YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 30

30
Bhí Rachel seasc, agus thug sí a cailín aimsire do Iacob: rug sí beirt mhac dó. Agus rinne Lia amhlaidh óir d'eririgh shishe seasc fosta. Bhí beirt mhac eile agus nínghean ag Lia, agus rug Rachel Seosamh. D'eirigh Iacob iongantach saidhbhir.
1Agus nuair chonnaic Rachel go rabh sí seasc tháinig éad uirthí d'á deirbhshiuir, agus dubhairt sí le n-a fear: “Tabhair paisdí dom, no gheobhaidh mé bás.” 2Bhí fearg ar Iacob léithe, agus ars é: “An mise Dia, a bhain díot brígh do bhruinne?” 3Acht ars ise: “Tá mo chailín aimsire Bala agam annseo: Gabh isteach chuicí ionnus go mbéidh páisdí agam-sa thríthe-se.” 4Agus thug sí Bala dó le pósadh, 5agus luigha fear léithe, toirrcheadh í agus rug sí mac. 6Agus arsa Rachel: “Thug an Tighearna breitheamhnas ar mo shon, agus d'éist le mo ghlór, 's thug mac dom,” agus d'á bhrigh sin thug sí an t-ainm Dan air. 7Agus arís do toirrcheadh í—Bala—agus rug mac eile. 8Gur dhubhairt Rachel mar gheall air: “Do chuir Dia i gcomparáid le mo dheirbhshiuir mé. Agus do bhuaidh mé,” agus thug sí Nephtalí mar ainm air.
9Nuair chonnaic mhothuigh Lia gur stad sí de bheith ag breith cloinne thug sí a cailín aimsire Zelpha d'á fear chéile. 10Agus nuair toirrcheadh í, agus rug mac. 11Ars ise: “Go h-ádhmharach.” Agus d'á bhrigh sin thug sí Gad mar ainm air. 12Rug Zelpha mac eile fosta. 13Agus arsa Lia: “Is ádhbhar athais dom é seo. Óir deirfidh na mná go bhfuilim beannuighthe.” D'á bhrigh sin thug sí Aser air.
14Agus ar dhul amach do Rúben san ghort le linn fóghmhar (baint) na cruithneachta, tháinig sé ar mhandracaigh. Agus sé chuig a mháthair Lia iad. Agus arsa Rachel: “Tabhair 'om roinnt e mhandracaighibh mo mhic.” 15D'fhreagair sise: “Nach leor leat mar éagchóir orm m'fhear a ghlacú uaim, gan mandracaigh mo mhic a ghlacú freisin?” Arsa Rachel: “Luigfidh sé leat-sa anocht, ar son mandrach do mhic.”
16Agus ar philleadh ó'n ghort do Iacob, ins an tráthnóna, chuaidh Lia amach 'n-á airchis, agus ars ise: “Tiocfaidh tú isteach chugam-sa, óir d'fhostuigh mé thú ar son mandrach mo mhic.” Agus chodail sé léithe an oidhche sin. 17Agus d'éist Dia le n-a guidhe, agus do toirrcheadh í, agus rug sí an cúigeadh mac. 18Agus a dubhairt: “Thug Dia bronntanas dom, toisc go dtug mé mo chailín aimsire do m'fhear chéile.” Agus thug sí Issachar mar ainm air. 19Agus do toirrcheadh Lia arís, agus rug sí an seisedh mac. 20Agus dubhairt: “Bronn Dia spré maith orm, an bobhta seo fosta. Beidh m'fhear liom, óir do rug mé seisear mac dó.” Agus d'á bhrígh sin thug sí Zaulon mar ainm air. 21Agus 'n-a dhiaidh sin rug sí nínghean, Dína a h-ainm.
22Chuimhnigh an Tighearna ar Rachel fosta, 's d'éist le n-a guidhe, agus d'fhoscail a broinn. 23Agus toirrcheadh í agus rug sí mac, a a rádh: “Bhain Dia mo dhroch-chliu díom.” 24Agus thug sí Seosamh mar ainm air: arádh: “Go dtugaidh Dia mac eile dom.”
25Agus nuair rugadh Seosamh, arsa Iacob le athair a chéile: “Cuir ar shiubhal mé, ionnus go bpillidh mé ar ais chun mo thíre 's mo chríche féin. 26Tabhair dhom mo chuid ban agus páisde, ar thug mé seirbhís duit ar a son, agus leig domh imtheacht, tá fhios aga anseirbhís atá deanta agam duit.” 27Arsa Labán leis: “Feicim an gean atá agat orm, Is eol dom, de bharr mo chuid eolias, gur ar do shon-sa bheannuigh Dia mé.” 28“Abair cad is mian leat mar thúrasdal, agus bhearfaidh mise duit é.” 29Acht d'fhreagair seisean: “Tá fhios agat an seirbhís a thug mise duit, agus an méad saidhbhris agat faoi (thré) mo chúram; 30na bheag a bhí agat sul ar tháinig mise chugat, agus anois tá dóigh mhaith ort: agus do bheannuigh an Tighearna thú ar mo theacht. Is ceart, mar sin, go soláthróchainn do mo theaghlach féin freisin anois.” 31Agus arsa Labán: “Caidé bhearfas mé duit?” Acht ars eisean: “Ní'l a'n dada uaim. Acht má d'eanann tú mar iarraim ort beidh mé i m'aoire aodhaire ardo chuid caoirigh arís. 32Téigh thart imeasc do chuid tread, agus scar amach na caoirigh ioldaithte, agus na caoirigh breaca; agus iad-san uilig atá donn, agus breac, agus iol daithte de na caoirigh, agus de na gabhair chomh maith,—Bhus iad-san mo thúrasdal. 33Agus beidh m'fhírinneacht 'n-a fiadhnuise dom os do chomhair imbáireach, nuair a thiocfas am an chonnartha; agus iad siud uile nach bhfuil ioldaithte, ballach (breac) agus donn, de na caoirigh agus de na gabhair—cuireadh siad an goid i mo leith.”
34Agus arsa Labán: “Is maith liom go mór an méad iarras tú.” 35Agus ar an lá chéadna scar sé no gabhair bhainne, agus na caoirigh, agus na pucáin, agus na reithí a bhí ioldaithte agus breac; agus thug sé a rabh d'á thréad ar aon-dath .i. bán agus dubh (a lomra), d'á chuid mac. 36Agus chuir sé faid-aistir-trí-lá idir é féin agus a chliamháin, a bhiadhtuigh [an] chuid eile d'á thréad.
37Agus do bhain Iacob slatacha glasa de'n chrann-phobal, agus de'n chrann almoinne agus de na crainn plane agus rinne niogú ortha, ionnus go rabh siad bán san áit ar niogadh iad, acht san chuid díobhtha nar niogadh bhí siad glas, agus san dóigh seo bhí siad breac, no ioldaithte. 38Agus chuir sé isteach ins na h-umaraibh iad, an áit a rabh an t-uisce (dóirtighthe), ionnus go mbeadh na téada torrthach nuair thiocfadh siad a gh'ól agus nuair tchífeadh siad na slatacha os a gcómhair.
39Agus thárla, díreach le teasbhach a dtoirrchighthe, go bhfaca siad (na caoirigh) na slatacha, agus rug siad óga a bhí ioldaithte, ballach, agus breac. 40Agus rinne Iacob scaradh-amach ar[] tréad, agus chuir na slatacha sa[] umar os cómhair súl na reithe: agus ba le Labán a raibh bán agus [] díobhtha, agus ba le Iacob an ch[] eile, nuair bhí siad scartha ó n-a chéile. 41Mar sin, nuair a théigheadh an uascán faoi an reithe, chuir Iacob na slatacha i n-umar an uisce os cómhair súl na reithte agus na n-nuascán, ionnus go mbeadh siad torrach le linn bheith a' féachaint ortha san. 42Acht níor chuir se na slatacha isteach do na cinn a tháinig mall agus a bhí ar dereadh ag toirrchiú. Agus iad san a bhí ar deireadh ba le Labán iad; agus iad san a bhí ar tosach, ba le Iacob iad.
43Agus d'eirigh mo dhuine iongantach Saidhbhir, agus bhí a lán tréad aige, agus cailíní aimsíre, agus fir freasdala, agus caiméil agus asail.

Currently Selected:

Geinis 30: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in