Na Sailm 46
46
Salm 46.
Deus noster refugium.
1Is é Dia ár ndóċas agus ár neart: is giorra dúinn a ċaḃair inár mbuaireaṁ.
2Ní ḃeiḋ eagla orainn mar sin, siúd is go gcraitear an talaṁ: agus go gcartar na cnoic amaċ i lár na farraige.
3Siúd is go mbíonn a tonnta ar mire agat: agus go mbaintear criṫ as na sléiḃte leis an ndoineann.
4Tá aḃainn ann, a mbíonn a sruṫanna ag cur aoiḃnis ar ċaṫair Ḋé: ionad naofa pailliúin an Té is Airde.
5Bíonn Dia ina measc, agus ní ḃogfar í dá ḃrí sin: tiocfaiḋ Dia ċuici le caḃair, agus tiocfaiḋ sé gan ṁoill.
6Tá mórġleo as na náisiúin, agus tá gluaiseaċt faoi na ríoċta: aċ cluineaḋ Glór Dé, agus coscróiḋ an ċruinne.
7Tá Tiarna na slua linn: is é Dia Iácóib ár ndídean.
8Tagaigí ċugainne, go ḃfeice siḃ oibreaċa an Tiarna: an scrios a ṫug sé ṫar an talaṁ.
9Tá sé ag cur críċe le cogaí ar fuaid an doṁain: tá sé ag briseaḋ an ḃoġa, agus ag déanaṁ ḋá leaṫ den tsleá, agus ag dó na gcarbad sa tine.
10Tostaigí mar sin, aċ aiṫnígí gur mé is Dia ann: beiḋ mé dom ardú i measc na náisiún, agus beiḋ mé dom ardú ar an talaṁ.
11Tá Tiarna na slua linn: is é Dia Iácóib ár ndídean.
Právě zvoleno:
Na Sailm 46: OC1965G
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965