Na Sailm 42
42
Salm 42.
Quemadmodum.
1Mar is mian leis an ḃfia tarraingt ar na toibreaċa fíoruisce: is aṁlaiḋ bíonn mʼanam do do ṡantú, a Ḋia.
2Tá tart Dé, tart an Dé ḃí, ar mʼanam: ca ḟad go dtiocfaiḋ mé agus go ḃfeicfear mé i láṫair Dé?
3Ba iad mo ḋeora ba ḃia dom lá aʼs oíċe: agus iad á rá liom gaċ lá, anois cá ḃfuil an Dia sin agat?
4Nuair a ḃím ar na smaointe sin, ligim le raċt mo ċroí im aonar: óir ṫéinn leis an slua, agus ṫug mé iad isteaċ i dteaċ Dé;
5Le hardḟuaim an ṁolta agus an altaiṫe: i measc an dreama ḃíos ag comóraḋ féile.
6Cad í an tuirse seo ort, a ṁʼanam: cad é an mórḃuaireaṁ seo ort i mo lár?
7Bíoḋ dóċas as Dia agat: óir taḃarfaiḋ mé buíoċas dó go fóill ar son caḃraċ a ġnúise.
8A Ḋia liom, tá buaireaṁ ar an anam atá i mo lár: dá ḃrí sin beiḋ mé ag cuiṁneaṁ ort ó Ṫír Iornáin, ó Hermon agus ón gcnocán.
9Bíonn na doiṁneaċta ag glaoċ ar a ċéile, as tormán do ṫuilte: ċuaiġ do ṫonnta agus do ḋoineanna uile os mo ċionn.
10Beiḋ an Tiarna ag deonú a ċarṫanaċta gráṁaire dom sa lá: agus san oíċe fós beiḋ mé ag canaḋ dó, agus ag guí Dé mo ḃeaṫa.
11Déarfaiḋ mé le Dia mo ċuṁaċta, cad ċuige a ndearna tú dearmad orm: cad ċuige dom imeaċt faoi ṫuirse, ó ḋian smaċt an naṁad?
12Mar ḃuille claíṁ ag coscairt mo ċnáṁ: bíonn mo naiṁde a ḃíos do mo buaireaṁ á ċaiṫeaṁ suas liom;
13Mar tá, bíonn siad á rá liom gaċ lá: cá ḃfuil do Ḋia‑sa anois?
14Cad í an tuirse seo ort, a ṁʼanam: cad ċuige duit ḃeiṫ ċoṁ buarṫa sin i mo lár?
15Bíoḋ dóċas as Dia agat: óir taḃarfaiḋ mé buíoċas dó go fóill, ós é cuidiú mo ġnúise agus mo Ḋia é.
Právě zvoleno:
Na Sailm 42: OC1965G
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965