Geinis 28
28
Astar Iacoib go dtí Mesapotámia. Aisling aige—; a gheall.
1Agus do ghlaoidh Isaac ar Iacob agus bheannuigh sé é, agus chuir crosadh air, a rádh: “Ná glac bean-chéile de stoc Chanaáin. 2Acht téig leat ar astar go dtí Mesaptámia i Siria, go teach Bhathueil, athair do mháthar, agus tabhair leat bean as sin, ceann de nínghneacha Labáin, d'uncal. 3Agus go mbeannuighidh Dia uilechumhachta thú, agus go méaduighidh sé 's go bhfoir-líonaidh sé duit: gura slóighte daoine do shliocht. 4Agus go dtugaidh sé beannacht Ábrahaim duit, agus do do shíol (shliocht) i do dhiaidh, go seilbhighidh tú críoch d'áitribh, a gheall sé do do shean-athair.”
5Agus nuair chuir Isaac ar a thriall é, ghabh sé ar a astar agus chuaidh go dtí Mesapotámia i Siria, go dtí Labán, mac Bhathueil, ar Sirianach, d'reathair a máthair—Rebecca.
6Agus nuair chonnaic Ésau gur bheannuigh a athair Iacob, agus gur chuir se ar a thriall isteach go dtí Mesapotámia, i Siria, é Le bean a phósadh annsin; agus tar éis a bheannú dó gur chros sé air, a rádh: “Ná glac bean de nínghneacha Chanaáin,” 7agus go raibh Iacob imthighthe isteach go dtí Siria, go h-úmhal fé órdú a thiusmícheoirí. 8Agus a fhios aige fosta nach ró-shásta bhí a athair le nínghneacha Chanaáin, 9chuaidh se go dtí Ismael, agus ghlac sé mar bhean-chéile—chomh maith leis na mná do bhí aige cheana féin—Maheleth, nínghean Ismaeil, mac Ábrahaim, deirbhsiuir do Nabajoth.
10Acht ó thárla Iacob imthighthe leis as Bersaboí, chuaidh seisean ar a aghaidh go dtí h-Áran. 11Agus tráth tháinig sé go dtí áit áirighthe, agus foonn air a scith a leigint ann fa thuitim na h-oidhche, thóg sé cuid de na clocha a bhí n-a luighe annsin, chuir faoi n-a chionn iad, 's chodail ann. 12Agus le linn bheith n-á chodladh chonnaic sé dréimire 'n-a sheasamh ar an talamh agus barr an dréimire ins na Flaithis thuas: aingle Dé ag dul suas 's a' teacht anuas air. 13Agus an Tighearna 'n-a leath-sheasamh in-aghaidh an dréimire a' rádh leis:
“Is mise an Tighearna Dia d'athar, Ábraham, agus Dia Isaaic. An dúithche (seo) in a bhfuil tú i do chodladh, bhearfaidh mé duit í, agus do do shíol. 14Agus mar (an) dusta an talaimh 'sead' bhéas do shíol: leathnóchaidh tú amach siar agus soir, agus ó thuaidh 's ó dheas: agus ionnat-sa, agus in do shíol beannóchar treabhanna uile an domhain. 15Agus beidh mé mar choimhéadaidhe duit cibé áit a dtéigheann tú, agus bhearfaidh mé ar ais go dtí an chríoch seo thú. Agus ní fhágfaidh mé thú, go dtí go mbéidh gach rud atá ráidhte agam deanta agam.”
16Agus nuair mhúscail Iacob as a chodladh, ars eisean: “Go deimhin, tá an Tighearna ins an áit seo, agus ní rabh 'fhios agam.” 17Agus ars é, 's é ar crith: “Nach [á??déal / aneal / aneagal] an áit í seo! Is cinnte gurab é seo toigh Dé agus geata neimhe.” 18Agus ar eirghe ar maidin do Iacob, 'thóg sé an chloch a bhí faoi n-a chionn m[ar] adhairt aige, agus chuir sé 'n-a seasan mar phillear í, agus dhóirr sé ola annuas ar a barr. 19Agus thug sé Bethel mar ainm [air] an chathair a rabh Lúta air roimhe sin.
20Agus ghlac sé móid, a rádh: “Má bhíonn Dia liom, agus É mé do choimhéad san tslíghe a shiubhal-fas mé agus arán a thabhairt dom le n-ithe, agus éadaigh le cur orm, 21agus go bhpillfidh mé le ráthmhnas go dtí teach m'athar, béidh an Tighearna n-a Dhia agam. 22Agus an chloch seo, atá curtha n-a seasamh agam mar phillear, glaodhfar toigh Dé air, agus de gach nidh bhearfas tú domh bhearfaidh mé deachmha duit.”
Currently Selected:
Geinis 28: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.