Marcas 8
8
1Ba sna laethanta ud uair eile, nuair a bhí slua mór cruinnithe, agus nach raibh aon ní le n-ithe acu, a ghlaoigh sé a dheisceabail chuige agus a dúirt sé leo, 2“Tá trua agam don slua, atá anois na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan aon ní le n‑ithe acu; 3agus más rud é go gcuirim abhaile faoi ocras iad, tiocfaidh laige orthu ar an mbealach; agus tháinig cuid acu i bhfad.” 4Agus dʼfhreagair a dheisceabail é, “Conas is féidir arán a sholáthar do na daoine seo anseo ar an bhfásach?” 5Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid builín aráin atá agaibh?” “Seacht mbuilín,” ar siadsan. 6Agus dʼordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh; agus ghlac sé na seacht mbuilín, agus thug sé altú buíochais agus roinn sé iad ar a dheisceabail le cur roimh na daoine; agus chuir siad roimh an slua iad. 7Agus bhí beagán dʼéisc bheaga acu; agus bheannaigh sé iad agus dʼordaigh sé iad a chur rompu fós. 8Agus dʼith siad, agus bhí a ndóthain acu; agus tógadh lán seacht gciseán de na grabhróga. 9Agus bhí siad timpeall ceithre mhíle duine ann. 10Agus chuir sé ar shiúl iad; agus gan mhoill chuaigh sé isteach sa bhád, é féin agus a dheisceabail, go ndeachaigh siad go ceantar Dhalmanúta.
11Tháinig na Fairiséigh agus thosaigh siad ar argóint leis, ag iarraidh comhartha ó neamh air, lena fhéachaint. 12Agus tharraing sé osna mór ina spiorad, agus dúirt sé, “Cad chuige a n‑iarrann an ghlúin seo comhartha? Deirim i bhfírinne libh nach dtabharfar comhartha don ghlúin seo.” 13Agus dʼfhág sé iad, go ndeachaigh isteach sa bhád arís le himeacht go dtí an taobh thall.
14Anois ba é a ndearmad arán a thabhairt leo; agus ní raibh acu sa bhád ach an t‑aon bhuilín amháin. 15Agus thug sé rabhadh dóibh agus é á rá, “Tugaigí aire, agus seachnaigí laibhín na bhFairiséach agus laibhín Iorua.” 16Agus thosaigh siad ar chíoradh an scéil sin le chéile, agus dúirt siad, “Níl arán againn.” 17Thug Íosa faoi deara é, agus dúirt sé leo, “Cad chuige a luann sibh díth an aráin sin agaibh? Nach bhfuil tabhairt faoi deara ná tuiscint agaibh fós? An bhfuil bhur gcroíthe calctha? Nach bhfeiceann sibh leis na súile atá in bhur gcinn, agus nach gcluineann sibh leis na cluasa atá oraibh? 18Agus nach bhfuil aon chuimhne cinn agaibh? 19Nuair a roinn mé na cúig bhuilín aráin ar an gcúig mhíle duine, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “A dó dhéag,” ar siadsan leis. 20“Agus an seacht mbuilin sin idir an ceithre mhíle, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “Seacht gciseán,” dúirt siad leis. 21Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh fós?”
22Agus tháinig siad go Bétsáida. Agus bhí daoine ansin a thug dall chuige agus dʼiarr air a lámh a chur air. 23Agus rug sé ar láimh an daill gur tharraing é amach as an mbaile; agus chuir sé seile ar a shúile agus leag sé a lámha air, agus dʼfhiafraigh sé de, “An bhfeiceann tú aon ní?” 24Agus dʼfhéach sé in airde agus dúirt sé, “Feicim fir; ach is ionann iad le hamharc orthu agus crainn na coille agus siúl fúthu.” 25Chuir sé a lámha os cionn aʼ shúile arís ansin; agus dʼfhéach sé go grinn, agus tugadh a amharc dó arís, agus dʼfheiceadh sé gach aon ní go soiléir. 26Agus chuir sé ar shiúl arís abhaile é, agus dúirt sé leis, “Ná déan oiread agus gabháil isteach sa sráidbhaile.”
27Agus chuaigh Íosa ar aghaidh é féin agus a dheisceabail, go sráidbhailte Caesaria Filipi; agus sa siúl dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is mise?” 28Agus dʼinis siad dó, “Eoin Baiste; agus deir dream eile gur tú Elia; agus dream eile fós a deir gur fáidh de na fáithe tú.” 29Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus thug Síomón Peadar de fhreagra air, “Is tú an Críost.” 30Agus bhagair sé orthu gan insint do dhuine ar bith faoi.
31Agus thosaigh sé ar theagasc dóibh go gcaithfeadh Mac an duine mórán nithe a fhulaingt, agus na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe ag diúltú dó, agus go gcuirfí chun báis é, agus go n‑éireodh sé arís tar éis trí lá. 32Agus dúirt sé sin go soiléir. Agus ghlac Peadar é, agus thosaigh ar locht a fháil air. 33Ach thiontaigh sé thart agus chonaic sé a dheisceabail, agus dʼfhág sé an locht ar Pheadar, agus dúirt leis, “Cúl mo chinn leat, a Shátain! Óir ní thaobhaíonn tú le Dia, ach leis na daoine.”
34Agus ghlaoigh sé an mórshlua agus a dheisceabail leo, agus dúirt sé leo, “Más mian le haon duine teacht i mo dhiaidh diúltaíodh sé é féin agus tógadh sé a chrois ar a ghualainn agus leanadh sé mé. 35Óir cibé duine ar mhian leis a bheatha a tharrtháil, is é a chaillfeas í; agus cibé duine a chaillfeas a bheatha mar mhaithe liomsa agus leis an soiscéal, is é a tharrthálfas í. 36Mar cad é an tairbhe é do dhuine seilbh a fháil ar an domhan ar fad, agus seilbh a bheatha féin a chailleadh? 37Mar cad é is féidir do dhuine a thabhairt uaidh lena bheatha féin a cheannach? 38Óir cibé duine den ghlúin adhaltranach choirpeach seo ar chúis náire dó mise agus na briathra seo agam, beidh náire ar Mhac an duine a admháil gur leis féin é nuair a thagas sé i nglóir a Athar i gcuideachta na naomhaingeal.”
Currently Selected:
Marcas 8: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland