Marcas 7
7
1Anois nuair a bhí na Fairiséigh, agus cuid de na scríobhaithe a tháinig aníos as Iarúsailéim, cruinnithe chuige, 2chonaic siad cuid dá dheisceabail ag caitheamh bia le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nár níodh 3(Mar ní gnách leis na Fairiséigh, ná leis na Giudaigh eile ar fad, bia a chaitheamh mura mbíonn a lámha nite an chéad uair, le nós na seanóirí a choimeád; 4agus nuair a thagas siad abhaile ó shráid an mhargaidh, ní chaitheann siad aon bhia go dtí go nglanann siad iad féin; agus is iomaí sin nós atá á choimeád acu, agus iad ag ní cupán agus corcán agus soithí cré-umha). 5Agus dʼfhiafraigh na Fairiséigh agus na scríobhaithe de, “Cad chuige nach leanann do dheisceabail de nós na seanóirí, ach ag caitheamh bia le láimh shalach?” 6Agus ar seisean leo, “Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, a fhimineacha, mar tá scríofa,
‘Onóraíonn béal na muintire seo mé,
ach is fada uaim atá a gcroí;
7is baoth an t‑adhradh a thugas siad dom,
agus níl ach cumadóireacht dhaonna ina gcráifeacht siúd.’
8Cuireann sibhse suas dʼaitheanta Dé, agus cloíonn sibh go dluth le nósanna daoine.”
9Agus dúirt sé leo, “Nach breá mar atá diúltaithe agaibh dʼaithne Dé, le bhur nósanna féin a choimeád! 10Óir is é a dúirt Maois, ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair’; agus ‘An té a cháineas a athair nó a mháthair go míchóir, cuirtear chun báis é go cinnte;’ 11ach is é atá á rá agaibhse, ‘más rud é go ndeir fear lena athair nó lena mháthair, is Corbán é’ (is é sin, rud a tugadh mar bhronntanas do Dhia) an ní atá agam le tabhairt duitse— 12Ansin ní thugann sibh cead dó maith a dhéanamh ar a athair ná ar a mháthair, 13agus ar an dóigh sin cuireann sibh briathar Dé ar ceal leis an nós sin a fhágas sibh do bhur gclann in bhur ndiaidh. Agus is iomaí sin ní den sórt atá á chleachtadh agaibh.”
14Agus ghlaoigh sé na daoine chuige arís, agus dúirt sé leo, “Éistigí liom, an uile dhuine agaibh, agus tuigigí seo: 15Níl ní taobh amuigh den duine ar féidir leis a shalú má théann sé isteach ann; 16is iad na nithe a thagas amach as an duine a shalaíos an duine.” 17Agus nuair a dʼfhág sé an slua agus a chuaigh sé isteach chun tí, dʼfhiafraigh a dheisceabail de i dtaobh an fháithscéil. 18Agus dúirt sé leo, “An é nach bhfuil aon tuiscint agaibh ar nós na coda eile? Nach bhfeiceann sibh nach féidir leis an ní a thagas isteach sa duine ón taobh amuigh de an duine a shalú, 19mar ní isteach ina chroí ach isteach ina ghoile a théas sé sin, agus imíonn sé leis go dtéann sé as” (Is amhlaidh a léirigh sé go bhfuil gach cineál bia glan ann féin.) 20Agus dúirt sé “Is é an ní a théas amach as an duine a shalaíos an duine. 21Óir is as an taobh istigh den duine, is as croí an duine, a thagas na drochsmaointe, an striapachas, an ghadaíocht, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, 22an tsaint, an choirpeacht, an mhealltóireacht, an ainshriantacht, an t‑éad, an t‑ithiomrá, an díomas, an amadántacht. 23Tagann na drochnithe sin uile ón taobh istigh den duine, agus is iad a shalaíos an duine.”
24Agus dʼéirigh sé amach as sin gur imigh leis go ceantar Thiora agus Shiodóin. Agus chuaigh sé isteach i dteach, agus níor mhian leis a fhios a bheith ag aon duine; ach níor féadadh a cheilt. 25Ach bhí bean ann, a raibh sprid neamh-ghlan ina hiníon bheag, a chuala faoi gan mhoill, agus tháinig sí gur chaith í féin ag a chosa. 26Anois ba Ghréagach í an bhean sin, den chine Siro-Phéníseach, agus dʼiarr sí dʼimpí air an deamhan a chur amach as a hiníon. 27Ach is é a dúirt sé léi, “Faigheadh an chlann a gcuid bia an chéad uair, óir níl sé ceart breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chuig na madraí.” 28Ach ba é a dʼfhreagair sí, “Tá sin amhlaidh a Thiarna, ach mar sin féin tá a chead ag na coileáin mhadra atá faoin gclár grabhróga aráin na clainne a bheith acu le n‑ithe.” 29Agus dúirt sé léi, “Mar mhaithe leis an rá sin féadann tú imeacht leat; mar tá an deamhan tar éis dʼiníon a fhágáil.” 30Agus shiúil sí léi abhaile, go bhfuair a hiníon ina luí roimpi ar a leaba, agus an deamhan imithe.
31Dʼfhill sé ansin aris ó cheantar Thiora, agus shiúil sé Siodón chomh fada le Muir Ghalailí, ar fud cheantar Dhecapolis. 32Agus tugadh chuige fear bodhar a raibh stad ina chaint; agus iarradh air a lámha a leagan air. 33Agus thug sé i leataobh é as amharc an tslua, agus chuir sé a mhéara ina chluasa, agus chaith sé seile agus chuimil sé a theanga; 34agus dʼfhéach sé suas i spéartha neimhe, agus tharraing sé osna, agus dúirt sé leis, “Ephphatach,” is é sin, “bí ar dʼoscailt.” 35Agus osclaíodh a chluasa, agus scaoileadh a theanga, agus ba shoiléir shothuigthe a labhair sé. 36Agus dʼordaigh sé go dian dóibh gan a insint dʼaon duine; ach dá mhéad a dʼordaigh sé dóibh, is amhlaidh ba mhó a sceith agus a scaip siad é. 37Agus bhí iontas as cuimse orthu, agus dúirt siad, “Tá gach uile ní maith déanta aige; go fiú éisteacht a thabhairt don bhodhrán agus caint a bhronnadh ar an mbalbhán.”
Currently Selected:
Marcas 7: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland