Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Na Sailm 49

49
Salm 49.
Audite haec, omnes.
1Éistigí leis seo, a ḋaoine uile: tugaigí cluas ġéar dó, a luċt áitiṫe na cruinne.
2Uasal agus íseal, boċt agus saiḃir: gaċ duine le ċéile.
3Laḃróiḋ mo ḃéal ar eagna: agus beiḋ mo ċroí ag smaoineaṁ ar ṫuiscint.
4Claonfaiḋ mé mo ċluas leis an ḃfáiṫscéal: noċtfaiḋ mé rúndiaṁair leis an gcláirscaċ.
5Cad ċuige a mbeaḋ eagla orm i laeṫanta an oilc: nuair a ḃíos an urċóid ar mo ṡála do mo ṫimpeallú?
6Tá dream ann a ṫéas i muinín a maoine: agus a ṁaíos as méid a saiḃris.
7Aċ ní féidir le duine a ḃráṫair a ḟuascailt: ná teaċt ar ṁargaḋ ar a ṡon le Dia.
8Ós daoire ná sin a ceannaíoḋ a n‑anamaċa: ar ṁoḋ go gcaiṫfiḋ sé éirí as go deo;
9Siúd aʼs go mairfeaḋ sé i ḃfad: agus naċ ḃfeicfcaḋ sé an uaiġ.
10Óir feiceann sé go n‑éagann na saoiṫe fós, agus go dtéann siad ar fad ar neaṁní: mar aon leis na daoiṫe agus na hamadáin, agus go ḃfágann siad a maoin do ḋaoine eile.
11Agus measann siad ina ḋiaiḋ sin go ḃfanfaiḋ a dtiṫe go deo, agus go mairfiḋ a gcónaiṫe ó ġlúin go ċéile: agus gaireann siad a n‑ainmneaċa ar na tíorṫa.
12Aċ siúd aʼs go ḃfaiġeann an duine clú, ní buan é: ós féidir a ċur i gcosúlaċt leis na nainṁiṫe a ṫéas ar neaṁní.
13Is í an amaidí féin a slí siúd: cé go molann a slioċt a gcaint.
14Luíonn siad in ifreann mar ċaoiriġ, is é an bás a n‑aoire, agus beiḋ an réim ag na fíréin orṫu ar maidin: beiḋ a maise á cloí sa tuama, agus ní ḃeiḋ sí buan.
15Aċ tá mʼanam fuascailte ag Dia ó ċuṁaċt ifrinn: óir glacfaiḋ sé ċuige mé.
16Ná bíoḋ eagla ort, má éiríonn duine saiḃir: nó má ṁéadaítear glóir a ṫí.
17Óir ní ṫaḃarfaiḋ sé aon ní leis nuair a ġeoḃaiḋ sé bás: ná ní leanfaiḋ a ṁórċúis dó.
18Óir ċoṁ fada agus ṁair sé, ṁeas sé é féin ina ḟear áṁar: agus ċoṁ fada agus bíonn tú mar is maiṫ leat féin, beiḋ an saol do do ṁolaḋ.
19Leanfaiḋ sé do ġlúin a ṡinsir: ní ḟeicfiḋ sé an solas ċoíċe.
20An duine a ḟaiġeann clú agus atá gan tuiscint: cuirtear i gcosúlaċt é leis na nainṁiṫe a ṫéas ar neaṁní.

Právě zvoleno:

Na Sailm 49: OC1965G

Zvýraznění

Kopírovat

Porovnat

Sdílet

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas