Agus do ṫóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ dó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé na bollóga; agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad le cur os cóṁair a raiḃ ann; agus do roinn sé an dá iasc orṫa go léir. Agus d’iṫeadar go léir, agus do ḃí a ndóṫain aca. Agus do ṫógadar lán dá ċiseán déag de ḃroscar an aráin, agus de na h‐iascaiḃ.