YouVersion Logo
Search Icon

Seċariah 2

2
Caibidil II.
Ata Día na ḋion 8 iongantaċ do Ierusalem 11 agus na ṫearmun na ccineaḋaċ.
1Do ṫóig mé mo ṡúile súas a rís, agus daṁairc mé, agus féuċ duine go ndoruḃa ṫoṁais iona láiṁ.
2Annsin a duḃairt mé, Cáit a raċa tusa? Agus a duḃairt seision riom, Do ṫoṁas Ierusalem, agus dféaċuin cred a leiṫne, agus cred a fad.
3Agus, féuċ, do ċuáiḋ an taingiol do laḃair riomsa amaċ, agus do ċuáiḋ aingiol oile amaċ na ċoinne,
4Agus a duḃairt sé ris, Rioṫ, laḃair ris a nógánaċsa, ag ráḋ, Aiteaċṫar Ierusalem mar ḃailte gan ḃallaḋa ar iomad na ndaóine agus na háirnéisi ḃías innte:
5Oírbíaiḋ misi, a deir an TIĠEARNA, am ḃalla teineaḋ ḋi timċoill fa ccuáirt, agus biáiḋ mé am ġloír iona lár.
6¶ Ho, ho, tigiḋ amaċ, agus teiṫiḋ ón ttír ṫúaiġ, a deir an TIĠEARNA: óir do leaṫnuiġ misi amaċ ṫú mar ċeiṫre gaoṫa neiṁe, a deir an TIĠEARNA.
7Tárṫuiġ ṫú féin, a Ṡion, ċoṁnuiġios maille re hinġin na Babilóine.
8Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; A ndiáiġ na glóire do ċuir sé misi ċum na ccineaḋaċ do ċreaċ siḃsi: óir an té ḃeanas riḃsi beanuiḋ sé ré mogal a ṡúlsan.
9 Oír, féuċ, croiṫfiḋ misi mo láṁ orra, agus béid nanéadáil dá ṡeirḃíseaċaiḃ: agus aiṫeontáoi gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir úaḋ mé.
10¶ Cán agus gáirdiġ, a inġean Ṡion: óir, féuċ, ṫáinic misi, agus coiṁneoċa mé ann do lár, a deir an TIĠEARNA.
11Agus ceangoluid mórán cineaḋaċ ris an TIĠEARNA annsa lósin, agus béid na bpobal agumsa: agus áitreaċa misi ann do lársa, agus aiṫeonuiḋ tú gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir ċugad mé.
12Agus sealḃoċuiḋ an TIĠEARNA Iúdah a ċoṁroinn annsa talaṁ náoṁṫa, agus ḃéaruid Ierusalem do roġuin a rís.
13Bíṫi ḃur ttoċd, a uile ḟéoil, a laṫair an TIĠEARNA: óir atá sé ar na ṫógḃáil súas as a áitreaḃ náoṁṫa.

Currently Selected:

Seċariah 2: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Seċariah 2