YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 46

46
1Chuir Iosrael chun bóthair dá bhrí sin lena raibh aige agus tháinig sé go Béar Seaba. D'ofrail sé íobairtí do Dhia a athar Íosác ansiúd. 2Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé. 3Dúirt sé leis ansin: “Mise Dia, Dia d'athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot. 4Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.” 5Ansin d'fhág Iacób Béar Seaba agus rinne clann mhac Iosrael a n‑athair Iacób, a miondaoine agus a mná a iompar sna cóistí a sheol Forann faoina dhéin. 6Thugadar leo na tréada agus an mhaoin a bhí cruinnithe acu i dtír Chanán agus thángadar chun na hÉigipte - Iacób agus a shliocht go léir - 7a mhic agus mic a mhac, a iníonacha agus iníonacha a mhac; thug sé a shliocht uile leis isteach san Éigipt.
8Seo iad anois ainmneacha chlainne Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt, Iacób agus a chlann mhac: Reúbaen céadghin Iacób 9agus a chlann mhac: Hanóc agus Palú agus Heazron agus Cairmi. 10Clann mhac Shimeon: Iamúél agus Iáimím agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí. 11Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí. 12Clann Iúdá: Éar agus Ónán agus Séala agus Bearna agus Zearach (ach d'éag Éar agus Ónán i dtír Chanán); agus b'iad Heazron agus Hámúl clann Bhearnan. 13Clann Íosácár: Tólá agus Puvá agus Iób agus Siomron. 14Clann Zabúlun: Seirid agus Éalón agus Iachlael. 15Is iadsan clann Léá a rug sí do Iacób i bPadan Arám, mar aon lena hiníon Díneá; triúr agus tríocha duine ar fad an líon mac agus iníonacha a bhí aige.
16Clann Ghád: Zifeón agus Haigí, Siúiní agus Eazbon, Éirí agus Aróidí, agus Airéilí. 17Clann Áiséar: Imneá agus Isveá agus Isví agus Beiríá agus a ndeirfiúr Searach. Clann Bheiríá: Heibir agus Mailcíél. 18(Iadsan clann Zilpeá a thug Lábán dá iníon Léá, rug sí iad do Iacób - seisear déag). 19Seo iad clann Ráchael bean Iacóib: Iósaef agus Biniáimin. 20Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim. 21Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard. 22Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób - ceathrar déag ar fad. 23Clann Dhán: Huisím. 24Clann Naftáilí: Iachzael agus Gúiní agus Iéizir agus Siléim. 25Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef - seachtar ar fad.
26Ba é líon mhuintir Iacóib go léir a chuaigh isteach san Éigipt dá shliocht féin, gan mná a chlainne a chur san áireamh - seisear agus trí fichid ar fad. 27Rugadh mic do Iósaef san Éigipt, beirt mhac; ba é líon theaghlach Iacóib ar fad a chuaigh isteach san Éigipt, deichniúr agus trí fichid.
Fáilte ó Iósaef agus ó Fhorann
28Chuir [Iosrael] Iúdá ar aghaidh roimhe go dtí Iósaef chun go dtiocfadh seisean ina gcoinne i nGoisin. Nuair a shroicheadar Goisin, 29ghabh Iósaef a chóiste agus seo leis in airicis a athar Iosrael i nGoisin. Tháinig sé ina láthair agus chaith é féin ar a bhráid agus bhí na deora ag sileadh leis ar a bhráid ar feadh i bhfad. 30Dúirt Iosrael le Iósaef: “Níor chás liom bás a fháil anois de bhrí go bhfaca mé do ghnúis agus go bhfuil a fhios agam gur beo duit fós.” 31Labhair Iósaef ansin lena dheartháireacha agus le muintir a athar: “Rachaidh mé suas go Forann,” ar sé, “agus tabharfaidh mé an scéal nua dó. Déarfaidh mé leis: ‘Mo dheartháireacha agus muintir m'athar a bhí i dtír Chanán, tá siad tagtha chugam. 32Aoirí iad agus bíonn siad ag féaracht stoic; agus thugadar leo a dtréada agus a dtáinte agus a maoin go léir.’ 33Nuair a chuirfidh Forann fios oraibh agus a fhiafróidh sé: ‘Cén ghairm bheatha atá agaibh?’ abraigí leis: 34‘Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n‑óige go dtí anois féin, sinne agus ár n‑aithreacha.’ Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,” mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire.

Currently Selected:

Geineasas 46: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in