Geinis 29
29
Iacob ag obair seacht mbliadna i dtoigh Labáin—ar son Rachel: acht meallann Lia é: Phós se Rachel, gidh gur rug Lia ceathrar páisde dó.
1Annsin d'imthigh Iacob ar a thriall, agus bhain sé críoch an oirthir amach. 2Agus chonnaic sé taobar san máchaire, agus trí tréada de chaoirigh n-a luighe in-aice leis, óir b'as an tobar d'óladh na h-ainmhidhthe droch. Agus bhí béal an tobair druidthe—cloch mhór leagtha anuas air. 3Agus b'é an nós (annsin), an tráth bheadh na caoirigh uilig cruinnighthe le chéile, a chloch a bhogadh amach, agus nuair a bheadh deoch ólta ag na caoirigh, an chloch a chur ar ais arís ar bhéal an tobair.
4Agus ars eisean leis na h-aodhairí: “A bhráithre, Cer b'as sibh?” D'fhreagair siad-san: “As Háran.” 5Agus d'fhiafruigh sé díobhtha, a rábh: “'bhfuil aithne agaibh ar Labán, mac Nachoir?” D'fhreagair siad: “Tá, tá aithne mhaith againn air.” 6Deir seisean: “An bhfuil sé go maith?” “Tá sé go maith,” ars iad: “Agus féach! Seo chugainn Rachel, a nínghean, agus a thréad léithe.” 7Agus arsa Iacob: “Tá sé luath san ló go fóill, agus, ár ndóighe, níl sé i n-am na tréada a thabhairt isteach san chró arís. Ar dtús, tabhairigidh deoch do na caoirigh, agus annsin cuirigidh ar ais ag ithe iad.” 8D'fhreagair siad-san: “Ní thig linn, go dtí go mbíonn na h-eallaigh uilig-go-léir cruinnighthe le chéile, agus go mbogfamuid an chloch ó bhéal an tobair, ionnus go dtabhairfimid deoch do na tréadaibh.”
9Bhíodar a' caint mar sin, nuair,—Féach! Tháinig Rachel, agus caoirigh a h-athar léithe, óir b'ise a thugadh biadh agus deoch do'n tréad. 10Agus nuair chonniac Iacob í, agus d'aithnigh í mar chol-cheathair dó féin, agus gur le n-a uncal Labán na caoirigh, bhog sé amach an chloch a bhí i mbéal an tobair, 29:11a agus nuair thug deoch do na caoirigh. 11Phóg sé í: agus d'árduigh a ghlór i ngol. 12Agus d'innis sé dí gur d'reathair a h-athar é, mac Rebecca, acht rith sí léithe agus d'innis an scéal d'á h-athair.
13'S nuair chuala a h-athair go rabh mac a dheirbhshiuira tagaighthe, rith sé amach in a airchis. Rug sé barróg air agus phóg go croidheamhail é, agus thug sé isteach in a thigh é. Agus nuair a chuala sé fa ádhbhair a thurais. 14D'fhreagair sé: “Is de mo chnámh aus de m'fheoil thú.” Agus an tráth bhí laethe a'n mhiosa amháin thart.
15Ars é leis: “Ó's mac mo dheirbhshiura thú, an dtabhairfeá seirbhís gan tuarasdal dom? Innis dom caidé an taurasdal 'ghlacfá.” 16Anois, bhí eirt nínghean aige—Lia an cailín ba shine; agus Rachel an cailín a b'óige. 17Acht bhí Lia geamchaoch, bhí Rachel sciamhach, agus éadán áluinn uirthí. 18Agus ó thárla Iacob i ngrádh léithe, dubhairt sé: “Bhearfaidh mé seirbhís seacht mblian duit acht Rachel, an nínghean is óige agat, 'fhagháil.” 19D'fhreagair Labán: “B'fhearr liom í a thabhairt duit-se ná d'aon fhear eile. Fan agam.” 20Agus thug Iacob serbhís seacht mblian chun Rachel d'fhagháil, agus níor mhothuigh se an t-am acht mar bheadh cupla lá, mar gheall ar mhéad a ghrádha.
21Agus ars é le Labán: “Tabhair dhom mo bhean; óir tá'n t-am ann mise dhul isteach chuicí.” 22Agus indéidh cureadh a thabhairt d'a lán de n-a chuid cáirde teacht chun na fleidhe, rinne sé an pósadh. 23Agus san oidhche thug sé isteach chuige Lia, a nínghean. 24Thug sé cailín aimsire darbh ainm Zelpha d'á nínghin. 25 Anois, nuair a chuaidh Iacob isteach (a luighe) chuicí d'réir an nósa, nuair a tháinig an mhaidin chonnaic sé gurab í Lia a bhí ann. (25) Agus ars é le athair a mhná: “Caidé ba chial dut sin a dheanamh? Nach ar son Rachel thug mé seirbhís duit? Cad chuige ar imir tú feall orm?” 26D'fhreagair Labán: “Ní h-é nós na h-áite seo an nínghean is óige a thabhairt ar dtús le pósadh. 27Coimhlíonigh laethe seachtmhain' an chleamhnais seo. Agus bhearfaidh mé ise duit freisin, ar son na seirbhíse a bhearfas tusa go cionn seacht mblian eile.” 28Géill sé d'á phléisiur (rinne sé sin): agus nuair do bhí an tseachtmhain caithte, phós sé Rachel: 29Agus thug a h-athair Bala dí mar sheirbhíseach.
30Agus nuair fuair sé mian a chrodhe san phósadh, do b'annsa leis grádh Rachel ná grádh Lia, agus thug sé ne seacht mbliadna eile de sheirbhís dó, 31Agus nuair chonnaic an Tighearna gurbh fhuath leis Lia, d'fhoscail sé a broinn-se, acht d'fhan a deirbhshiuir seasc. 32Agus do toirrcheadh í agus rug sí mac, agus thug Ruben mar ainm air, a rádh: “Chonnaic an Tighearna mo bhuadhradh, anois bhearfaidh m'fhear grádh dom.” 33Agus arís do toirrcheadh í, agus rug mac, agus dubhairt: “De bhrigh gur chur an Tighearna gur tugadh fuath dom, thug sé seo dom freisin.” Agus thug sí Simeon mar ainm air. 34Agus toirrcheadh í fa'n treas uair agus rug mac eile, agus dubhairt: “Anois, leis, (cinnte) beidh dlúth-cheangail ag m'fhear liom, óir rug mé triur mac dó.” Agus mar sin de thug sí Leví mar ainm air. 35Toirrcheadh í an ceathramha uair agus rug mac, agus a dubhairt: “Anois molfaidh mé an Tighearna,” agus chuige sin thug sí Iúda air. Agus stad sí bheith ag breith.
Currently Selected:
Geinis 29: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.