YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 44

44
Biniáimin agus Corn Iósaef
1Ansin thug [Iósaef] ordú dá reachtaire: “Líon málaí na bhfear,” ar sé, “de bhia, oiread agus is féidir dóibh a iompar, agus cuir airgead gach duine i mbéal a mhála; 2agus cuir mo chorn, an ceann airgid, i dteannta airgead a arbhair, isteach i mbéal mhála an té is óige acu.” Rinne sé mar a dúirt Iósaef leis. 3Lá arna mhárach le breacadh an lae seoladh na fir chun siúil agus a n‑asail leo. 4Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?] 5Nach as seo a ólann mo thiarna, agus nach leis a dhéanann sé fáistine? Is olc an beart é sin déanta agaibh!’ ”
6Nuair a tháinig seisean suas leo labhair sé mar sin leo. 7Dúradar leis: “Cen fáth go labhraíonn tú mar sin, a mháistir? I bhfad ó do shearbhóntaí a leithéid de bheart a dhéanamh! 8Féach an t‑airgead a fuaireamar i mbéal ár málaí, thugamar ar ais chugat é ó thír Chanán. Conas, más ea, a ghoidfimis airgead ná ór ó theach do thiarna? 9Má fhaightear ag aon duine de do shearbhóntaí é, cuirtear chun báis é, agus bímis féin inár ndaoir agat, a mháistir.” 10“Breith bhur mbéil féin oraibh, más ea,” ar sé, “an té ag a bhfaighfear é, beidh sé ina dhaor agam; ach rachaidh an chuid eile agaibh saor.” 11Ansin leag gach duine a mhála ar an talamh gan mhoill agus d'oscail gach duine a cheann féin. 12Rinne sé iad a chuardach, ag dul ón sinsear go dtí an sóisear agus fuarthas an corn i mála Bhiniáimin. 13Stróic siad a gcuid éadaigh, chuir gach duine a ualach ar a asal agus ar ais leo chun na cathrach. 14Nuair a shroich Iúdá agus a dheartháireacha teach Iósaef, bhí sé ansiúd fós; shléachtadar síos go talamh roimhe. 15Dúirt Iósaef leo: “Cad é seo atá déanta agaibh? Nach bhfuil a fhios agaibh gur fear feasa mo leithéidse?” 16“Cad tá le rá againn leat, a thiarna?” arsa Iúdá, “cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.” 17“Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n‑athar.”
18Ansin chuaigh Iúdá suas chuige agus dúirt: “A thiarna, impím ort, lig do do shearbhónta focal a chur i do chluais le do thoil; agus ná las le fearg chun do shearbhónta, óir is cosúil le Forann féin tusa. 19Chuir tú ceist, a thiarna, ar do shearbhóntaí: ‘An bhfuil athair nó deartháir agaibh?’ 20Agus dúramar le d'onóir: ‘Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.’ 21Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Tugaigí chugam anuas é go bhfeicfidh mé le mo shúile cinn é.’ 22Ansin dúramar le d'onóir: ‘Ní féidir don mhac a athair a fhágáil mar má fhágann sé a athair ansin, gheobhaidh a athair bás.’ 23Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Mura dtaga an deartháir is óige agaibh anuas in éineacht libh ní fheicfidh sibh mo ghnúis níos mó.’ 24Nuair a d'fhilleamar ar ár n‑athair, do shearbhónta, d'insíomar dó a raibh ráite agat, a thiarna. 25Agus nuair a dúirt ár n‑athair: ‘Imígí arís agus ceannaigí beagán bia dúinn,’ 26dúramar: ‘Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.’ 27Ansin dúirt do shearbhónta, m'athair, linn: ‘Tá a fhios agaibh gur rug mo bhean beirt mhac dom; 28nuair a scar mé le duine acu, dúirt mé: Stolladh, sea agus alpadh é; agus ní fhaca mé riamh ó shin é. 29Má thógann sibh an ceann seo uaim chomh maith, seolfaidh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.’ 30Má thagaimse dá bhrí sin chun do shearbhónta, m'athair, agus gan an buachaill inár dteannta, ós rud é go bhfuil a chroí istigh sa bhuachaill, 31titfidh an t‑anam as nuair a fheicfidh sé nach bhfuil an buachaill inár dteannta; agus seolfaidh do shearbhóntaí síos go Seól ár n‑athair, do shearbhónta, agus a cheann liath faoi ualach bróin. 32Chuaigh do shearbhónta, más ea, i mbannaí leis an mbuachaill i láthair m'athar, á rá: ‘Mura dtuga mé ar ais chugat é, bíodh a mhilleán sin ormsa ar feadh mo shaoil i láthair m'athar.’ 33Anois dá bhrí sin, impím ort, lig do do shearbhónta fanacht ina dhaor ag mo thiarna, agus scaoil an buachaill ar ais lena dheartháireacha. 34Conas a d'fhéadfainnse dul ar ais ag triall ar m'athair agus gan an buachaill i mo theannta? Ní ligfeadh eagla dom a bheith ag faire ar an ainnise a thiocfadh sa mhullach ar m'athair.”

Currently Selected:

Geineasas 44: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in