YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 45

45
Cuireann Iósaef é féin in Aithne
1Níor fhéad Iósaef smacht a choimeád air féin a thuilleadh os comhair a raibh ag friotháil air; ghlaoigh sé in ard a chinn agus dúirt: “Cuirigí gach aon duine chun siúil ó mo láthair.” Ní raibh aon duine i láthair dá bhrí sin nuair a bhí Iósaef á chur féin in aithne dá dheartháireacha. 2Ghoil sé os ard agus chuala na hÉigiptigh é agus chuala teaghlach Fhorainn é. 3“Mise Iósaef,” arsa Iósaef lena dheartháireacha, “agus an maireann m'athair fós?” Ach níor fhan focal freagra dó ag a dheartháireacha le barr uafáis ina láthair. 4Dúirt Iósaef ansin lena dheartháireacha: “Druidigí i leith chugam, le bhur dtoil”; agus nuair a dhruideadar leis dúirt sé: “Mise bhur ndeartháir Iósaef a dhíol sibh le breith chun na hÉigipte. 5Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo. 6Óir tá an gorta sa tír le dhá bhliain agus tá cúig bliana eile le teacht nach gcuirfear síol agus nach mbainfear fómhar. 7Chuir Dia mise romhaibh chun fuíoll sleachta a choimeád beo ar talamh daoibh, sea agus tarrtháil a dhéanamh ar a lán daoibh. 8Ní sibhse dá bhrí sin a sheol anseo mé ach Dia, agus chuir sé mé i riocht a bheith i m'athair ag Forann agus i mo thiarna ar a theaghlach go léir agus i m'uachtarán ar chríocha na hÉigipte go léir. 9Brostaigí agus téigí abhaile chun m'athar agus abraigí leis: ‘Deir do mhac Iósaef leat: Rinne Dia tiarna díom ar chríocha na hÉigipte go léir; tar chugam anuas agus ná déan aon mhoill: 10Beidh cónaí ort i ndúiche Ghoisin, agus beidh tú i mo chóngar - tú féin agus do chlann agus clann do chlainne, do tháinte agus do thréada agus do mhaoin go léir; 11agus cothóidh mé ansiúd thú mar go bhfuil cúig bliana gorta le teacht fós, agus nach áil liom go luífeadh an ghannchúis ort féin ná ar do theaghlach ná ar do chuid.’ 12Agus anois feiceann sibh le bhur súile cinn - sibhse agus mo dheartháir Biniáimin - gur liomsa an béal seo ag caint libh. 13Ní foláir daoibh a insint do m'athair cad é gradam atá agam san Éigipt agus gach a bhfuil feicthe agaibh. Brostaigí agus tugaigí m'athair anseo anuas.” 14Ansin chaith sé é féin ar bhráid Bhiniáimin a dheartháir agus ghoil sé agus ghoil Biniáimin ar a bhráidsean. 15Agus phóg sé a dheartháireacha go léir agus a dheora ag sileadh orthu, agus ansin labhair a dheartháireacha leis.
16Bhain an scéal nua go raibh deartháireacha Iósaef tagtha pálás Fhorainn amach, agus b'áthas le Forann é a chlos, agus ba é an dála céanna é ag a theaghlach. 17Dúirt Forann le Iósaef: “Abair le do dheartháireacha: ‘Déanaigí mar leanas: Cuirigí ualaí ar bhur mbeithígh iompair agus ar ais libh go tír Chanán. 18Agus tugaigí libh anseo bhur n‑athair agus bhur dteaghlaigh agus tagaigí ar ais chugam. Tabharfaidh mé togha thalamh na hÉigipte daoibh agus beidh méith na talún mar bhia agaibh.’ 19Agus tabhair an t‑ordú seo dóibh chomh maith: ‘Déanaigí mar leanas: Tugaigí cóistí libh ó thír na hÉigipte do bhur miondaoine agus do bhur mná agus tugaigí bhur n‑athair libh, agus tagaigí! 20Is cuma daoibh faoi bhur maoin, mar is libhse togha maoine thír na hÉigipte go léir.’ ”
Tagann Iacób
21Rinne clann Iosrael mar a dúradh leo agus thug Iósaef cóistí dóibh, mar a d'ordaigh Forann, agus lón bóthair. 22Thug sé dhá fhallaing shaoire an duine dóibh, ach thug sé cúig fhallaing shaoire agus trí chéad seicil airgid do Bhiniáimin. 23Agus seo leanas ar chuir sé chun a athar: deich n‑asal agus ualaí d'ollmhaitheasaí na hÉigipte orthu; deich láir agus ualaí orthu d'arbhar agus d'arán agus de bhia agus de lón d'aistear a n‑athar. 24Ansin chuir sé a dheartháireacha chun siúil, agus is é focal deireanach a bhí aige dóibh ag imeacht: “Ná bíodh aon aighneas eadraibh ar an tslí.”
25D'fhágadar an Éigipt dá bhrí sin agus bhaineadar amach tír Chanán agus a n‑athair Iacób. 26Agus dúradar leis: “Maireann Iósaef i gcónaí agus is rialtóir é ar chríocha uile na hÉigipte.” Agus tháinig suaitheadh croí air mar ní chreidfeadh sé iad. 27Ach nuair a d'insíodar dó gach a ndúirt Iósaef leo, agus nuair a chonaic sé na cóistí a chuir Iósaef faoina dhéin, tháinig Iacób an t‑athair chuige féin. 28Agus dúirt Iosrael: “Is leor sin! Maireann Iósaef mo mhac i gcónaí; rachaidh mé ar a thuairisc roimh bhás dom!”

Currently Selected:

Geineasas 45: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in