Marcas 9
9
1Agus ar seisean leo, “Is fíor an ní atáim á rá libh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go dtí go bhfeicfidh siad ríocht Dé ag teacht faoi chumhacht.”
2Agus sé lá ina dhiaidh sin thug Íosa leis Peadar agus Séamas agus Eoin, agus sheol iad go mullach ardshléibhe agus gan acu ach iad féin; agus bhí athrú crutha air ina bhfianaise, 3agus a chuid éadaí ag glioscarnaigh, agus gile gheal iontu, nárbh fhéidir le haon úcaire talmhaí a dhéanamh. 4Agus taibhríodh dóibh Elia agus Maois; agus iad i gcomhrá le hÍosa. 5“A Mháistir,” arsa Peadar le hÍosa, “is maith ár mbeith anseo; déanaimis trí phuball, puball duitse agus puball do Mhaois agus puball dʼElia.” 6Mar ní raibh fhios aige cad é a déarfadh sé, agus bhí móreagla orthu. 7Agus tháinig néal tharstu, agus bhí siad faoina scáth, agus tháinig an glór as an néal, “Is é seo mo Mhac ionúin, éistigí leis.” 8Agus ar an bpointe sin dʼfhéach siad ina dtimpeall agus ní fhaca siad aon duine ina bhfochair ach Íosa amháin.
9Agus nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh thug sé orthu gan insint dʼaon duine faoina bhfaca siad go dtí go n‑éireodh Mac an duine ó na mairbh. 10Mar sin rinne siad rún de, agus iad ag cur ceisteanna ar a chéile cad é ba chiall dó mar éirí ó na mairbh. 11Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elia teacht an chéad uair?” 12Agus is é a dúirt sé leo, “Ar ndóigh tagann Elia an chéad uair le rudaí a chur ar ais ina riocht féin; ach cad é mar a bhfuil sé scríofa i dtaobh Mhac an duine, go bhfulaingeoidh sé mórán agus go mbeidh sé faoi dhímheas? 13Ach is é a deirim libh go bhfuil Elia i ndiaidh teacht, agus go bhfuil a rogha rud déanta acu leis, mar atá scríofa faoi.”
14Agus nuair a tháinig siad go dtí na deisceabail, chonaic siad mórshlua timpeall orthu, agus scríobhaithe ag argóint leo. 15Agus nuair a chonaic an slua é, bhí iontas orthu, agus rith siad chuige a chur fáilte roimhe. 16Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cad é sin atá á phlé agaibh leo?” 17Agus dʼfhreagair duine den slua é agus dúirt, “A Oide, thug me chugat mo mhacsa, mar tá sprid bhalbh ann; 18agus cibé áit a mbeireann sí air, caitheann sí ar lár é; agus tagann cúr lena bhéal agus díoscán fiacal agus fágtar stromptha é; agus dʼiarr mé ar do dheisceabail a cur as, agus níor fhéad siad a dhéanamh.” 19Agus ba é a fhreagra orthu, “A ghlúin an díchreidimh, Cá fhad a bheidh mé libh? Cá fhad a mbeidh foighne agam libh? Tugaigí chugam é.” 20Agus thug siad chuige an garsún; agus ní luaithe a chonaic an sprid é, ná tháinig corraí mór ar an ngarsún, agus thit sé ar an talamh, ag unfairt agus cúr lena bhéal. 21Agus dʼfhiafraigh Íosa dá athair, “Cá fhad atá sin air?” Agus dúirt sé, “Ariamh óna óige. 22Agus is minic a chaith sí sa tine é nó amach san uisce lena scriosadh; ach más féidir leatsa aon ní a dhéanamh, glac trua dúinn agus cuidigh linn.” 23Agus dúirt Íosa leis, “Más féidir leatsa! Níl ní dodhéanta ag an té a chreideas.” 24Agus leis sin scairt athair an gharsúin in ard a chinn agus dúirt sé, “Creidimse; cuidigh le mo dhíchreideamh.” 25Agus nuair a chonaic Íosa slua ag cruinniú de rith siúil, bhagair sé ar an sprid neamhghlan agus dúirt léi, “A sprid bhodhar bhalbh, ordaím duit teacht amach as, agus ná gabh isteach ann choíche aris!” 26Agus tar éis béiciola agus é a chorraí go mór, tháinig sí amach, agus dʼfhág an garsún ina luí mar mharbhán; sa dóigh go ndúirt an chuid ba mhó acu, “Is marbh atá sé.” 27Ach rug Íosa ar a láimh gur thóg sé den talamh é, agus dʼéirigh sé ina sheasamh. 28Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teach, dʼfhiafraigh a dheisceabail de os íseal, “Cad chuige nár fhéadamar a cur amach?” 29Agus dúirt sé leo, “Ní féidir an cineál seo deamhain a chur amach ach amháin leis an urnaí.”
30Chuaigh siad ar aghaidh as an áit úd go ndeachaigh siad tríd an nGalailí. Agus bhí leisce air a fhios sin a bheith ag aon duine; 31mar bhíodh sé ag múineadh a dheisceabal, agus é á rá leo, “Beifear ag brath Mhac an duine i lámha daoine, agus cuirfidh siad chun báis é; agus trí lá tar éis a chur chun báis éireoidh sé.” 32Ach níor thuig siad an briathar sin, agus ní ligfeadh eagla dóibh fiafraí de ina thaobh.
33Agus shroich siad Caparnáum; agus nuair a bhí sé istigh sa teach dʼfhiafraigh sé díobh, “Cad é sin a raibh sibh ag caint faoi ar an mbealach?” 34Ach dʼfhan siad ina dtost; mar ba é rud a raibh siad ag caint faoi le chéile cé acu ba mhó orthu. 35Agus shuigh sé faoi agus ghlaoigh sé chuige an dáréag; agus dúirt sé leo, “An té ar mhian leis bheith ar dtús, caithfidh sé teacht ar deireadh agus a bheith ina sheirbhíseach ag cách.” 36Agus ghlac sé leanbh, agus chuir ina sheasamh é ina lár; agus ghlac sé ina bhaclainn é, agus dúirt sé leo, 37“Cibé duine a ghlacas i mʼainmse le leanbh mar an leanbh seo, is liom a ghlacas sé, agus cibé duine a ghlacas liom, ní liom a ghlacas sé ach leis an té a chuir uaidh mé.”
38Dúirt Eoin leis, “A Oide, chonaiceamar fear agus é ag cur deamhan amach i dʼainmse, agus chrosamar air é, as siocair nár lean sé sinn.” 39Ach dúirt Íosa, “Ná cros air é; mar níl duine dá n‑imreodh mórghníomh i mʼainm a dʼfhéadfadh drochfhocal a labhairt i mʼéadan go gairid ina dhiaidh. 40Mar an té nach mbíonn inár n‑aghaidh, is linn a bhíonn. 41Mar deirim i bhfírinne libh, cibé duine a thugas cupán uisce daoibh le n‑ól as siocair ainm Chríost a bheith oraibh, ní bheidh sé sin gan a aisce a fháil.
42“Cibé duine a bhíos ina chúis pheaca dʼaon leanbh den mhuintir bheag a chreideas ionamsa, bʼfhearr dó bró mhuilinn a chrochadh faoina mhuineál agus a chaitheamh amach san fharraige. 43Agus má bhíonn do lámh ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha agus tú ar leathláimh ná dul le do dhá láimh go hifreann, chuig an tine dhomhúchta.#9:43 N.B. VV.44 agus 46 ar lár. Is ionann iad agus V.48 agus fágann na seanúdaráis is fearr ar lár iad.
45“Agus má bhíonn do chos ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha ar leathchois ná do chaitheamh isteach in ifreann agus do dhá chois ort. 47Agus má bhíonn do shúil ina cúis pheaca agat tarraing amach as do cheann í; is fearr duit dul isteach i ríocht Dé ar leathshúil ná do chaitheamh isteach in ifreann agus dhá shúil agat, 48áit na péiste gan éag agus na tine gan mhúchadh. 49Óir níl duine nach saillfear le tine. 50Is maith é an salann; ach má chailleann an salann a ghoirte, cad é a thabharfas a bhlas dó aris? Cuireadh an salann dea-bhlas oraibh dá chéile, agus bígí i siocháin le chéile.”
Currently Selected:
Marcas 9: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland