YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 27

27
Gheibh Iacob beannacht a athar. Cómhairle a mháthar dó téicheadh chuig a uncal, Líabán.
1Fa'n am seo bhí Isaac aosta, agus bhí radharc na súl imthighthe, agus ní thiofadh leis a'n dada 'fheiceal: agus ghlaoi sé ar Ésau, a mhac a ba shine, agus ars é leis: “A mhic?” agus do fhreagair seisean: “Tá mé anseo.” 2Agus ars a athair leis: “Tchí tú go bhfuil mé aosta, agus ní fios dom lá mo bháis. 3Tabhair leat do chuid airm, do ghath 's do bhógha, agus gabh amach; agus nuair a bhéas rud éigin gabhtha agat as an tseilg. 4Bruith 'n-a fheoil shó-bhlasta é domh, an cineal is eol duit gur maith liom, agus tabhair chugam é go n-iosaidh mé. Agus no go go mbeannuighidh m'anam thú, sal a bhfuighidh mé bás.”
5Agus ar a chloiosint seo do Rebecca, agus eisean ar shiubhal leis san mhachaire, ag deanamh rud ar a athair. 6Ar sí le n-a mac Iacob: “Chuala mé d'athair ag caint le Ésau, do dh'reathair, 's a rádh leis: 7‘Tabhair chugam rud éigin as an tseilg, agus bruith feola ionnus go n-iosaidh mé, agus no go mbeannuighim thú i bhfiadhnuise an Tighearna, sul a bhfuighidh mé bás.’ 8Mar sin de, a mhic, glac comhairle uaim-se. 9Agus téigh leat go dtí an tréad, tabhair chugam dhá mhionnán de'n chuid is fearr, go ndeanaidh mé feoil asta do d'athair, de'n chineal is maith leis 'ithe. 10Ionnus go bhfuighidh tusa a bheannacht—nuair bhearfas tú isteach iad agus nuair a bhéas ithe aige-sean—Sul má fhaghann sé bás.”
11Agus d'fhreagair sé í: “Tá fhios agat gur fear é a bhfuil fionnadh air Esau, mo dh'reathair, agus go bhfuil mo chroiceann-se mín. 12Dá gcuirfeadh m'athair a lámha orm, agus 'thabhairt fa ndear, tá faithchíos orm go smaoitéochadh sé go rabhas a' magadh faoi, agus is é a mhallocht i n-ionad a bheannacht a bheadh tuillte agam.” 13Agus ars a mháthair leis: “Orm-sa bíodh an mhallacht seo, a mhic. Acht éist le mo ghlór, agus ar shiubhal leat (anois), agus tabhair chugam na rudaí a dubhairt mé leat.” 14D'imigh sé, 's thug ar ais leis iad, agus thug d'á mhathair iad. D'ullmhuigh sí biadh d[] tsaghas a thaitin le n-a athair, mar b'eo[]. 15Agus ghléas sí é i gculaith mhaith éadaigh de Ésau, a bhí san tigh aicí. 16Agus chuir sí croicne beaga na mionná[] thart ar a lámha, agus chlúduigh sí a mh[] a bhí mín maol. 17Agus thug sí an fheoil shó-bhlasta dó, ag[us] arán a bhí bácailte (deanta) ací.
18'S nuair d'iomchur sé isteach iad, ars é “'Athair?” d'fhreagair seisean: “Cluin[], Cé thusa, a mhic?” 19Agus arsa Iacob: “Mise Ésau, do chead-mhac. Tá deanta agam d'réir d'órduighth domh. Eirigh i do shuidhe, agus ith de'n fheoil seo [] ionnus go mbeannóchaidh d'anam mé.” 20Agus arsa Isaac le n-a mhac: “Cionnus a fuair tú é chomh gasta sin, a mhic?” D'fhreagair sesean: “B'é toil Dé é, go dtárnig i mo bhealach gon mhoill an rud bhí mé 'á chuartú.” 21Agus arsa Isaac: “Druid aniar liom no go gcuiridh mé lámha ort, go mbídh cr[] agam gur tú mo mhac Ésau, no nach tú.” 22Dhruid sé is ceach i n-aice le n-a athair, [] nuair chuir sé lámha air, arsa Isaac: “Is cinnte gurab é glór Iacoib an glór, acht gan amhras is le Ésau na lámha.” 23Agus níor aithnigh sé é, óir rinne fionnadh a chroicinn cosamhail leis an d'reathair b asine é. Bheannuigh sé é. 24Agus, ars eisean: “An tú mhac Ésau?” D'fhreagair seisean: “Is mé.” 25Annsin dubhairt sé: “Tabhair chugam feola na seilge agat, a mhic, ionnus go mbeannuighe m'anam thú.” Agus nuair tugadh chuige iad, agus nuair d'ith sé, thug sé fíon dó fosta, agus nuair 'bhí ólta aige. 26Ars eisean leis: “Druid isteach liom, a mhic, agus tabhair póg dom.” 27Dhruid sé isteach leis agus phóg sé é. Agus ar a bpoinnte mhothuigh sé boladh cúmhra a chuid éadaigh, agus bheannuigh sé é, a rádh:
“Féach, gur mar bholadh na páirce ráth mhara atá beannuighthe ag anTighearna, boladh mo mhic. 28Go dtugaidh Dia duit drúcht neimhe agus saidhbhreas na talmhan, neart de'n arbhar agus de'n bhfíon. 29Agus deanaidís na cineacha seirbhís duit, agus úmhlaidís na treabhana duit: Bí i do thighearna ar do bhráithreacha, agus deanadh clan do mháthar sléachta síos os do chómhair. Go rabh mallacht ar an té a ghuidhfeas mallacht ort: agus go mbadh lán-bheannuighthe an té 'ghuidhfeas beannacht ort.”
30Ní túise na focla seo ráidhte ag Isaac, agus Iacob tar éis imtheachta amach, ná tháinig Ésau isteach. 31Agus an biadh i gcóir a athar leis, a bhí deanta (gléasta) aige de thoradh na seilge, a rádh: “Eirigh, a athair, agus bí ag ithe d'fheoil do mhic; ionnus go mbeannuighidh d'anam mé.” 32Agus arsa Isaac leis: “A Thiarcais! Cé thusa?” d'fhreagair seisean: “Is mise Ésau, do chead-mhac.” 33Tháinig scannradh mór agus alltacht ar Isaac, agus le h-iongantas dó-chreidthe air, ars é: “Cé tháinig chugam anois beag, la biadh a thug sé leis, agus ar ith mé de, sul a tháinig tus? Agus ar bheannuigh mé é, agus fanfaidh sé beannuighthe.”
34Ar cloisteal focla a athar d'Ésau, leig sé gáir béice as; agus bhí sé tré-n-a-chéile, agus ars eisean: “Beannuigh mise fosta, 'athair.” 35Agus dubhairt sé: “Tháinig do dh'reathair agus fuair sé do bheannacht-sa, faoi bhréig-riocht.” 36Acht ars eisean leis: “Ainm foirstineach dó Iacob gan amhras, óir seo an dara uair aige bob a bhualadh orm. Bhain sé díom mo cheart chead-bhreithe cheana féin, agus anois, an dara cleas, tá mo bheannacht uait-se goidthe aige.” Agus ars eisean arís le n-á athair: “Nár choinnigh tú beannacht eile i dtaisce domh-sa?” 37D'fhreagair Isaac: “Thug mé dó cómhacht tighearna ort-sa, agus rinne mé seirbhísigh d'á chuid bráithre uile dó: Chuir mé dóigh mhaith air le h-arbhar agus fíon, agus 'n-a dhéidh seo, caidé eile thig liom a dheanamh duit-se, a mhic?”
38Agus arsa Ésau leis: “Nach bhfuil acht an aon bheannacht amháin agat, a athair? Impighim ort mé a bheannú, freisin.” Agus nuair chaoin sé ar árd a ghotha. 39Do bhog sin Isaac, agus ars é leis:
“I saidhbhreas na talmhan, agus indrúcht neimhe-ar-áirde, 40bíodh do bheannacht. Ar neart an chlaidhimh 'seadh mhairfeas tú, agus bhearfaidh tú seirbhís dod' dhreathair: agus tiocfaidh an t-am, nuair a scaoil feas tú a dhaoirse de do mhuinéal.”
41Mar sin de bhí fuath i gcómhnaidhe ag Ésau do Iacob, mar gheall ar an bheannú a thug a athair dó mar bheannacht; agus dubhairt sé 'n-a chroidhe féin: “Tiocfaidh laethe bróin m'athar, agus marbhóchaidh mé mho dh'reathair Iacob.” 42H-innsigheadh na néithe seo do Rebecca: agus chuir sí fios agus ghlaoidh sí ar a mac Iacob, agus ars í leis: “Féach, bhagair do dh'reathair Ésau thú a mharbhú. 43Mar sin de anois, a mhic, glac mo chomhairle, eirigh 's bí ar do théicheadh leat chuig Labán, mo dh'reathair, go dtí hÁran. 44Agus dean do chómhnaidhe annsin leis go cionn cupla lá, go dtí go dtagann maoladh ar fheirg do dh'reathar, 45agus go laigheadóchar ar a chuid fuatha duit, agus go ndeanfaidh sé dearmad de na rudái atá deanta agat air. In a dhéidh sin cuirfidh mé fios ort agus bhearfaidh mé as sin ar ais annseo thú. Cad chuige go gcaillfinn mo bheirt mhac ar an lá céadna?”
46Agus arsa Rebecca le Isaac: “Tá mé corrtha de mo shaoghal, de thairbhe níngheacha h-Éith. Má ghlacann Iacob bean de stoc na críche sin (seo), b'fhearr liom gan a bheith beo.”

Currently Selected:

Geinis 27: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in