Na Sailm 44
44
Salm 44.
Deus, auribus.
1Is iad ár gcluasa féin a ċuala é, a Ḋia, dʼinis ár n‑aiṫreaċa dúinn é: cad é a rinne tú lena linn fadó;
2Conas a ċaiṫ tú amaċ na págánaiġ le do láiṁ, agus a ċuir tú iadsan isteaċ: conas a ċuir tú ár ar na náisiúin, agus a ċuir tú bláṫ orṫu san.
3Óir níorḃ é a gclaíoṁ féin a ḃain amaċ seilḃ na tíre: ná níorḃ í a láṁ féin a ċuidiġ leo;
4Aċ ba í do láṁ ḋeas, agus do ġéag, agus solas do ġnúise: de ḃrí go raiḃ gean agat orṫu.
5Is tú mo Rí, a Ḋia: cuir caḃair ċuig Iácób.
6Is tríotsa a ċuirfimid ár naiṁde ar lár: agus is id Ainm a ċuirfimid faoinár gcosa an dream a éireos inár n‑éadan.
7Óir ní has mo ḃoġa atá mo ṁuinín: ní hé mo ċlaíoṁ a ċuideos liom.
8Aċ is tú a ṡlánaíos sinn ónár naiṁde: agus a ċuireas aiféala ar luċt ár ḃfuaṫa.
9Beimid ag maíoṁ as Dia dá mbʼḟada an lá: agus molfaimid dʼAinm go deo.
10Aċ anois fanann tú i ḃfad uainn, agus cuireann tú aiféala orainn: agus ní ṫéann tú amaċ lenár sluaite.
11Tugann tú orainn ár gcúl a ṫiontú lenár naiṁde: go mbíonn luċt ár ḃfuaṫa ár gcreaċaḋ.
12Ligeann tú dúinn ḃeiṫ dʼár n‑iṫe mar ċaoiriġ: agus táimid scaipṫe agat i measc na bpágánaċ.
13Díolann tú do ṁuintir in aisce: agus ní iarrann tú aon airgead orṫu.
14Déanann tú aċasán dínn dár gcoṁarsana: cúis ġáire agus fonóide dá ḃfuil inár dtimpeall.
15Déanann tú seanḟocal dínn i measc na bpágánaċ: go gcraiṫeann na daoine a gcinn orainn.
16Bíonn an aiféala os mo ċoinne gaċ lá: agus mʼaġaiḋ ar fad dearg leis an náire;
17Ar son glóir luċt an scannail agus an ṁasla: de ḃarr an naṁad agus an duine ḋíoltasaiġ.
18Agus tar éis ar ṫáinig orainn, ní ḋéanaimid dearmad ort: ná ní ḃímid claon inár n‑iompar i do ċonraḋ.
19Ní ḋeaċaiġ ár gcroí ar gcúl: ná níor ḟág ár gcois céim do ṡlí.
20Ní haṁlaiḋ, siúd is gur ḃuail tú roṁat go hionad na ndragún sinn: agus gur ċuṁdaiġ tú sinn le scáil an ḃáis.
21Má rinneamar dearmad de Ainm ár nDé, nó má ṫógamar ár láṁa do Ḋia ċoiṁṫíoċ: naċ ḃfaiġiḋ Dia a ḟios? Ós feasaċ dó na smaointe is uaigní sa ċroí.
22Is ar do ṡon a ḋéantar ár orainn ar feaḋ an lae: agus a ṁeastar sinn mar ċaoiriġ atá le dul ċun an ḃroiṫí.
23Éiriġ suas, a Ṫiarna, cad é an codlaḋ sin ort: dúisiġ, agus ná fan uainn de ṡíor.
24Cad ċuige a gceileann tú do ġnúis: agus ar ḋearmad leat ár mbrón agus ár mbuaireaṁ?
25Óir is íseal a tugaḋ ár n‑anam, ċun luí sna luaiṫe féin: agus bíonn ár mbolg sínte ar an talaṁ.
26Éiriġ, agus fóir orainn: agus fuascail sinn as uċt do ṫrócaire.
Právě zvoleno:
Na Sailm 44: OC1965G
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965