Na Sailm 47
47
Salm 47.
Omnes gentes, plaudite.
1Buailigí ḃur mbosa faoi ċéile, a ċiníoċa uile: agus canaigí go binnġlóraċ do Ḋia.
2Óir is ard ineaglaiṫe é an Tiarna: is é an Rí mór é atá os cionn na cruinne.
3Cuirfiḋ sé na ciníoċa faoinár smaċt: agus na náisiúin faoinár gcosa.
4Toġfaiḋ sé oiḋreaċt dúinn: a mbeiḋ an feaḃas uirṫi is dual do Iácób dá dtug sé grá.
5Ċuaiġ Dia suas le glórṫa gairdis: ċuaiġ an Tiarna suas le séideaḋ an stoic.
6Seinnigí molaḋ, seinnigí molaḋ ár nDé‑ne: seinnigí molaḋ, seinnigí molaḋ ár Rí.
7Óir is é Dia Rí na cruinne uile: seinnigí a ṁolaḋ go healaíonta.
8Tá Dia ina rí os cionn na bpágánaċ: tá Dia ina ṡuí ar a ċaṫaoir naofa.
9Tá ceann urraí na gciníoċa agus muintir Dé Abraċaim ag cur le ċéile: óir bíonn Dia, atá ard oirirc, ag cosaint an talaiṁ, mar a ḃeaḋ le sciaṫ.
Právě zvoleno:
Na Sailm 47: OC1965G
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965