Na Sailm 50
50
Salm 50.
Deus deorum.
1Laḃair an Tiarna, Laḃair Dia na gcuṁaċt: agus ġlaoiġ sé ar an doṁan, ó éirí go dul faoi na gréine.
2Noċt Dia amaċ as Síón: is é an áilleaċt féin é.
3Tiocfaiḋ ár nDia, agus ní ḟanfaiḋ sé ina ṫost: raċaiḋ tine ċraos‑slogṫaċ roiṁe, tógfar mórḋoineann ġaoiṫe ina ṫimpeall
4Glaofaiḋ sé anuas ar neaṁ: agus ar talaṁ, go dtuga sé breiṫiúnas ar a ṁuintir.
5Cruinnígí le ċéile ċugam mo naoiṁ: an dream a rinne conraḋ liom le híobairt.
6Agus foilseoiḋ na ncaṁa a ḟíréantaċt: óir is é Dia féin is breiṫeaṁ.
7Éisteaḋ mo ṁuintir liom, agus laḃróiḋ mé: taḃarfaiḋ mé féin fianaise id éadan, a Iosrael; ós mé Dia, do Ḋia féin.
8Ní ḃfaiġiḋ mé loċt ort de ḃarr dʼíobarṫa: más ag tráċt ar íobarṫa loiscṫe é, bíd de ṡíor os mo ċoinne.
9Ní Ġlacfaiḋ mé bullán as do ṫeaċ: ná pocán gaḃair as do ḃanraċa.
10Óir is liom beiṫíġ uile na coille: agus is liom an t‑eallaċ ar ṁíle cnoc.
11Tá aiṫne agam ar éanlaiṫ uile na sléiḃte: tá beiṫíġ allta an ṁaċaire ar mʼaṁarc.
12Má ḃíonn ocras orm, ní duit a inseod é: ós liom an ċruinne, aʼs a ḃfuil inti.
13An measann tú go n‑íosfaiḋ mise feoil tarḃ: agus go n‑ólfadsa fuil gaḃar?
14Go mba é an buíoċas dʼofráil do Ḋia: coṁall do ṁóideanna don Té is Airde.
15Agus glaoiġ orm in am an ḃuarṫa: is aṁlaiḋ beiḋ mise do dʼéisteaċt, agus beiḋ tú do mo ṁolaḋ.
16Aċ is é deir Dia le fear an oilc: cad ċuige a mbíonn tú ag seanmóiriú mo ḋlíṫe, agus cad ċuige a nglacann tú mo ċonraḋ i do ḃéal;
17Cé gur fuaṫ leat do ċur ar ḃealaċ do leasa: agus go dtug tú droim do láiṁe do mo ḃriaṫra?
18Nuair a ċonaic tú gadaí, ċuaiġ tú i gcoṁar leis: agus ḃí tú páirteaċ le luċt an aḋaltranais.
19Ligteá do do ḃéal an t‑olc a rá: agus ċuireaḋ do ṫeanga na bréaga in iúl.
20Ḃíteá i do ṡuí, agus laḃartá in aġaiḋ do ḋearṫár: sea, agus ḋéantá iṫiomrá ar ṁac do ṁáṫar.
21Rinne tú aṁlaiḋ, agus dʼḟan mise i mo ṫost, agus ṫug an urċóid ort a smaoineaṁ, naċ ḃfuil ionamsa aċ do leiṫéid eile: aċ taḃarfaiḋ mise aċasán duit, agus noċtfaiḋ mé duit a ḃfuil déanta agat.
22Dearcaigí air seo, a luċt dearmadta Dé: ar eagla go gcuirfinn den saol siḃ, agus gan an té ann a ḟuasclóḋ siḃ.
23An té a ṫugann buíoċas agus molaḋ dom, is é a ḋéanann mʼonórú: agus an té a ċaiṫeas a ṡaol mar is ceart, taispeánfaiḋ mé slánú Dé dó.
Právě zvoleno:
Na Sailm 50: OC1965G
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965