YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 8

8
Caibidil VIII
Trócaire Chríosd don mhnáoi ghabhtha a nadhaltrannaus. 39 Agus a breath ar shiol Abraham, 44 agus shiol an aithbhirseóir.
1Agus dimthigh Iósa chum shléibh na Noluidheadh. 2Agus táinig sé go moch ar maidín a rís don teampull, agus tangadar an pobal uile chuige; agus ar suidhe dhó, do theagaisg sé íad. 3Agus tugadar na sgríobuidhe, agus na Phairisínigh bean ar a rugadh a nadhaltrannus chuige; agus ar na cur a lár, 4A dubhradar rís, A Mhaighisdir, rugadh ar an mnáoisi sa ngníomh féin, ag déanamh adhaltrannais. 5Agus do aithin Máoisi dhínn sa dligheadh, a leitheidso do bhásughadh lé clóchaibh: ar a nadhbharsin créd a deir tusa? 6Agus a dubhradar sin dá theasdughadhsan, ionnus go gcuirfidís cúis air. Achd ar gcromadh síos Díosa, do sgríobh sé lé na mhéur ar a talamh. 7Agus an tan do leanadar ag cur na ceasda sin air, déírigh sé suás, agus a dubhairt sé riú, Gidh bé aguibhsi atá gab pheacadh, caitheadh sé an chéadchloch ría. 8Agus ar gcromadh siós dó a rís do sgríobh sé ar a talamh. 9Achd mar do chúalardarsan na neithesi, agus a gcogús dá nagra, do imthigheadar amach a ndiaigh a chéile, ag tosughadh ó na sinnsioraibh gus na dáoinibh déigheanacha: agus do fágadh Iósa na áonar, agus an bhean na seasamh a lar. 10Agus ar néirghe suás Diósa, an tan nach bhfacuidh sé áonduine achd an bhean, a dubhairt sé ría, A bhean, caír a bhfuilid an mhuinntir úd do chuir cúis ort? nar dhamnuighe éanduine thú? 11A dubhairt sisim A Thighearna, níor dhamnuighe áonduine. Agus a dubhairt Iósa riá, Ní mó dhamhnuighimsi thú: imthidh romhad, agus na peacuidh feasda.
12Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha. 13Uime sin a dubhradar na Phairisinigh ris, Atá tú ag deunamh fiadhnuisi dhuit féin; ni bhfuil thfíadhnuisi firinneach. 14Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Gé nimsi finné dhamh féin, atá mfinné fírinneach: do bhrígh go bhfuil a fhios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteighim; achd ní bhfuil a fhios aguibhsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéighim. 15Do réir na féola bheirtísi breath, ní bheirimsi breath ar áonduine. 16Agus fós dá mbéarainn breath, as fírinneach mo bhreitheamhnus: oír ní bhfuilim am áonar, achd misi agus an Tathair do chuir uádh mé. 17Agus atá sgríobhtha an bhur ndlidheadhsa, gur fíor finné deisi. 18Atáimse ag déanamh finné dom tháobh féin, agus an Tathair do chuír úadh mé do ní sé fíadhnuisi leam. 19Uime sin a dubhradarsan ris, Gá háit a bhfuil Hathair? Do fhreagair Iósa íad, Ní haithne dháoibhse ceachdar aguinn, misi ná Mathair: dá mbeith éolus aguibh oramsa, do bheith éolus aguibh ar Mathuir mar an gcéadna.
20Do labhaír Iósa ná bríathrasa a náit choimhéada an chisde, ag teagasg ann sa teampall: agus níor chuir áonduine lámh ann; óir ní thaínig a uáir fós.
21Na dhiáigh sin do labhuir Iósa ríu a rís, Atáimsi ag imtheáchd, agus íarrfuidhesi mé, agus do ghéubhthaói bás an bhur bpeacadh: mar a dtéighimsi, ní héidir libhsi teachd. 22Uime sin dubhradar na Iúdaighe, An muirbhfe sé é féin fá a nabair sé, Mar a dtéighimsi, ní héidir libhsi teachd. 23Agus a dubhairt sé riu, Is a nsíos dáoibhsi; agus as nsúas damhsa: don tsáoghalsa sibhsi, ní don tsaoghalsa mísi. 24Ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, Go bhfuigheadh sibh bás an bhur bpeacaidhíbh. 25Uime sin a dubhradar ris, Cía thú féin? agus a dubhairt Iósa ríu, An a deirim ribh ó thus. 26Atá mórán agam ré labhairt agus ré bhreathnughadh bhur dtimcheallsa: achd as fírinneach an té do chuir úadh mé; agus labhruim ris a tsáoghal na neithe do chúaluidh mé úadhsan 27Achd níor thuigeadar gur a dtimcheall a Nathar do labhuir sé ríu. 28Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, An tan thóigeubhtháoi súas Mac an duine, ann sin aithéontáoi gur misi atá ann, agus nach déunuim éinní uáim féin, achd gur mar do theaguisg an Tathair mé, labhruim na neithesi. 29Agus atá an té do chuir úadh mé am fhochuir. Níor fhág an Tathair am áonar mé; do bhrigh go ndéunuim do ghnáth na neithe as mían leision. 30Ar labhairt na neitheadhso dhó, do chréideadar mórán ann.
31Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam; 32Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh. 33Do fhreagradarsan é, Síol Abraham sinne, agus ní dhearnamar seirbhís déunduine ríamh: cionnas a deir tusa, Beithí sáor? 34Do fhreaguir Iósa íad, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé do ní peacadh as seirbhíseach don pheacadh é. 35Achd ni chomhnuigheann an seirbhíseach sa tigh go siorruidhe: fanuidh an Mac go síorruidhe. 36Ar a nadhbharsin má sháorann an Mac sibhsi, beithí sáor dhá ríribh. 37Atá a fhios agam gur do shíol Abraham sibh; gidheadh íarrtháoi misi mharbhadh, óir ní fhagann mo bhríathar ionad ionnuíbh. 38Labhruimsi an ní do chunnairc mé ag Mathair: agus do nithísi an ní do chunncabhair ag bhur nathair féin. 39Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, As é Abraham ar nathairne. A dubhairt Iósa ríu. Dá madh clan Dabraham sibh, do dhéunadh sibh oibreacha Abraham. 40Achd íarrtháoi a nois misi mharbhadh, noch do innis dáoibh a nfírinne, do chúaluidh me ó Dhía: ní dhearna Abraham so. 41Do níthísi oibreacha bhur nathar féin. Uime sin a dubhradarsan ris, Ní a nadhaltrannus rughadh sinnl atá áon Athuir aguinn, Día.
42A dubhairt Iósa ríu: Dá madh é Día bhur Nathairsi, gan chunntabhairt do ghráidheóchadh sibh misi: óir is ó Dhía do ghluáis mé agus tháinig mé; agus ní uáim fein tháinig mé, achd eisean do chuir úádh mé. 43Créd fá nach dtuighthí mo chomhrádhsa? ar son nach bhféudtáoi mo bhríathar déisdeachd. 44As é an díabhal as athair dháoibh, agus as íad míana bhur nathair as toil libhsi dhéunamh. Do bhi seision na fhear dúnmharbhtha ó thus, agus níor chomhnuidh se sa bhfírinne, óir ní bhfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as athair don bréig. 45Achd do bhrígh go labhruimsi an fhírinne, ní chreidtí me. 46Cíá dhibhsi chuireas peacadh am letih? Má a deirim a nfírinne, créd fá nach creidtí dhamh? 47Gidh bé atá ó Dhía, éisdidh sé briathra Dé: is uime nach éisdtisi, ar son nach ó Dhía sibh.
48Uime sin dó fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, An né nach maith a deirmíd gur Samaritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnad? 49Do fhreaguir Iósa, Ní bhfuil deamhan ionnamsa; achd do bheirim onóir dom Athair, agus do bheirthísi eas onóir dhamhsa. 50Agus ní í mó ghlóir féin íarruimsi: atá neach íarrus agus bheireas breath. 51Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé choimhéudfas mo bhríatharsa, ní fhaicfi sé bás go siorruidhe. 52Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris, Aithnimíd a nois go bhfuil an díabhal ionnad. Fúair Abraham, agus na fáidhe bás; agus a deir tusa, Gidh bé choimhéudfas mo bhríatharsa, ní bhlaisfe sé bás go síorruidhe. 53An mó thusa ná ar nathair Abraham, noch fuáir bás? agus fuaradar na faidhe bás: créd an neach do ní tusa dhíot fein? 54Do fhreagair Iósa, Má bheirimse glóir dhamh féin, ní bhfuil tádhbhachd an mo ghlóir: as é Mathair do bheir glóir dhamh, noch a deirthísi, gur ab é bhur Ndía féin é: 55Agus ní bhfuil aithe aguibhsi air; gidheadh is aithne dhamhsa é: agus má a deirim, Nach aithne dhamh é, biáidh mé cosmhuil ribhsi bréagach: gidheadh as aithne dhamh é, agus coimhéuduim a bhriathar. 56Do bhí gáirdeachus mór ar bhur nathairse Abraham fám lása dfaicsin: agus do chunnairc sé é, agus do bhí lúathgháir air. 57Uime sin a dubhradar na Iúduidhe ris; Ní bhfuil deich mblíadhna agus dá fhichead dáois agad fós, agus an bhfacuidh tú Abraham? 58A dubhairt Iósa ríu, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhuilimsi ann suil do bhi Abrahám. 59Uime sin do thógbhadar clocha do chum go gcaithfidis ris íad: achd do fholuigh Iósa é féin, agus do chuáidh sé amach as an teampall, ag dul tré na lár agus do chuáidh sé thárrsa mar sin.

Currently Selected:

Eóin 8: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in