd gur mó an ḃuáirt ṫáinic ḋe, ar ngaḃáil uisge ċuige, do ionnail sé a láṁa a ḃfíaḋnuisi an ṗobail, ag ráḋ, A táimsi neiṁċiontaċ ó ḟuil an ḟiréanuiġ so: féuċuiḋsi ḋiḃ féin. 25Agus ar ḃfreagra don ṗobal uile, a duḃradar, Bioḋ a ḟuil oruinne, agus air ar gcloinn.
26Do léig sé ċuca an tan sin Barabbás: agus ar sgiúrsaḋ Iósa, tug sé ċum a croċda é. 27Ann sin rugadar saiġdiúirí an úaċdaráin Iósa léo don hall ċoitċionn, agus do ċruinniġeadar an ċuideaċda ṡaiġdíur uile na ṫimċeall. 28Agus do noċdadar é, agus do ċuireadar brat córcra uime.
29Agus do ḟíġeadar coroíu spine, agus do ċuireadar fá na ċeann í, agus slat ġiolcuiġ an a láiṁ ḋeis: agus do léigeadar ar a nglúiniḃ na ḟiaḋnuisi íad, agus do rinneadar fónaṁad fáoi, ag ráḋ, Dia do ḃeaṫa, a rí na Niudaiġeaḋ! 30Agus an tan do ġaḃadar do ṡeiliġiḃ air, do ġlacadar an tslat ġiolcuiġ, agus do ḃúaileadar an a ċeann é. 31Agus an tan do rinneadar fonáṁad fáoi, do ḃeanadar an róba ḋe, agus do ċuireadar a éuduiġe féin uime, agus rugadar a maċ é ċum a ċroċda. 32Agus ar ndul a maċ ḋóiḃ, fúaradar óglaċ ó Ṡírene, dar ḃaimn Símón: agus do ċuireadar dfíaċuiḃ air dul leis do ċum a ċroiċe diomċar.
33Agus an tan tangadar gus an ionad dar ab ainm Golgótá, (is ionnan sin ré ráḋ, agus áit na cloigne,) 34Tugadar ḃíneigre agus domblas tri na ċéile ré nól ḋó: agus an tan do ḃláis sé é, níor ḃáill leis a ól. 35Agus a ndiáiġ a ċroċda ḋóiḃ, do roinneadar a éaduiġe, ag cur cranċuir orrṫa: ionnas go gcoṁlíonfuiḋe an ní a duḃraḋ ón ḟáiḋ, Do roinneadar méaduiġe ḋóiḃ féin, agus do ċuireadar crannċar ar mo ċúluiḋ. 36Agus ar suiḋe ḋóiḃ, do ċoiṁéad siad é ann sin; 37Agus do ċuireadar a ċoir ḃáis sgríoḃṫa ós a ċionn, IS E SO IOSA RI NA NIUDAIĠEAḊ. 38Do croċaḋ días gaduiḋe maille ris an tan sin, fear ar a ḋeis, agus fear ar láiṁ ċlí.
39Agus an ṁuinntir do ġaḃaḋ ṫáiris do imḋeargaidís é, ag croṫaḋ a gceann. 40Agus ag raḋ, Ṫusa lagus an teampoll, agus ċuirios súas a dtri lá é, fóir ort féin. Mas tú Mac Dé tárr a núas as an gcroiċ. 41Agus mar an gcéadna a duḃradar úaċdaráin na sagart, maille ris na sgríobuiḋiḃ agus ris na sinnsearuiḃ, ag fonáṁad fáoi, 42Do ḟóir sé ar ḋáoiniḃ eile; agus ní heidir leis é féin dḟóiriġin. Más é Rí Israél, tigeaḋ sé a núas a nois as an gcroiċ, agus creidfiomáoidne ḋó. 43Do ḃí a ḋóċus a Ndía; sáoraḋ sé é a nois, mas áill leis é: óir a duḃairt sé, Is misi Mac Dé. 44Agus tugadar na gaduiġṫe, do ċroċaḋ maráon ris, an scannail ċéadna ḋó. 45Agus do ḃí dorċadas ar an dtalaṁ uile ón seiseaḋ húair go sóiṫe an náoṁaḋ húair. 46Agus timċeall an náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ ard, ag ráḋ, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re ráḋ, Mo Ḋía, mo Ḋiá, créd far ṫréig tú mé? 47Agus ar na ċloisdin sin a duḃradar cuid dá raiḃ na seasaṁ a láṫair an sin, Atá an fearso ag gairm Elías 48Agus do riṫ fear ḋioḃ ar an mball, agus ar nglacaḋ spuinc, agus ar na lionaḋ do ḃinéigre, agus ar na ċur a dtímċeall ṡlaite ġiolcaiġ, tug sé deoċ ḋó ré nól. 49Aċd a duḃradar an ċuid eile, Léig ḋó, faiceam an dtiocfa Elías dá ṡáoraḋ.
50Agus ar néiġeaṁ a rís Díosa, do ġuṫ ṁór, do ċúaiḋ a spiorad as. 51Agus, féuċ, do réub brat roinnte an teampoíll na ḋá ċuid ó úaċdar go hióċdar; agus do crioṫnuiġ an talaṁ agus do sgoilteadar na cairgeaċ; 52Agus dosgladar na tuámaiḋe; agus déirġeadar morán do ċorpuiḃ na ndáoine náoṁṫa do ḃí na gcodlaḋ, 53Agus ar ndul a maċ as na tuámuiḋiḃ ḋoiḃ a ndiaiġ a eiséirġesean, do ċúadar a sdeaċ do ċaṫuir náoṁṫa, agus do ḟoillsiġeadar íad féin do ṁórán.
54Aċd ar ḃfaicsin an ċreaṫa talṁon, agus na neiṫeaḋ do éiriġ ann, don ċaptín agus dá raiḃ na ḟoċaír, ag coiṁéad Iósa, do ġaḃ eagla ṁór íad, ag ráḋ, Go fírinneaċ dob é so mac Dé. 55Agus do ḃadar ann sin móran ban ag féaċain air a ḃfad úaḋ, no lean Iósa ón Ġalile, ag déanaṁ seirḃise ḋó. 56Eidir a raiḃ Muire Mágdalén, agus Muire maṫair Ṡeamuis, agus Iosé, agus maṫair ċloinne Sebedeí.
57Aċd an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, táinic duine saiḋḃir ó Arimatéa, dár ḃainm Ióseṗ, do ḃí fós na ḋeisciobal ag Iósa: 58Agus do ċúaiḋ sé dionsuiġe Ṗiolaid, agus díarr sé corp Iósa. Ann sin a duḃairt Pioláid an corp do ṫaḃairt do. 59Agus an tan fúair Ióseṗ an corp, do ḟill sé línéudaċ glan na ṫimċeall, 60Agus do ċuir sé an a ṫuáma nuá féin é, noċ do ṫoċuil sé a gcarruig: agus ar niompoḋ leice moiré ḋó air ḋoruis an túama, do imṫiġ sé roiṁe. 61Agus do ḃí Muire Ṁagdalén, agus an Muire eile ann sin na suiḋe as coṁair an túama.
62Agus an lá andíaiġ a nullṁuiġṫe, do ċruinniġeadar úaċdaráin na sagart agus na Ṗairisíniġ go Píoláid, 63Ag ráḋ, A ṫiġearna, is cuiṁain linn an tan do ḃí an mealltóir úd béo, go nduḃairt sé, Eireóċuiḋ mé tair éis ṫrí lá. 64Ar a naḋḃarsin aiṫin coiṁéad do ċur ar an ttúama go ceann an treas lá, ar eagla go dtiucfaidis a ḋeisciobail annsa noiḋċe, agus go ngoidfidis é, agus gi naibéoradís ris an bpobal, Do éiriġ sé ó ṁarḃuiḃ: agus bíaiḋ an seaċrán ḋeiġeanaċ ni is measa ná an ċéud seaċrán. 65A duḃairt Pioláit ríu, Atá faire agaiḃsi: imṫiġiḋ, daingniġiḋ mar is éol dáoiḃ féin é. 66Agus ar nimṫeaċd dóiḃsean, do ḋaingniodar an túama, ar gcur coṁarṫa ar an gloiċ, maille ré faire.

Currently Selected:

Ṁaṫa 27: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in