YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 9

9
Caibidil IX
Do ṡáor Críosd daóine ó ṗeacaḋ, ó Ṗairilisi, agus iomaḋa ġalar. 36 Diarr se fós, Día ġuiḋe do ċur búaċaille amaċ ḋa eagluise.
1Agus ar ndul a loing ḋó, do ċúaiḋ sé tar uisge, agus ṫainic se da ċaṫraiġ féin. 2Agus, féuċ, tugadar fear pairilise, na luiġe air a leabaiḋ ċuiġe: agus an tan do ċunnairc Iósa a gcreideaṁ a duḃairt sé re fear na pairilisi; Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad a ṁic; ataid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit. 3Agus, féuċ, a duḃradar cuid airiġe dona sgríobaiġiḃ ionta féin, Atá an fearso a laḃairt blasṗeime. 4Agus an tan do ċunnairc Iósa a smúaintiġṫe a duḃairt sé, Créud fá smúaintiġṫisi uilc ann ḃur gcroiḋṫiḃ? 5Oír cía is usa, a ráḋ, A taid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit; nó a ráḋ, Eiriġ, agus sioḃail? 6Aċd do ċum mbeiṫ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine peacaiġ do ṁaiṫeaṁ ar an ttalaṁ, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Eriġ, tógaiḋ do leabaiġ, agus imṫiġ dod ṫiġ. 7Agus ar néirġe ḋósan, do ċúaiġ sé ḋá ṫiġ féin. 8Aċd an tan do ċunnairc an pubal an nisí, do ġaḃ iongantas íad, agus tuagadar glóir do Ḋía, ṫug a leiṫeide sin do ċuṁaċdaiḃ do ḋáoiniḃ.
9Agus an tan do ċúaiġ Iósa as a náitsin, do ċunnairc sé oglaċ, na ṡuiġe ag bord an ċusduim, dar ḃainm Maṫa, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirġe ḋó, do lean sé é.
10Agus tainic ċum críċe, ar suiḋe Diosa ċum bíḋ san tiġ, féuċ, tangadar iomad puibliocánaċ agus do ṡuiġeadar re Hiosa agus ré na ḋeisgiobluiḃ. 11Agus an tan do ċunncadar na Ṗairisiniġ sin, a duḃradar ré na ḋeisgiobluiḃsean, Créud fa niṫeann ḃur Maiġisdirsi a ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ? 12Agus an tan do ċúalaiġ Iósa so, a duḃáirt sé ríu, Ní ag an ṁuinntir a tá slán atá féiḋm ar an líaiġ, aċ dag an ṁuinntir a tá easlán. 13Aċd imṫiġ, agus foġlomaiġ a ċíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hióḋbuirt: óir ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfíréunaċ, aċd na bpeacaċ do ċum aiṫriġe.
14Ann sin tangadar deisgióbail Eóin ċuige, ag ráḋ, Créud fa a ndéunmaóidne agus na Ṗárisiniġ iomad triosge, agus naċ troisgíd do ḋeisgiobail sé? 15Agus a duḃairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an ḟir núaṗosda ḃeiṫ dóbronaċ, an feaḋ ḃios an té do pósaḋ na ḃfoċair? aċd tiocfuiḋ lá ann, a dtóigéaḃṫar an fear núaṗósda uáṫa, agus ann sin do ḋéunaid síad trosgaḋ. 16Agus ní ċuireann duine ar biṫ preaban déudaċ gan ċóruġaḋ air ṡeinéadaċ, óir beanuiḋ sé a lán féin as a néadaċ, agus do neíṫear an briseaḋ ní is measa. 17Agus ní ċuirid daóine fíon núa a seanḃuidéulaiḃ: nó brisdear na buidéil, agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil a múġa: aċd cuirid síad fíon núa a mbuidéulaiḃ núaḋa, agus bíd síad aráon slán.
18Agus a laḃairt na neiṫeannso ḋó ríu, féuċ, ar tteaċd dúaċdarán aíriġṫe ċuige, do onóruiġ é, ag raḋ, Fúair minġean bás ar an mball: aċ tarrsa agus cuir do láṁ uirrṫe, agus biáiḋ sí béo. 19Agus ar neírġe Diósa, do lean sé féin, agus a ḋeisgiobail é.
20(Agus, féuċ, ṫáinic bean, ar a raiḃ dórtaḋ fola le ḋá ḃliáḋain déag, táoḃ ṡiar ḋe, agus do ċumail sí lé imeal a éudaiġ: 21Oír a duḃairt sí innte féin, Ma ḃeanaim lé na eúdaċ a ṁaín, biaíḋ mé slán. 22Agus ar ḃfilleaḋ Diósa agus ar na faicsinsean dó, a duḃairt sé, Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad, a inġean; do ṡlánaiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus do ḃí an ḃean slán ó a nuáirsin a maċ.) 23Agus an tan ṫáinic Iósa go tiġ a núaċdaráin, agus do ċunnairc se an luċd céoil agus an ċuideaċda ag déunaṁ míoṡúaiṁnis, 24A deir sé ríu, Imṫiġiḋ roṁaiḃ: óir ní ḃfuil an cailin marḃ, aċd na codlaḋ. Agus do rinneadarsan fonóṁad faoi. 25Agus an tan do cuireaḋ an ċuideaċda a maċ, do ċúaiḋ sé a sdeaċ, agus rug sé air láiṁ uirrṫe, agus do éiriġ an cailín. 26Agus do ċuáiġ an tásgsa a maċ ar feaḋ na talṁansin uile.
27Agus an tan do imṫiġ Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éiṁġe, agus ag ráḋ, Déuna trócaire oruinn, a ṁic Ḋáiḃi. 28Agus an tráṫ ṫáinic sé a sdeaċ do tiġ, tangadar na doill ċuiġe: agus a deir Iósa ríu, An gcreidṫí gur ab eídir leamsa so do ḋéanaṁ? A deirid siádsan ris, Creidmíd, a Ṫiġearna. 29Ann sin do ḃean sé ré na súiliḃ, ag ráḋ, Teagṁaḋ ḋáoiḃ do réir ḃur gcreidiṁ. 30Agus do hosglaḋ a súile; agus do ḃagair Iósa go géur orrṫa, ag ráḋ, Taḃraiḋ ḋa ḃur naire naċ ḃfuiġe duine ar biṫ a ḟios so. 31Aċd ar ndul a maċ ḋóiḃsean, so leaṫnuiġeadar a ċlúsan fan ttalaṁsin uile.
32Agus an tan do ċúadarsan a maċ, féuċ, tugadar duine balḃ ċuige ann a raiḃ deaṁan. 33Agus tar éis an deaṁan do ṫeilgean a maċ, do laḃair an balḃán: agus do ġaḃ iongantas an pubal, ag ráḋ, Ní ḃfacas a leiṫéide so a Níosrael ríaṁ. 34Aċd a duḃradar na Ṗairisiniġ, Tre ṗrionnsa na ndeaṁan ṫeilgeas sé an maċ na deaṁain. 35Agus do ġaḃ Iósa timċeall gaċ uile ċaṫraċ agus baile, ag teagasg ann a sionagógaiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánuġaḋ gaċ uile easláinte éagcruáis a measg an ṗubáil.
36Agus an tan do ċunairc sé an slúaġ, do ġaḃ truáiġe ġéar ḋóiḃ é, ar son go raḃadar curṫa, ar na leaṫnuġaḋ agus ar na sgaraḋ, mar ċáorċa ag naċ ḃfuil tréadaiġe. 37A deir sé an tansin re na ḋeisgioblaiḃ, Go deiṁin is mór an fóġṁair, agus is beag an luċd oibre; 38Uime sin guiḋiḋ Tiġearna an ḟóġṁair, luċd oibre do ċur a maċ ehum a ḟóġṁair féin.

Currently Selected:

Ṁaṫa 9: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in