Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Na Sailm 43

43
Salm 43.
Judica me, Deus.
1Taḃair saorḃreiṫ orm, a Ḋia, agus pléiġ mo ċúis in aġaiḋ na ndaoine míċráifeaċa: fuascail mé ón ḃfear fealltaċ urċóideaċ.
2Óir is tú Dia mo ċuṁaċta; cad ċuige ar ċuir tú uait mé: cad ċuige dom imeaċt faoi ṫuirse, ó ḋian smaċt an naṁad?
3Cuir faoi mo ḋéin do ṡolas agus dʼḟírinne, go dtreoraí siad mé: agus go dtuga siad mé ċun do naoṁċnoic agus ċun dʼárais;
4Agus go dté mé faoi ḋéin altóra Dé, ċuig Dia is cúis aoiḃnis agus gairdis dom: agus altóiḋ mé duit é ar an gcláirseaċ, a Ḋia, mo Ḋia.
5Cad í an tuirse seo ort, a ṁʼanam: agus cad ċuige duit ḃeiṫ ċoṁ buarṫa sin i mo lár?
6Bíoḋ dóċas as Dia agat: óir taḃarfaiḋ mé buíoċas dó go fóill, ós é cuidiú mo ġnúise agus mo Ḋia é.

Právě zvoleno:

Na Sailm 43: OC1965G

Zvýraznění

Kopírovat

Porovnat

Sdílet

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas